‘Bhí duine cosúil le Catherine Connolly, a bhfuil ardmheas aici ar an Ghaeilge, de dhíth sa tír’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2025 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Dónall Mac Ruairí, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuigh Gradam Pearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2025

‘Bhí duine cosúil le Catherine Connolly, a bhfuil ardmheas aici ar an Ghaeilge, de dhíth sa tír’

Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2025?

An rud is mó a sheasann amach dom ná an turas a rinne Dún na nGall go Craobh na hÉireann arís i mbliana. Ar an drochuair níl sé cosúil le 1992 ná 2012, agus theip orainn ag an staid dheireanach arís i mbliana. Thug foireann Dhún na nGall bliain iontach dúinn i mbliana ach dar ndóigh bhí Ciarraí róláidir. Tá mé ag súil go mór le 2026, mar ní bheadh a fhios agat…

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2025?

An scéal is mó a chuir áthas orm i mbliana ná nuair a toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann. Sílim go bhfuil sí cumasach, ildánach, ach b’fhéidir thar rud ar bith eile, go bhfuil sí iontach báúil leis an Ghaeilge. Tá mé ag déanamh san aois ina bhfuil muid go bhfuil cosúil léi, duine a bhfuil ardmheas aici ar an Ghaeilge, de dhíth sa tír. Tá mé ag súil go mór go gcuideoidh sí linn an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh sa Stát arís.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2025?

An scéal is mó a chuir brón orm i mbliana ná scéal Daniel Aruebose, a bhí trí bliana d’aois nuair a chuaigh sé ar iarraidh. Nuair a bhí an cuardach sin ag dul ar aghaidh i mBaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana, agus muid ag éisteacht le tuairisceoirí ag tuairisciú ón láthair achan mhaidin, ní raibh mé ábalta creidbheáil go dtarlódh a leithéid in Éirinn sa lá atá inniu ann, go ndéanfadh duine ar bith dochar do pháiste beag. Caithfidh mé a rá gur scéal é a chuir isteach go millteanach orm fhéin. Bhris sé mo chroí go mór.

Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?

An turas is deise a rinne me i mbliana ná an chuairt a thug mé ar Oileán Thoraí i mí Lúnasa. Bhí sé galánta, agus bhí lá dochreidte againn. Bhí an ghrian ag scaladh anuas. Bhí béile blasta againn, chuaigh muid suas ansin go dtí an clubtheach, agus ansin shiúil muid go dtí Port a’ Dúin. Mar chomhtharlúint, bhí cairde liom a bhí amuigh ag seoltóireacht, agus sheol siad isteach go Port a’ Dúin ag an am céanna! Chuaigh mé isteach ar an bhád leo agus bhí cupán caife againn, chuaigh muid ag snámh agus shiúil mé ar ais go dtí an lóistín ansin. Bhí cúpla deoch againn ar ais sa chlubtheach níos moille, agus caithfidh mé rá go raibh sé ar cheann de na laethanta ba phléisiúrtha a chaith mé le fada. Molaim go mór daoibh, má fhaigheann sibh an deis, dul isteach go Toraigh na dtonn!

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?

Ó thaobh cláracha raidió de, cé go raibh mé i mo léiritheoir ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh na mblianta, is dócha go bhfuil mé ag fáil éisteacht iomlán eile anois air nuair nach bhfuil mé ag obair ar an chlár. Tá sé iontach deas a bheith ag éisteacht le do phobal fhéin agus an clúdach iontach go ndéanann siad ar chúrsaí reatha, ar chúrsaí cultúrtha agus ar chúrsaí spóirt agus araile.

Ó thaobh leabhair de, tá mé ag léamh leabhar dar teideal Toraigh na dTonn, a scríobh an tAthair Eoghan Ó Colm, agus tá sé speisialta, an stair shóisialta, an seanchas, an cur síos ar phobal an oileáin mar atá, agus mar a bhí i bhfad sular bhain an tAthair Ó Colm Toraigh amach. Tá an Ghaeilge atá sa leabhar, an saibhreas teanga agus na focail iontacha atá le sonrú ann speisialta ar fad.

Ó thaobh podchraoltáí de, tá mé ag baint sult mór as an bpodchraoladh Empire leis an staraí William Dalrymple agus an t-iriseoir Anita Anand. Faigheann tú léargas iontach ar an rud a rinne impireachtaí mór le rá agus an chos ar bolg a d’imir siad ar phobail eile ar fud an domhain mhóir. Tá sé déanta go hacadúil ach go héadrom ag an am céanna, agus molaim go mór é mar phodchraoladh.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?

An rud is mó a d’fhoghlaim mé i mbliana ná go dtig do chuid nósanna a athrú. Bhí mé ag léamh Atomic Habits a scríobh James Clear le gairid, leabhar atá léite ag go leor daoine. Cluineann muid an nath cainte “ná déan nós is ná bris nós go minic”, ach corruair, má tá nós olc agat is fiú é a bhriseadh. Nath cainte deas eile a d’fhoghlaim mé i mbliana ná “anáil na beatha an t-athrú”.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?

Níor éirigh! Ceann ar bith ar chor ar bith, agus tá na cinn chéanna agam agus a bhí le deich mbliana, ar a laghad. Beidh siad agam arís ar an bhliain seo chugainn arís is dócha!

*Bíonn Dónall Mac Ruairí le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Cóisir Cheoil, gach Luan – Déardaoin ó 2.30 – 5.00i.n., agus gach Aoine ag 2.30i.n. leis an gclár nua Fonn, comhléiriú idir Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio na Gàidheal, curtha i láthair ag Dónal agus Joy Dunlop, a nascann ceol agus amhráin na hÉireann agus na hAlban.

Fág freagra ar '‘Bhí duine cosúil le Catherine Connolly, a bhfuil ardmheas aici ar an Ghaeilge, de dhíth sa tír’'