12 moladh do chlár rialtais a dhéanfadh leas na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá roinnt moltaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ar mhaith le tráchtaire amháin iad a bheith i gclár an rialtais nua

12 moladh do chlár rialtais a dhéanfadh leas na Gaeilge agus na Gaeltachta

Bhí neart cainte faoi cheist na Gaeilge sna meáin nuair a bhí cainteanna idir na páirtithe ar bun ó thuaidh maidir le feidhmeannas Stormont a athbhunú.

Ar an dtaobh ó dheas den teorann tá cainteanna ar bun le roinnt seachtainí idir Fianna Fáil, Fine Gael agus An Comhaontas Glas ach ní bhíonn tagairt ar bith sna meáin Bhéarla do cheist na Gaeltachta/Gaeilge beag ná mór.

Tuairiscíodh in alt le Méabh Ní Thuathaláin coicís ó shin ar Tuairisc.ie ‘nach raibh mórán d’easaontú idir na páirtithe’ nuair a pléadh cás na Gaeilge.  Ní comhartha maith é sin ach comhartha go mbeadh na trí pháirtí sásta leanacht ar aghaidh le polasaithe atá easnamhach agus nach bhfuil ag obair, im thuairimse.

Ní raibh aon tagairt beag ná mór don Ghaeltacht sa doiciméad a eisíodh tar éis d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael teacht ar chomhthuiscint i bprionsabal faoi dul i gcomhrialtas le chéile agus ní raibh an Ghaeltacht luaite ach an oiread sna pointí/ceisteanna a d’ardaigh an Comhaontas Glas leis an dá pháirtí mór ag éirí sa doiciméad FF/FG. Is ait liom é sin.

Tá an chontúirt ann go bhfuil na trí pháirtí ar aon intinn faoin gceist agus sásta leanacht ar aghaidh ag tacú leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cé gur chlis ar an straitéis chéanna go tubaisteach sna chéad chúig bliana, mar a léiríodh go soiléir nuair a foilsíodh na torthaí ón Daonáireamh a tógadh in 2016.

Catherine Martin

Le bheith féaráilte do na daoine atá i mbun cainte, tá spéis léirithe ag cuid acu go poiblí i gceist na Gaeltachta/Gaeilge. Nuair a toghadh ar dtús chun na Dála í, dúirt Leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, an Teachta Catherine Martin, in 2016 gur ceist phráinneach atá i  meath na Gaeltachta agus go bhfuil “géarghá le haghaidh plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille.”

Ba dheas a cheapadh go bhfuil ‘plean éigeandála tarrthála’ á éileamh ag an gComhaontas Glas faoi láthair, ach mura bhfuil ‘mórán d’easaontú ann’ drochsheans go bhfuil.

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg níos mó airgid a chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ach tuigeann gach polaiteoir go bhfuil go leor airgid á chaitheamh amú ar an nGaeilge faoi láthair, le haistriúcháin gan dealramh ar cháipéisí oifigiúla nach bhfuil aon éileamh orthu ach ó dhornán beag cancrán.

Maidir leis an nGaeltacht/Gaeilge, tá dosaen de mholtaí ar mhaith liom a bheith sa gclár rialtais, moltaí a dhéanfadh difríocht, im thuairimse, don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeilge ar fud na tíre chomh maith. 

1. Go gceapfaí triúr coimisinéirí le teorainneacha na Gaeltachta a leagan amach, bunaithe ar chritéir teangeolaíochta sa gcaoi is go gciallódh stádas Gaeltachta ag pobal ar bith go bhfuil an Ghaeilge in úsáid dáiríre mar ghnáth-theanga i measc an phobail. Tá 15,000 duine in eastáit tithíochta i gcathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht, ní ar bhonn teanga ach ar bhonn tíreolaíochta, rud a fhágann go bhfuil teorainneacha na Gaeltachta bréagach amach is amach. 

2. Athbhreithniú a dhéanamh ar an nós doiciméid oifigiúla a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú, ar mhaithe le hairgead a spáráil. De bharr Alt 10 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá ‘dualgas’ leagtha ar 600+ comhlacht poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla. Is airgead amú an caiteachas stáit seo, don chuid is mó. Ar an meán, dá gcaithfeadh gach comhlacht €2,000 (meastachán íseal, déarfainn) gach bliain ag aistriú na dtuarascálacha bliantúla, na gcuntas airgeadais agus doiciméid eile ina ‘leagtar amach tograí beartais phoiblí’, b’ionann sin agus €1.2 milliún in aghaidh na bliana d’airgead stáit caite i mbealach sách seafóideach, ag cur cáipéisí ar fáil i nGaeilge nach léitear.

3. An t-airgead a shábhálfaí don stát trí ghearradh siar go mór ar aistriúchán gan réasún, b’fhiú é a chaitheamh ar nuachtán clóite a chur ar fáil go seachtainiúil. Is maith ann é Tuairisc.ie ach chuirfeadh sé le léamh na Gaeilge go mbeadh nuachtán clóite i nGaeilge ar fáil chomh maith. 

4. Acht na Gaeltachta 2012 a leasú, sa gcaoi is to mbeidh deis arís ag pobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord an Údaráis.

5. An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chaitheamh i dtraipisí agus Straitéis nua 10 mbliana a bhunú le spriocanna réadúla seachas spriocanna a bhí bunaithe ar dhóchas seachas ar eolaíocht. Mar chuid thábhachtach den straitéis nua go mbunófaí Gael-Ealaín le 5% den airgead a fhaigheann An Chomhairle Ealaíon gach bliain a chaitheamh ar ealaín trí mheán na Gaeilge, idir dhrámaíocht, féilte agus ionaid ealaíon sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

6. Scéim Nua Labhairt na Gaeilge, dírithe ar an aoisghrúpa réamhscoile, mar a mhol An Staidéar Cuimsitheach ar an nGaeltacht (2007),  le Gaeilge a spreagadh sa mbaile le gasúir réamhscoile.

7. Scéim le húsáid na Gaeilge i measc mac léinn sna Coláistí Tríú Leibhéal, a spreagadh. Is cosúil go bhfuil os cionn 70% de na daoine a dhéanann an Ardteist ag dul ar aghaidh chuig oideachas 3ú leibhéal. Do réir figiúirí Dhaonáireamh 2011, ba chainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais (CLTACO) 4,117 san aoisghrúpa 15 -19 bliain d’aois sa bhliain 2011.  Cúig bliana níos deireanaí, do réir Dhaonáireamh 2016, ní raibh ach 3,067 acu ag maíomh gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad, taobh amuigh den chóras oideachais agus iad anois san aoisghrúpa 20 – 24 bliain d’aois. Bhí an ceathrú cuid acu éirithe as labhairt na Gaeilge go laethúil!

8. Go mbeadh an deis tugtha do dhaoine clárú leis an stát mar dhuine ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge agus go mbeadh ‘G’ curtha leis an Uimhir PSP le go mbeadh ríomhairí an státchórais ar an eolas gur litreacha i nGaeilge aba cheart a sheoladh ag duine le ‘G’ sa PSP, mar a dhéanann na Coimisinéirí Cánach go hiondúil.

9. Go dtabharfaí an deis do gach pobal sa tír trí plebiscite nó pobalbhreith an leagan Gaeilge a roghnú mar ainm oifigiúil ar a mbaile, a sráidbhaile nó a mbaile fearainn. Dá bhfaighfí iarratas i scríbhinn ó 10% ar a laghad de na daoine ar an gclár vótála i mbaile áirithe bheadh vóta faoi ainm an bhaile sin. B’fhéidir go roghnófaí Ros Cré in áit Roscrea, mar shampla nó Caiseal, in áit Cashel.

10. Go mbeadh córas earcaíochta ag an státchóras a thabharfadh aitheantas do dhaoine a bheadh in ann feidhmiú ina gcuid oibre sa dá theanga oifigiúil seachas i gceann amháin. Go mbeadh spriocanna éagsúla leagtha amach do gach brainse den státchóras le daoine feidhmiúla sa dá theanga a fhostú.

Ar ndóigh theastódh céatadán níos airde i rannóg ar bith a bheadh ag déileáil leis an bpobal Gaeilge go rialta: comhairle chontae Gaeltachta mar shampla. Daoine dátheangacha le Gaeilge líofa a theastódh a chur ag obair sa Ghaeltacht agus b’fhiú liúntas Gaeltachta a thabhairt dóibh agus dualgas a chur orthu Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre chomh fada agus ab fhéidir.

Údarás na Gaeltachta foirgneamh ceanncheathrú Na Forbacha Furbo building headquarters

11. Go dtabharfaí cumhachtaí breise d’Údarás na Gaeltachta a ligfeadh don eagraíocht pleananna áitiúla a réiteach do na ceantair Ghaeltachta i gcomhar leis an údarás áitiúil, tar éis na teorainneacha a athshocrú ar ndóigh, agus freagracht a leagan ansin ar an Údarás a chinntiú go bhfuil an t-údarás pleanála ag cloí leis na pleananna áitiúla, agus cead tithíochta á thabhairt nó á dhiúltú.

12. Go n-aistreofaí an chumhacht tithíochta atá ag an Roinn Oidhreachta, Cultúir agus Gaeltachta faoi Acht na Tithíochta 1929 – cumhacht nach bhfuil in úsáid a thuilleadh – chuig Údarás na Gaeltachta le go mbeadh an tÚdarás in ann dul i ngleic le fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht.

Im thuairimse, ní leor níos mó airgid a chaitheamh ar an nGaeltacht nó ar an nGaeilge, ach teastaíonn an t-airgead a chaitear a úsáid i mbealach straitéiseach agus stuama.

Is éasca airgead stáit a chur amú ar an nGaeilge gan mórán de thoradh ar an gcaiteachas. Im thuairimse, tá cur chuige uaillmhianach, samhlaíoch agus misniúil ag teastáil, le dul chun cinn a dhéanamh. Leanacht ar aghaidh mar atá? Ní bheidh de thoradh air sin ach cur amú airgid stáit agus meath na teanga.

Fág freagra ar '12 moladh do chlár rialtais a dhéanfadh leas na Gaeilge agus na Gaeltachta'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ábhar machnaimh go deimhin. Is ait mar a chuireann leagan Gaeilge de thuarascáil bhliantúil as do Dhonncha. Ní ceart ar ndóigh aon duine ar mian leis plé leis an Stát as Gaeilge a mhaslú nó cancráin a thabhairt orthu. Seo daoine a thógann a gclann le Gaeilge.

  • An Stail Aduaidh

    13. Cumhacht a thabhairt don Údarás tithe saoire a cheannach óna comhlachtaí airbnb, fé mar a dheintear nuair a bhíonn bóthar nua le tógaint agus cuirtear ’díol éigeantach’ ar thugh chun é a leagadh is slí a dhéanamh. Na tithe sin a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge ar scéim tithíocht sóisialta.

    14. Na tithe saoire a cheannach ósna daoine gob é a dtarna tigh acu é agus ná fuil aon tsuím acu an Ghaeilge a labhairt ná a fhoghlaim. Iad a dhíbirt amach ón áit agus a dtigh a thabhairt do dhaoine a choimeádfaidh an Ghaeilge beo sa dúithigh.

  • Seán Mistéil

    Aontaím le gach moladh atá déanta ag Donncha – gan eisceacht.

    Is ionann an cuma liom, neamhshuim agus cur amú atá léirithe le blianta ag an iomarca dár gceannairí agus cur i gcéill.

    Ba mhór an taca don mionlach atá dearfach agus an cur chuige acu, na moltaí seo a chur i bhfeidhm.