29 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 776 cás nua fógartha

Tá rabhadh tugtha ag an Dr Ronan Glynn do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí gan cruinniú ag geataí scoile nuair a fhillfidh daltaí ar scoil an tseachtain seo chugainn

29 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 776 cás nua fógartha

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 29 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 17 de na daoine sin agus bhásaigh 12 duine acu an mhí seo caite.

776 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

574 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 136 acusan in ICU.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 238,841 duine agus an dara dáileog faighte ag 134,439 duine.

Bhain 69 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 57 a bhain le contae na Mí agus 48 a bhain le Dún na nGall.

20 cás a bhí i Maigh Eo, 20 cás eile a bhí i gCorcaigh agus naoi gcás a bhí i bPort Láirge. Bhí níos lú ná cúig chás le fógairt i gCiarraí.

Thit an meánráta coicíse sa stát go dtí 223 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an dara ráta is airde sa stát i nGaillimh (328) go fóill. Is i gCiarraí atá an ráta is ísle sa stát (35) agus tá an dara ráta is ísle i gCorcaigh (69).

Ráta 253 atá i Maigh Eo, 244 atá i bPort Láirge, 241 atá i gcontae na Mí agus 187 atá i nDún na nGall.

Agus ranganna áirithe ag filleadh ar scoileanna an tseachtain seo chugainn. Tá litir scríofa ag an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, chuig tuismitheoirí agus caomhnóirí ina luann sé an imní atá ag NPHET go mbeadh an iomarca den chruinniú i gceann a chéile ag tarlú mar go gceapfaí “gurb inghlactha anois cineálacha eile measctha agus soghluaisteachta idir teaghlaigh”.

“Ní hacmhainn dúinn é sin a dhéanamh an babhta seo,” a deir an Dr Glynn. 

“Beag beann ar an dul chun cinn a rinneamar, bíonn COVID-19 fós á leathadh go mór sa phobal. Ní mór dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh ar bhonn aonair agus ar bhonn comhchoiteann araon chun a chinntiú go dtiocfaidh an méadú is lú is féidir ar an uimhir atáirgthe de bharr athoscailt na scoileanna.”

D’iarr an Dr Glynn ar dhaoine gan “cruinniú ag geataí scoile sna seachtainí atá le teacht” agus “gan aon choinní súgartha” ná “gníomhaíochtaí iarscoile” a eagrú. 

D’iarr sé ar dhaoine leanacht orthu “ag obair ón mbaile, ach amháin i gcás go bhfuil sé riachtanach go n-oibreofá áit éigin eile”.

“Tá a fhios agam gur iarratais dheacra iad sin. Táimid go léir – aosaigh agus leanaí araon – ag iarraidh teacht le chéile lenár gcuid cairde agus comharsan arís agus filleadh ar an ngnáthshaol. Agus tarlóidh sé sin,” a deir an Dr Glynn.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 241 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 335 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 36 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 505,088 duine ó thuaidh agus an dara ceann faighte ag 31,898.

6,350 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,050 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,300 duine ó dheas di.

330,424 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 218,251 cás ó dheas den teorainn agus 112,173 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '29 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 776 cás nua fógartha'