37 cás nua den choróinvíreas ó thuaidh agus 1,538 cás ar fad in Éirinn

San Eoraip atá croílár na heipidéime i gcónaí agus is mó daoine atá curtha den saol ag Covid-19 sa Spáinn ná sa tSín faoin tráth seo

37 cás nua den choróinvíreas ó thuaidh agus 1,538 cás ar fad in Éirinn

Magdalene Mitchell, an duine is déanaí le Covid-19 a fuair bás ó thuaidh

Tá 37 cás eile de Covid-19 deimhnithe sa Tuaisceart, mar a bhfuil 209 cás ar fad anois.

1,538 cás atá deimhnithe anois in Éirinn agus ó dheas den teorainn atá 1,329 de na cásanna sin.

Tá sé deimhnithe chomh maith ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil seachtar a raibh Covid-19 orthu anois básaithe. Fágann sin gur ceathrar déag atá básaithe go dtí seo in Éirinn, seachtar ó thuaidh den teorainn agus seachtar ó dheas di.

Magdalene Mitchell, bean 80 bliain d’aois as an Tuaisceart a bhí buailte ag Covid-19, an duine is déanaí le Covid-19 a fuair bás ó thuaidh. Dúirt a gariníon leis an BBC go raibh cion ag cách ar a seanmháthair. Bhí Magdalene Mitchell ina cónaí i dteach altranais agus buaileadh tinn í cúig lá ó shin.

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann níos túisce inniu go gcuirfeadh sé fáilte fiú roimh airm na hÉireann sa chás go mbeidís ag teastáil chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Idir an dá linn, tá Plean Domhanda um Chúnamh Daonnúil seolta ag na Náisiúin Aontaithe, i gcomhar le WHO agus UNICEF, chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair sna tíortha is leochailí ar domhan.

“Ní aithníonn an víreas seo aon teorainn, agus tá neart an uile thír ag brath ar neart an chórais sláinte is laige atá ann,” arsa Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceann feadhain an WHO.

“Is as an gcuidiú a thugamar do na daoine is boichte sa domhan agus iad ar anchaoi a thabharfar breith orainn amach anseo. Oibrímis as lámha a chéile, anois díreach,” ar sé.

San Eoraip atá croílár na heipidéime i gcónaí.

Is mó daoine atá curtha den saol ag Covid-19 sa Spáinn ná sa tSín faoin tráth seo. Inné an lá ba mheasa fós sa Spáinn agus fógraíodh inniu gur bhásaigh 738 duine a raibh an galar tolgtha acu le lá anuas. Bhí ardú 20% go dtí 47,610 duine ar an líon a raibh sé deimhnithe go raibh an aicíd tolgtha acu.

Tá 3,434 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn anois, 149 duine níos mó ná a bhásaigh sa tSín ón ngalar. An Iodáil is measa atá buailte agus tá 6,820 duine básaithe ansin de bharr an ghalair go dtí seo.

Tá an ráig den choróinvíreas ag gabháil in olcas ar fud na Stát Aontaithe agus é scaipthe amach go rábach as na háiteanna ba mheasa a bhí buailte go dtí seo – Nua-Eabhrac, California agus stát Washington. Tá Louisiana agus Iowa fógartha mar láithreacha éigeandála feidearálacha anois.

D’fhógair an Teach Bán agus ceannairí an dá mhórpháirtí sa Seanad go raibh bille éigeandála á rith chun $2 trilliún a chur ar fáil le cuidiú a thabhairt do ghnóthaí, d’oibrithe agus don chóras sláinte agus iad ag iarraidh déileáil le paindéim an choróinvíris.

Tá dianghlasáil curtha i bhfeidhm ar 1.3 billiún duine san India agus an aicíd ag leathadh go tréan ansin. 

I dtuairisc ón Imperial College in Ollscoil Londan, maítear go bhfuil chuile chosúlacht ar chúrsaí gur oibrigh an dianghlasáil agus an scoitheadh sóisialta a chuir rialtas na Síne i bhfeidhm go docht in Wuhan agus i gcúigí eile le scaipeadh an choróinvíris a chur faoi chois.

D’fhéadfadh gur bealach a bheadh sa gcur chuige sin leis an saol a chur ina cheart arís, a dúradh.

Dúirt an tOllamh Niall Ferguson, ceann foirne an taighde san ollscoil sin go raibh “údar dóchais éigin” ina gcuid anailíse féin do na tíortha eile ar fad atá ag déileáil leis an bpaindéim faoi láthair. Dúirt sé go bhféadfaí an scoitheadh sóisialta a mhaolú nuair a bheadh líon na gcásanna íslithe.

Ach chaithfí bearta eile a thabhairt isteach ansin ionas nach dtiocfadh borradh an athuair faoi ionfhabhtuithe.

Dúirt Ferguson chomh maith má bhí fúinn an dianghlasaíl a mhaolú go gcaithfí “tástálacha a dhéanamh go gasta agus go seasta agus na polasaithe maidir leis an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm go docht ar othair agus ar a lucht teagmhála”.

Tá sé deimhnithe ag teaghlach ríoga Shasana go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag mac na Banríona, Prionsa Séarlas Shasana ach nach bhfuil sé buailte go dona agus go bhfuil sé “i ndea-shláinte’ thairis sin. Níl Séarlas ag coinneáil na leapa agus tá sé ag leanúint air lena chuid oibre, a dúradh. Measann dochtúirí nach mbeadh aon duine in ann an galar a thógáil uaidh roimh an 13 Márta agus an lá roimhe sin a bhí sé i gcuideachta a mháthar go deireanach.

Fág freagra ar '37 cás nua den choróinvíreas ó thuaidh agus 1,538 cás ar fad in Éirinn'