1,185 cás nua fógartha, 24 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas

48 duine a bhásaigh i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas de bharr an víris agus 7,657 duine ar fad atá básaithe, thuaidh agus theas, ó thús na paindéime

1,185 cás nua fógartha, 24 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas

Tá 1,185 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

292 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 309 inné, agus bhí 65 acusan in aonad dianchúraim, ardú ar an 60 a bhí i gceist inné.

D’fhógair an Roinn Sláinte go raibh 24 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas. 48 duine atá básaithe i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas. 5,179 duine ar fad a bhásaigh sa stát de thoradh an Covid-19 ó thús na paindéime.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr. Tony Holohan, nach raibh thart ar thriúr de gach ceathrar a bhásaigh de dheasca an víris ó mhí Aibreáin go hiomlán vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 agus thug sé comhairle arís do dhaoine an vacsaín a fháil. Thug sé le fios nach raibh ceathrar as gach cúigear a cuireadh in aonad dianchúraim le linn na tréimhse sin go hiomlán vacsaínithe ach an oiread.

1,304 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,478 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

426 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 441 inné, agus tá 36 díobhsan in aonad dianchúraim, le hais 41 inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,300,383 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,198,596 duine.

Dúirt an Dr Holohan níos luaithe inniu go bhfuil cúrsaí ag dul mar is ceart chun fáil réidh leis na srianta Covid-19 deireanacha ar an 22 Deireadh Fómhair.

Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Sláinte an Oireachtais nach dóigh leis go mbeidh aon ghá le tréimhse dianghlasála arís, cé nach bhféadfaí a leithéid a chur as an áireamh ar fad.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí gur dócha gurb amhlaidh go dtiocfaidh laghdú ar líon na gcásanna den ghalar “as seo amach”.

Tugadh le fios ag an gcruinniú chomh maith go bhfuil ráigeanna den ghalar sna tithe altranais arís toisc “oiread sin cásanna” a bheith sa phobal.

Ó dheireadh mhí an Mheithimh bhí 51 ráig i dtithe altranais agus seacht gcinn in ionaid chúraim eile. 896 cás ar fad a bhí i gceist agus fuair 31 duine a raibh an galar orthu bás.

Bhí ráig i gceithre theach altranais le seachtain anuas.

Go hiondúil, ní bhíonn na daoine i dtithe altranais a fhaigheann an galar leath chomh tinn is a bhíodh sular tháinig an vacsaín isteach, a dúradh inniu.

Tugadh le fios go raibh 12,000 dalta scoile ag féinleithlisiú faoi láthair.

Dúirt an Dr Holohan go raibh sé i gceist athrú a dhéanamh ar na rialacha faoi thástáil agus féinleithlisiú ach gur gá súil a choinneáil ar feadh tamaill eile ar an tionchar a bheidh ag athoscailt na scoileanna ar líon na gcásanna sa phobal.

Níltear buartha faoi mhic léinn tríú leibhéal a bheith ag filleadh ar an gcoláiste ó tharla laghdú as cuimse a bheith tagtha ar líon na gcásanna i measc daoine atá idir 19-24 bliain d’aois.

Dúirt an Dr Philip Nolan go bhféadfadh scéal an ghalair éirí níos measa mura gcloífeadh daoine leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí nó dá ráineodh go scaipeann páistí an galar níos tréine ná mar a shíltear.

Dúirt an Dr Holohan nach bhfuil aon scéal ann faoi láthair faoi aon chineál nua eile den ghalar a bhfuiltear buartha faoi.

 

 

Fág freagra ar '1,185 cás nua fógartha, 24 duine básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas'