Creideann 38% de mhuintir Phoblacht na hÉireann go mbeidh níos mó saoránach ag labhairt na Polainnise sa bhliain 2025 ná mar a bheidh ag labhairt na Gaeilge, de réir an tsuirbhé The Future of Ireland a rinne OMD Ireland i gcomhpháirt le Banc Uladh.
Ach creideann an céatadán céanna daoine nach amhlaidh a bheidh cúrsaí teanga na tíre. Níor léirigh an 24% eile den 1,000 duine a ndearnadh suirbhé orthu aon tuairim bealach amháin ná bealach eile ar an gceist.
Rinneadh an suirbhé le léargas a fháil ar an saol in Éirinn ‘trí shúile na saoránach’ agus muid ag druidim le comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca.
D’aontaigh 34% leis an tuairim gur beag difríocht a atá ann idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh sa bhliain 2015. D’easaontaigh 38%, áfach, leis an ráiteas céanna.
Ní cheap ach 10% de rannpháirtithe an tsuirbhé go mbeadh Éire Aontaithe ann faoin mbliain 2025, ach dúirt beagnach 50% go mbeidís sásta dá dtarlódh a leithéid. Ní thagann na figiúirí sin le suirbhé a rinne RTÉ agus BBC níos túisce an mhí seo inar tugadh le fios nach mbeadh ach 36% ag iarraidh go mbeadh an tír aontaithe sna blianta beaga romhainn.
Thug 69% le fios go dtabharfaidís ‘Éireannach’ orthu féin sula dtabharfaidís ‘Eorpach’ orthu féin, agus cé gur mó daoine aosta a bhfuil féiniúlacht láidir Éireannach acu, dúirt formhór na ndaoine óga gur Éireannaigh iad thar Eorpaigh.
Bhraith 41% de dhaoine faoi bhun 25 bliain d’aois go bhfuil an fhéiniúlacht Éireannach, mar fhéiniúlacht ar leith, ag dul in éag cé go ndúirt 43% nach dtiocfadh aon athrú as seo go ceann deich mbliana ar an tuiscint atá ann ar céard is ‘Éireannachas’.
Bhí 30% de dhaoine fásta ag súil le bheith ina gcónaí thar lear ar feadh bliana ar a laghad le linn na ndeich mbliana atá amach romhainn agus 29% ag súil le bheith ag obair thar lear. Bhí níos mó ná aon trian ag súil le teanga eile a fhoghlaim faoin mbliain 2025. Bhí 25% de dhaoine fásta ag súil go n-aistreoidh siad go háit éigin eile in Éirinn.
Mar sin féin, b’fhearr le 57% den phobal iomlán a bheith ina gcónaí in Éirinn thar áit ar bith eile ar domhan.
Seán
Tá’s ag madraí an bhaile go bhfuil i bhfad Éireann níos mó cainteoirí Polainnise ná cainteoirí Gaeilge. Teanga eile ná faigheann aon chothú puinn, á creimeadh ag an stát.