1,782 cás nua den víreas fógartha, plean le foilsiú do scaoileadh na srianta deireanacha

Tá 189 duine san ospidéal agus an víreas tolgtha acu agus in aonaid dianchúraim na tíre tá 30 duine a bhfuil an Covid-19 orthu

1,782 cás nua den víreas fógartha, plean le foilsiú do scaoileadh na srianta deireanacha

Deimhníodh 1,782 cás nua den  Covid-19 sa stát inniu. Tá 189 duine san ospidéal agus an víreas tolgtha acu, sin ceathrar níos lú na a bhí sna hospidéil aige inné. In aonaid dianchúraim na tíre tá 30 duine a bhfuil an Covid-19 orthu.

Bhí 1,434 cás eile ó thuaidh den teorainn inniu agus deimhníodh gur bhásaigh ceathrar ansin a raibh an víreas tolgtha acu. Tá 226 othar a bhfuil an víreas tolgtha acu sna hospidéil agus 37 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair an Rialtas tráthnóna go bhfuil sé i gceist plean a fhoilsiú faoi dheireadh na míosa do scaoileadh na srianta Covid-19 deireanacha.

Coinneofar súil idir an dá linn ar scaipeadh an ghalair agus ar dhul chun cinn an chláir vacsaínithe agus beidh maolú agus scaoileadh na srianta ag brath ar an gcomhairle is déanaí faoin tsláinte phoiblí.

Bhí cruinniú ag fochoiste Covid an Rialtais inniu agus dúradh i ráiteas a eisíodh ina dhiaidh go raibh an líon cásanna den ghalar ard i gcónaí go háirithe i measc daoine óga agus gur 1,300 an meán thar seacht lá.

Dúradh chomh maith nárbh ionann cás i ngach contae ach go raibh an líon cásanna an-ard i gcontaetha Dhún na nGall, Gaillimh agus Lú.

Tá ag éirí go maith leis an tástáil agus bhí an mhí seo caite ar cheann de na míonna is mó a ndearnadh tástálacha – 385,000 tástáil ar fad. Tá breis is sé mhilliún tástáil déanta ó tosaíodh ag tástáil daoine don víreas.

Bhí fainic ag Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry ar maidin agus é ag meabhrú do dhaoine a thábhachtaí atá sé liosta gartheagmhálaithe a chur ar fáil má dheimhitear go bhfuil an Covid-19 ort.

Duirt an Dr Henry go raibh tuairiscí faighte aige ó lucht na sláinte poiblí go raibh daoine ann “nach gcuireann liosta dá ngartheaghmhálaithe ar fáil”. Mura bhfuil an liosta sin ag an gcóras sláinte ní féidir leo a chinntiú go bhfaighidh daoine tástáil déanta agus nach mbeidh siad ag scaipeadh an Covid-19 sa bpobal.

D’admhaigh sé go mbeadh doicheall air féin freastal ar ócáid lasmuigh faoin spéir féin tosic “go bhfuil an Delta I bhfad níos tógálaí” agus go bhféadfadh ócáid a bheith ina “mórscaiptheoir”, fiú agus daoine i gcomhluadar a chéile taobh amuigh.

Comhairle an Dr Henry don deireadh seachtaine “bí cúramach agus beag beann ar na rialacháin, beag beann ar aon athrú ar an bpolasaí, seachain aon chruinniú a d’fhéadfadh an víreas an-tógálach seo a scaipeadh”.

Fág freagra ar '1,782 cás nua den víreas fógartha, plean le foilsiú do scaoileadh na srianta deireanacha'