390 cás eile den Covid-19 fógartha, 27 duine básaithe i mí Mheán Fómhair

Thug Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, eolas tráthnóna faoi chás duine amháin a bhí mar chúis le ráig 56 cás

390 cás eile den Covid-19 fógartha, 27 duine básaithe i mí Mheán Fómhair

Tá 390 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

Bhain 22 de na cásanna nua a fógraíodh tráthnóna le Dún na nGall, bhain 21 ceann le Gaillimh agus 21 cás a bhí i gCorcaigh. Bhí seacht gás i bPort Láirge agus bhí cúig cinn i gcontae na Mí. 209 den 390 cás a bhain le Baile Átha Cliath.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn go raibh cúrsaí ag dul in olcas “an-tapa” i gcontaetha amhail an Ghaillimh, Corcaigh, Muineachán agus Ros Comáin.

De réir na bhfigiúirí is déanaí 27 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo i mí Mheán Fómhair, líon níos mó daoine ná mar a fuair bás i mí Iúil agus mí Lúnasa in éineacht.

Bhí ceathrar de na daoine faoi bhun 55 bliain d’aois agus ceathrar eile a bhí idir 55-64 bliain d’aois.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag cur as do 20 den 27 duine a bhásaigh an mhí seo.

Thug Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, eolas chomh maith tráthnóna faoi chás duine amháin a bhí mar chúis le ráig 56 cás. Dúirt sé gur bhuail an té a bhí i gceist le roinnt cairde dá chuid in ainneoin go raibh sé tinn mar gur mheas sé nach raibh na comharthaí sóirt chomh láidir sin.

Thug an Dr Glynn le fios chomh maith gur bhain 70 cás de na cásanna a bhí i gCorcaigh le roinnt seachtainí anuas le tithe tábhairne agus bialanna.

Maidir le cásanna eile an lae inniu, bhí 14 cás i gCill Dara agus bhí 14 eile i Muineachán. Seacht gcás a bhí i Ros Comáin, i dTiobraid Árann agus i Loch Garman. Sé chás a bhí i Luimneach agus i gcontae Longfoirt agus bhí cúig chás i Sligeach agus in Uíbh Fhailí.

220 cás nua den ghalar a deimhníodh sa Tuaisceart le lá anuas agus ní raibh aon bhás eile de dheasca an víris le fógairt ach oiread ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

1,513 cás den ghalar a cuireadh ar an taifead sa Tuaisceart le seachtain anuas.

46,326 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 35,377  cás ó dheas den teorainn agus 10,949 cás ó thuaidh di.

2,380 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,802 duine ó dheas agus 578 ó thuaidh.

Idir an dá linn, fógraíodh inniu go bhfuil deireadh á chur ag Bus Éireann lena seirbhísí bus idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Baile Átha Cliath agus Luimneach agus Baile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht gur dócha go gcuirfear deireadh leis na seirbhísí luath an bhliain seo chugainn. Tá seirbhís Bus Éireann idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste le cur ar fionraí i gceann cúpla mí.

Na dúshláin a bhain leis an bpaindéim agus easpa maoiniú éigeandála ba chúis leis an gcinneadh, a dúradh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí bhain an ceathrú cuid de na cásanna nua den Covid-19 a deimhníodh le coicís anuas le daoine idir 15-24 bliain d’aois. De réir na bhfigiúirí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (an HPSC), is i nDún na nGall atá an ráta is airde den ghalar i gcónaí.

Le coicís anuas bhí an galar ar 185.3 duine in aghaidh gach 100,000 i nDún na nGall.

Trasna na teorann, 235 cás dearfach a bhí i gceist in aghaidh gach 100,000 i nDoire agus sa Srath Bán, ráta atá dhá oiread níos airde ná an meán sa Tuaisceart.

Baile Átha Cliath an dara contae is measa atá buailte ó dheas agus ráta 152.9 atá ann.

Ina dhiaidh sin tá contae Lú (104) agus Muineachán (92.9).

De réir na bhfigiúirí nua, a bhaineann leis an tréimhse idir an 13-26 Meán Fómhair, deimhníodh 4,022 cás ó dheas agus 32 an aois mheánach a bhí i gceist leis na cásanna sin.

Bhain 114 de na cásanna sin le páistí idir 0 agus ceithre bliana d’aois agus bhain 325 acu le páistí idir 5 agus 14 bliain d’aois.

894 a bhí san aoisghrúpa 15-24 bliain d’aois. 708 cás a bhí ann i measc daoine idir 25-34 bliain d’aois, 576 cás a bhí i gceist san aoisghrúpa 35-44 agus daoine idir 45-54 a bhí i gceist le 552 cás.

375 cás a deimhníodh i measc daoine idir 55-64 bliain d’aois, 236 cás a bhain le daoine idir 65-74 agus bhain 106 cás le daoine idir 75-84. Bhain 44 cás le daoine 85 bliain d’aois nó os a chionn.

De réir an eolais is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, 81.7 in aghaidh gach 100,000  duine an meánráta den ghalar in Éirinn.

99.7 an ráta sa Ríocht Aontaithe, de réir an ECDC, 319.9 atá sa Spáinn, an tír is measa san Eoraip atá buailte agus 235 atá sa Fhrainc.

Idir an dá linn 108 othar a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil ó dheas aréir agus bhí 17 acusan in aonad dianchúraim. Tá 51 duine a bhfuil an víreas orthu in ospidéil an Tuaiscirt agus seisear acu in ICU.

Fág freagra ar '390 cás eile den Covid-19 fógartha, 27 duine básaithe i mí Mheán Fómhair'

  • Treasa Ní Niocláis

    Ní haon ionadh go bhfuil líon na gcásanna ag dul in airde go pras.
    Tá cúrsaí ag dul in olcas anseo i gCiarraí.
    Bhí cúpla teach tabhairne i dTrá Lí plódaithe oíche Dé Sathairn.

    Uínéirí na dtithe tabhairne ag sárú an dlí agus ag cur comhairle ar chustaiméirí cad ba chóir a dhéanamh dá dtiocfadh Gardaí isteach.