36 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go bhféadfadh go mbuailfeadh an galar idir 50-60% den phobal

36 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn

Tá trí chás nua den ghalar Covid-19 deimnithe in Éirinn agus 36 cás ar fad anois ann, 24 cás ó dheas agus 12 cás ó thuaidh den teorainn.

Bhí gartheagmháil le duine de na hothair eile atá buailte ag Covid-19 ag an triúr is déanaí a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don ghalar. Bean i ndeisceart na tíre, bean in iarthar agus bean eile i ndeisceart na tíre ar oibrí sláinte atá i gceist sna trí chás nua.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfanfadh an tír ag céim shrianta an choróinvíris in Éirinn chomh fada agus ab fhéidir, ach gur dócha go mbeifí ag bogadh go dtí céim an mhoillithe agus céim an mhaolaithe sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go bhféadfadh go mbuailfeadh an galar idir 50-60% den phobal sa tír seo.

Dá mba é an cás is measa ar fad a tharlódh, bheadh an ráig difriúil ó aon rud eile a tharla in Éirinn le cuimhne na ndaoine, a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach go gcaithfí déileáil leis an víreas chomh maith agus ab fhéidir ach gur chás neamhghnách ar fad a bheadh ann agus fiú dá mbeadh an tseirbhís sláinte a dhá oiread níos mó fós féin go mbeadh sé deacair dul i ngleic leis.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceann feadhna an WHO, go raibh ‘baol soiléir’ ann go mbeidh Covid-19 ina phaindéim ach nach raibh an domhan faoi “bhos an chait” ag an gcoróinvíreas.

“Agus greim anois ag an víreas san oiread sin tíortha, tá baol an-soiléir paindéime ann. Ach bheadh sí ar an gcéad phaindéim go bhféadfaí í a smachtú. Is é bun agus barr an scéil ná nach bhfuilimid faoi bhos an chait ag an víreas.”

Dúirt ceannasaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte tráthnóna go bhféadfaí scaipeadh an ghalair Covid-19 a mhoilliú ach gníomh láidir a dhéanamh go luath.

Dúirt sé go dtagann formhór na ndaoine a bhíonn buailte ag an ngalar slán as agus go raibh téarnamh déanta ag 70% acu siúd a tholg an galar sa tSín.

Dúirt sé chomh maith gur údar misnigh a bhí ann gur bhain 93% de na cásanna den ghalar le ceithre thír ar leith agus nach raibh an galar á scaipeadh go tréan laistigh den phobal ach i roinnt bheag tíortha.

Bhí ag éirí leis an tSín a ráig den ghalar ansin a smachtú agus bhí laghdú chomh maith ar líon na gcásanna nua sa Chóiré Theas.

“Bíodh sé ina phaindéim nó ná bíodh, is é an rud is tábhachtaí ná gan géilleadh go deo,” arsa Tedros Adhanom Ghebreyesus, a mhol na beartais láidre atá curtha i bhfeidhm ag an Iodáil chun dul i ngleic leis an víreas.

“Bíodh an dóchas ina leigheas ar an eagla. Bíodh an cur le chéile ina leigheas ar an milleánú,” arsa ceannasaí an WHO.

Idir an dá linn, fógraíodh tráthnóna go bhfuil paráid na féile Pádraig i mBaile Átha Cliath curtha ar ceal mar gheall ar an víreas.

Ag cruinniú den fhochoiste rialtais a bunaíodh chun plé leis an ngalar Covid-19 a glacadh an cinneadh an pharáid a chur ar ceal.

D’fhógair Comhairle Contae Chorcaí níos túisce tráthnóna go raibh an pharáid sa chathair sin á cur ar ceal agus tá an cás amhlaidh maidir le gach paráid sa tír anois.

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna gur chinn an Rialtas €3 bhilliún a chur ar leataobh chun déileáil leis an lorg a d’fhéadfadh an galar a fhágáil ar an tsláinte phoiblí agus ar an eacnamaíocht.

San áireamh ansin bheadh airgead chun €305 sa tseachtain a íoc láithreach i bpá breoiteachta le daoine a bheadh buailte ag an ngalar agus a mbeadh orthu fanacht ón obair.

Tá an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc i gcraobh na Sé Náisiún curtha ar athlá inniu chomh maith.

Bhí an cluiche beartaithe don Stade de France i bPáras Dé Sathairn seo chugainn.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris  go bhfuil seans ann go leanfaidh Éire patrún na ráigeanna den choróinvíreas i dtíortha eile san Eoraip amhail an Iodáil, an Fhrainc agus an Ghearmáin.

Tá 33 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 21 ceann ó dheas agus 12 ó thuaidh den teorainn.

Idir measartha agus mór atá an baol go mbuailfidh  an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn, a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar Morning Ireland.

Tháinig ráiteas an Aire sna sála ar an scéal nach bhféadfadh an HSE easaontú leis an áiteamh go mbuailfeadh an galar 1.9 milliún duine ó dheas. Dúirt an HSE áfach nach raibh an obair maidir le tuar a dhéanamh faoina leithéid críochnaithe go fóill.

Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth, ní foláir do dhuine a bheith ceathrú uaire i ngartheagmháil le duine a bhfuil an galar orthu, is é sin i ngiorracht 1-2 méadar dó, chun go mbeadh sé nó sí i mbaol a tholgtha.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Eagraíocht Sláinte Dhomhanda is ráta báis 3.4% atá i gceist leis an víreas ach d’fhéadfadh go mbeadh an céatadán sin níos lú ag brath ar líon na gcásanna nach bhfuiltear ar an eolas fúthu.

Breis is 110,000 cás den ghalar atá deimhnithe ar fud an domhain go n-uige seo agus fuair breis is 3,800 bás dá bharr. Tá téarnamh déanta ag 62,100 duine a raibh an galar orthu.

Tá cruinniú inniu ag an bhfochoiste de chuid an Rialtais a bunaíodh chun plé leis an ngalar agus pléifear, i measc rudaí eile, ceist na n-ollchruinnithe agus na n-ócáidí móra poiblí agus ar cheart iad a chosc.

Tá 16 milliún duine curtha i gcoraintín san Iodáil agus na húdaráis ag iarraidh dul i ngleic le scaipeadh an ghalair sa tír sin mar a bhfuil breis is 366 duine básaithe dá bharr. Tháinig ardú 57% in aon lá amháin ag an deireadh seachtaine ar líon na ndaoine ar thug Covid-19 a mbás san Iodáil.

Tá an titim is mó ón ngéarchéim eacnamaíochta in 2008 tarlaithe sna stocmhargaí i Stáite Aontaithe Mheiriceá, san Áise agus ar fud na hEorpa agus cogadh ola na hAraibe Sádaí sa mhullach ar an imní faoi Covid-19.

Fág freagra ar '36 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn'