1,163 cás eile den choróinvíreas fógartha, ní hionann ‘in aon chor’ na rioscaí sa scoil agus sa teaghlach, a deir NPHET

Ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, cuirfear in iúl do dhaoine a bhfuil a n-imdhíonacht lagaithe cathain a bheidh coinne acu le haghaidh teanndáileog den vacsaín

1,163 cás eile den choróinvíreas fógartha, ní hionann ‘in aon chor’ na rioscaí sa scoil agus sa teaghlach, a deir NPHET

D’fhógair an Roinn Sláinte 1,163 cás nua Covid-19 tráthnóna.

297 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí  61 díobhsan in aonad dianchúraim.

Ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh, cuirfear in iúl do dhaoine a bhfuil a n-imdhíonacht lagaithe cathain a bheidh coinne acu le haghaidh teanndáileog den vacsaín a fháil in aghaidh an víris, a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ar an gCéadaoin a sheolfar scéala amach faoi na coinní agus tosófar ar an vacsaíniú ar an Aoine.

Agus an tOllamh Philip Nolan ag caint ar RTÉ, dúirt sé gur baol an-bheag atá ann do leanaí nach bhfuil aon chomharthaí sóirt den Covid-19 orthu freastal ar scoil ach go ndéanann sé “tairbhe an-suntasach” dóibh a bheith ar scoil.

“D’fhéadfadh idir 2% agus 5% de na leanaí i scoil a bheadh i ngartheagmháil le leanbh a raibh an Covid-19 air an galar a thógáil ach má bhíonn cás i dteaghlach, go hiondúil tolgann idir 30% agus 50% de na gartheagmhálaithe nach bhfuil aon vacsaín faighte acu an galar. Ní hionann in aon chor na rioscaí sa scoil agus sa teaghlach.”

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ochtar eile a raibh an víreas orthu básaithe le lá anuas.

1,030 cás eile den ghalar a fógraíodh.

34 bás a cuireadh ar an taifead le seacht lá anuas, laghdú ón 54 bás a bhí i gceist an tseachtain roimhe sin.

Tá 373 othar Covid-19 in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 452 Dé hAoine seo caite.

31 othar atá in aonad dianchúraim.

 

Fág freagra ar '1,163 cás eile den choróinvíreas fógartha, ní hionann ‘in aon chor’ na rioscaí sa scoil agus sa teaghlach, a deir NPHET'