Deontas múineadh trí Ghaeilge ‘á cheilt’ ar fhormhór scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Dúradh sa Dáil inné go raibh liúntas €103 in aghaidh an dalta á shéanadh ar 41 iarbhunscoil Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge

Deontas múineadh trí Ghaeilge ‘á cheilt’ ar fhormhór scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Níl liúntas múineadh trí Ghaeilge ar fiú €103 in aghaidh an dalta é á íoc le formhór scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dar leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil éagóir mhór á déanamh ar scoileanna Gaeltachta nach bhfuil ag fáil an maoiniú céanna le scoileanna lán-Ghaeilge eile, cuid acu atá lonnaithe “in áiteanna rachmasacha”.

Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna inné, thug Ó Cuív le fios nach raibh an deontas múineadh trí Ghaeilge á fháil ach ag 20 ceann den 71 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sa tír.

Scoileanna atá faoi scáth bhoird oideachais agus oiliúna iad 41 de na scoileanna nach bhfuil ag fáil an liúntas €103 in aghaidh an dalta agus scoileanna cuimsitheacha nó pobail iad an cúig cinn eile. Ar na hoileáin Ghaeltachta atá cúig cinn de na scoileanna, a mhaíonn Ó Cuív éagóir a bheith á déanamh orthu.

“Dhéanfadh an €103 in aghaidh an chloiginn an-difríocht dóibh. Cén fáth a bhfuil an ceart seo á shéanadh ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge atá faoi chúram na mbord oideachais agus oiliúna nó atá feidhmiú mar phobalscoileanna nó scoileanna cuimsitheacha,” a d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil den Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gurb é “bun agus barr an scéil” ná go bhfuil “míchothromaíocht” i gceist leis an gcóras liúntais.

“Is ceist thar a bheith simplí í seo. An féidir leanúint ar aghaidh leis an míchothromaíocht seo agus gan cothrom na Féinne a thabhairt do gach uile scoile, beag beann ar cé atá i gceannas na scoileanna sin?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly den Aire McHugh.

Dúirt an tAire Oideachais go mbíonn “socruithe éagsúla bainistíochta agus úinéireachta” ag an dara leibhéal. Dúirt sé go bhfaigheann meánscoileanna deonacha deontais chaipitíochta ach go bhfaigheann na hiarbhunscoileanna eile deontas bliantúil as ciste na Roinne.

Dúirt McHugh go raibh cead ag na boird oideachais agus oiliúna an maoiniú sin a roinnt ar na scoileanna a thagann faoina scáth de réir mar ba mhian leo.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh a leithéid de fhreagra “glic, seachantach agus bréagach”.

“Ag deireadh an lae –díríodh muid isteach ar fhírinne an scéil seo – tugann an tAire €103 níos mó do scoileanna deonacha atá ag múineadh trí Ghaeilge ná mar a thugann sé do phobalscoileanna, scoileanna cuimsitheacha agus ETBs. Más é an rud é go bhfuil dáileadh lárnach á dhéanamh, cén fáth nach n-íoctar é seo do na scoileanna cuimsitheacha agus do na pobalscoileanna? Sin rud eile a seachnaíodh sa bhfreagra. Chosnódh sé €1 milliún sa bhliain,” arsa Éamon Ó Cuív.

Cé gur shéan an tAire McHugh go raibh aon éagothromaíocht i gceist, dúirt sé go bhfeacfadh sé ar an gceist aimsir an bhuiséid má bhíonn an Rialtas fós i gcumhacht.

Mhol Ó Cuív an cur chuige sin.

“Ba chóir don Aire é a chur ar an liosta siopadóireachta. Is airgead an-bheag é i gcomhthéacs an €10 billiún atá aige,” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Fág freagra ar 'Deontas múineadh trí Ghaeilge ‘á cheilt’ ar fhormhór scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta'