35 post nua i gcomhlacht táirgí leighis ar an Spidéal

Infheistíocht €3.5 milliún le déanamh ag Proxy Biomedical Ltd sa ghnó atá acu ar an Spideál i gConamara

Proxy-Building

Tá sé fógartha ag an gcomhlacht Proxy Biomedical Ltd go bhfuil sé i gceist acu infheistíocht €3.5 milliún a dhéanamh sa ghnó táirgí leighis atá acu ar an Spideál i gConamara agus go bhfuil 35 post nua á gcruthú acu dá bharr.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne TD, gur “dea-scéala don cheantar” a bhí i bhfógra an chomhlachta go mbeadh 35 post nua á gcur ar fáil acu sa dá bhliain amach romhainn. 75 duine a bheidh ag obair ag Proxy Biomedical Ltd ar an Spidéal nuair a bheidh an fhorbairt curtha i gcrích acu.

Dúirt Peter Mulrooney, Príomhfheidhmeananch Proxy Biomedical, go dtacódh an fhorbairt nua le “fás leanúnach” an chomhlachta.

Chuir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh an scéal chomh maith agus dúirt sé go raibh “lúcháir” ar an eagraíocht “tacú leis an chéad chéim eile de phlean forbartha Proxy Biomedical” agus leis na postanna a chruthófaí.

Tá folúntais ag Proxy Biomedical faoi láthair i réimse na hinnealtóireacht déantúsaíochta, i réimse na hinnealtóireacht bithábhair, i réimse na táirgiúlachta agus i roinnt réimsí eile.

 

 

Fág freagra ar '35 post nua i gcomhlacht táirgí leighis ar an Spidéal'

  • Fearn

    Níor luaigh tú mar a tá pobal na hÉireann / Údarás na Gaeltachta,ag “tacú leis an chéad chéim eile de phlean forbartha Proxy Biomedical” agus leis na postanna a chruthófaí.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá háit a bhfuil na folúntais seo a fhógairt agus an bhfuil Gaeilge riachtanach le post a thógáil sa Ghaeltacht – is cuma cén cinéal post é?