Naoi leabhar déag san iomlán atá ainmnithe ar ghearrliostaí na ngradam do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge. Gabhann duaischiste €17,000 leis na trí ghradam. Sé leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.
Tá sé leabhar freisin ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, gradam do shaothar aistrithe, a bhfuil duais €1,500 don fhoilsitheoir agus €500 ar an aistritheoir ag dul leis. Seacht leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg, agus tá duaischiste €5,000 d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh sa gcás sin, €1,250 don mhaisitheoir agus €1,250 don údar.
Bhain 10 dteach foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá ainmnithe: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cork University Press; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press.
Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Leabhar Breac ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, liosta ar a bhfuil úrscéalta, cnuasaigh filíochta agus saothair neamhfhicsin, Bódléar úrscéal le Darach Ó Scolaí a phléann leis an athrú ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ón 19ú haois go dtí ár linn féin agus Fiche, úrscéal grá agus tragóide le Colm Ó Ceallacháin.
Leabhar amháin a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana seo, An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Rónán Mac Con Iomaire. Dhá leabhar atá ag an teach foilsitheoireachta Éabhlóid ar ghearrliosta Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, Rince Aeir cnuasach filíochta le Caitríona Ní Chleirchín, agus Teacht Aniar cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide.
Ar an ngearrliosta freisin tá Glór ón Sceilg, atá in eagar ag Máirín Nic Eoin agus Mary Shine Thompson agus é foilsithe ag Cork University Press. Cnuasach próis agus filíochta ó ocht gcinn de bhunleabhair Ghaeilge le Micheál Ua Ciarmhaic idir 1984 agus 2000.
Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Futa Fata ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló i mbliana, Ceol na Mara le Tadhg Mac Dhonnagáin agus na maisitheoirí Tarsila Krüse agus Úna Woods, agus Bearradh Gruaige d’Eoinín le Muireann Ní Chíobháin agus é maisithe ag Róisín Hahessy.
Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Leabhar Breac ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló i mbliana freisin. Óró le Alan Titley, úrscéal eachtraíochta do dhaoine óga, agus Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn, úrscéal comhaimseartha a phléann le cúrsaí bulaíochta agus misnigh.
Is iad na saothair eile atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, Nell agus Joe i dTeach Mhamó, le Sadhbh Rosenstock, saothar a mhaisigh Ciara Ní Dhuinn agus a d’fhoilsigh Picnic Press, agus Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe le Richie Conroy, a d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR, agus Nano agus Na Mothúcháin le Caitríona Nic Sheáin, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór.
Sé leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe, an gradam do shaothair aistrithe. Is iad na leabhair sin: Na Draoithe 1: Na hÍobairtí Oghaim le Jean-Luc Istin, Thierry Jigourel agus Jacques Lamontagne, aistrithe go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú agus foilsithe ag Dalen Éireann; Tír Bheag le Gael Faye, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Barzaz; Saraifín 1: Saraifín is a Mhórshaothar Iontach le Philippe Fix, aistrithe ag Seaghan Ó Modhráin, agus foilsithe ag Dalen Éireann; Páirc an Chrócaigh: Domhnach na Fola i mBaile Átha Cliath le Sylvain Gâche agus Richard Guérineau, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Dalen Éireann; Glórtha an Tráthnóna le Natalia Gixburg agus aistrithe ag Máire Ní Mhaoláin, foilsithe ag Éabhlóid; agus Lúcas Lúfar: An Glasach le Rene Goscinnty agus Morris (Maurice de Bevere), aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Dalen Éireann.
Fógrófar na buaiteoirí go léir ag searmanas in An Taibhdhearc ar an 30 Meán Fómhair 2025.
Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeas leis na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí ar fad atá ainmnithe agus dúirt sí gur léiriú é an t-aitheantas seo ar an ról ríthábhachtach atá ag foilsitheoirí i gcothú agus i bhforbairt earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge.
Fág freagra ar '19 leabhar ainmnithe do Ghradaim ‘Leabhair Ghaeilge na Bliana’'