11.5 uair an chloig de chláir Ghaeilge ar sceideal an fhómhair/an gheimhridh ag RTÉ

Cláir cheoil agus faisnéise na cláir Ghaeilge a bheidh ar sceideal an fhómhair/geimhridh a seoladh an tseachtain seo

11.5 uair an chloig de chláir Ghaeilge ar sceideal an fhómhair/an gheimhridh ag RTÉ

11.5 uair an chloig de chláir nuachoimisiúnaithe Ghaeilge a chraolfar ar stáisiúin teilifíse RTÉ le linn sceideal fómhair/geimhridh an chraoltóra náisiúnta a seoladh an tseachtain seo. Tá idir chláir a rinneadh in RTÉ féin agus cláir a rinne comhlachtaí san earnáil phríobháideach i measc na gclár sin a bheidh le feiceáil sa bhliain amach romhainn.

Is cláir nua den chuid is mó na cláir Ghaeilge a bheidh á gcraoladh an fómhar seo, seachas The Geansaí, sraith ceithre chlár ina n-insítear scéalta spéisiúla ó shaol Chumann Lúthchleas Gael. Craoladh an chéad séasúr den tsraith sin anuraidh.

Cláir cheoil agus faisnéise atá sna cláir Ghaeilge atá ar sceideal an fhómhair i mbliana. Fab Vinnie is teideal do chlár faoin DJ Vincent Hanley, a bhásaigh 30 bliain ó shin. Ríomhfar scéal fhear an cheoil óna óige i mbaile beag in Éirinn go dtí a sheal mar láithreoir ar MT USA. Clár leathuair an chloig é Fab Vinnie.

Clár faisnéise uair an chloig a bheidh sa chlár Tony McMahon, Slán leis an gCeol, clár beathaisnéise faoin gceoltóir traidisiúnta agus an craoltóir teilifíse agus raidió, Tony McMahon, as Inis i gContae an chláir. McMahon féin, atá ag tarraingt ar na ceithre scór, a chuirfidh an clár i láthair agus é ag caitheamh súil siar ar a shaol fada i mbun ceoil.

Díreoidh an clár An Teorainn, a chraolfar ina dhá chuid, ar cheantair ar an dá thaobh den teorainn. thaobh. Dúirt Colm O’Callaghan, Ceannasaí Cláracha Gaeilge le RTÉ, go bhfuil an clár “tráthúil” faoi láthair agus an oiread sin cainte ann faoi cheist na teorann in Éirinn ach mhínigh sé nach clár polaitíochta a bheadh i gceist ach clár faoi na daoine atá ag maireachtáil cois teorann agus an saol sa cheantar sin, ar “an líne”.

Clár staire a beidh i Coimisiún na Talún, a chraolfar ina cheithre chuid, faoi stair na heagraíochta agus an tionchar a bhí, agus atá fós, aici ar an tír. Is é an t-eacnamaí agus an t-údar Dan O’Brien a bheidh i mbun an chláir sin.

Comhléiriú idir RTÉ agus BBC Alba atá sa tsraith Gaineamh Séidte, a chraolfar ina shé chuid, faoi cheol na hÉireann agus na hAlban agus an nasc ceoil idir an dá thír. Breathnófar freisin ar an gcaoi ar fhorbair agus ar athraigh an nasc sin le 50 bliain.

Dónal Lunny a bheidh i mbun na sraithe Línte Ceoil Cheiltigh agus é ar thóir amhrán agus stair na n-amhrán sna Críocha Ceilteacha, ó Éirinn go tíortha na Breataine agus ó dheas go dtí an Bhriotáin sa Fhrainc.

“Is cinnte go bhfuil níos mó Gaeilge ar an sceideal i mbliana ná mar a bhí go dtí seo. Tá muid gnóthach, tá níos mó spéise ag an bpobal agus ag comhlachtaí léiriúcháin araon i gcláir Ghaeilge. D’éirigh go maith leis na cláir Ghaeilge anuraidh, agus tá sceideal maith leagtha amach romhainn i mbliana,” a dúirt O’Callaghan.

Fág freagra ar '11.5 uair an chloig de chláir Ghaeilge ar sceideal an fhómhair/an gheimhridh ag RTÉ'

  • Mánus

    Uair a chloig sa tseachtain!