100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta Béarla ná cinn Ghaeilge faoi chóras ‘seafóideach’

Phléigh an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus an Aire Stáit Ossian Smyth sa Dáil an córas earcaíochta do Ghaeilgeoirí sa státseirbhís

100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta Béarla ná cinn Ghaeilge faoi chóras ‘seafóideach’

An tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Ossian Smyth. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag aire rialtais nach bhfuil an córas chun státseirbhísigh le Gaeilge a earcú chuig an státseirbhís ag obair agus go bhfuil gá lena athrú.

Bhí an tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Ossian Smyth, ag tabhairt freagra sa Dáil ar áitiú an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil an baol ann gur níos lú Gaeilgeoirí á earcú sa státseirbhís de thoradh phlean an Rialtais cur le líon na nGaeilgeoirí inti.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “an-deacracht” ag an státseirbhís daoine le Gaeilge a earcú agus go mbíonn suas le 100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta do ghnáthphostanna Béarla i gcomparáid le postanna a bhfuil an Ghaeilge ag teastáil dóibh.

Dúirt an tAire Stáit Smyth an méid sin tráth a bhfuil sé mar sprioc ag an rialtas go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Dúirt sé gur chuir 60 uair níos mó iarratasóirí isteach ar chomórtas d’oifigigh chléireachais le Béarla i gcomparáid leis an gcomórtas do dhaoine a raibh Gaeilge acu. I gcás eile, 100 uair níos mó daoine a chuir isteach ar chomórtas d’oifigigh feidhmiúcháin le Béarla i gcomparáid leis an gcomórtas Gaeilge.

Léirigh figiúirí a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil don Teachta Éamon Ó Cuív le gairid go raibh poist faighte ag 32 duine tríd an gcomórtas d’oifigigh feidhmiúcháin le Gaeilge. 88 iarratasóir a bhí ar an bpainéal Gaeilge sin a bhfuil deireadh curtha anois leis.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh sé “cineál seafóideach” go bhfuil painéal ar leith ann do dhaoine le Gaeilge agus gur cheart go gcuirfí Gaeilgeoirí ar an liosta Béarla freisin. Mheas sé go mbeadh drogall ar dhaoine cur isteach ar an bpainéal Gaeilge mar nach gcuirtear daoine ón bpainéal sin ach i bpostanna a bhfuil riachtanais Ghaeilge luaite leo.

“Cad chuige a srianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air?”

Agus na fadhbanna a bhain leis an gcóras earcaíochta á bplé sa Dáil ag an, d’aontaigh an tAire Stáit go raibh athrú ag teastáil ionas go bhfostófaí níos mó Gaeilgeoirí.

“Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil gá leis an gcóras seo a athrú. Is é sin an fáth go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ag teacht, chun fadhbanna mar seo a réiteach. Tá orainn níos mó daoine atá dátheangach a earcú.”

Dúirt an tAire Stáit Smyth, áfach, go raibh deacrachtaí ann maidir lena laghad spéise a léirítear i gcomórtais do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu.

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhíonn i mbun na gcomórtas earcaíochta don státseirbhís.

Dúirt an tAire Stáit Smyth gur léirigh an easpa iarratasóirí go raibh “fadhb oideachais” ann ó thaobh na Gaeilge de agus “gur fadhb níos leithne ná fadhb earcaíochta í”.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc níos luaithe i mbliana nach raibh ach 88 post ann a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.

Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 de na folúntais a líonadh sa státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus 30 Meán Fómhair 2020 – 0.2% de na folúntais a líonadh le linn na tréimhse sin.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé in am an córas a athrú má táthar chun an sprioc earcaíochta atá luaite sa Bhille Teanga a bhaint amach.

“Tá fhios acu go bhfuil an tAcht ag teacht agus is ceart go mbeadh siad bogtha cheana féin air seo. Tá sé cosúil le duine nach dtosódh ’dul i ngleic leis an athrú aeráide go dtí go mbeadh ‘Climate Bill’ ann,” arsa Ó Cuív.

Fág freagra ar '100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta Béarla ná cinn Ghaeilge faoi chóras ‘seafóideach’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá rud éicint go mór as cor nuair nach bhfuil ach 88 post as 25,000 post sa státseirbhís in Éirinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo ach ag an am céanna go mbeidh 200 duine ina aistritheoirí Gaeilge san AE roimh deireadh na bliana!

  • Séadna Mac Seoin

    Ní bhfaighfear go leor iarratasóirí le Gaeilge don Státséirbhís nó go bhfilltear ar leagan Leasaithe den gcóras earcaíochta agus ardú Céime bhí I bhfeidhm anuas go 1974, nuair bhí líon maith daoine le Gaeilge ar fud na státséirbhíse ag gach leibhéal. Is beag státséirbhíseach sinsearach anois a bheadh in ann agallamh sásúil a dhéanamh ar na meáin.

    Is léir go raibh an tAire Stáit Smyth I dtuilleamaí na státséirbhíseach, agus an freagra a thabhairt mar nach raibh sé ag teacht le polasaithe an Chomhaontais Ghlais i leith na Gaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    Ceapaim go bhfuil Donncha go mór ar seachrán leis an gcomparáid a dhéanann sé idir na 88 post sa státseirbhís in Éirinn agus na 200 post san AE. Níl an fhadhb san AE – tá an fhadhb sa státseirbhís anseo. Seafóid amach is amach atá sa bhfigiúr sin 88 post. Caithfidh tú cuimhneamh nach bhfuil Gaeilge riachtanach fiú do na hoifigigh idirghabhála (liaison) leis an gCoimisinéir Teanga sna Ranna éagsúla! An chuid is mó díobh siúd níl Gaeilge líofa acu. Smaoinigh air – tá muid chomh dáiríre faoi chúrsaí Gaeilge sa Roinn s’againne nach gcuireann muid an stró orainn féin Gaeilgeoir amháin a aimsiú i measc na mílte fostaí anseo chun déileáil le hOmbudsman na Gaeilge i nGaeilge!

  • Seán Mag Leannáin

    Féach an t-alt i dTuairisc a ndéantar tagairt dó san alt thuas. Léirigh an anailís a rinneadh san alt sin nach raibh ach 88 post sa státseirbhís abhus a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo as an mbeagnach 25,000 post san iomlán. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara. Mar a deir lucht an ghrinn, ní fhéadfá é a chumadh!

    “Is iad na ranna nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”

    [Samhlaigh é: cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí – an Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – ach níl oiread agus post amháin sa roinn, a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh!]

    Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post eile a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.”

  • Seán Ó Donnchaidh

    Seo sampla de chuid na comórtais atá ar siúl ag an Seirbhís um Cheapacháin Poiblí ar son na hÚdaráis Áitiúla- (SEE -Innealtóir Fheidhmeanach Sinsearach). Is féídir leat “Irish Assessment” a dhéanamh más maith leat (níl sé riachtanach), chomh maith leis an bpríomhagallamh. Tá leabhrín ag baint leis an measúnú seo atá scríofa go hiomlán i mBéarla. Dar leis, tá siad ag iarraidh do chumas a fháil amach maidir le “Vocabulary, Grammar, Understanding and Fluency” – agus tá siad chun é sin a dhéanamh le fís-agallamh ar líne. Tugtar 5 ceisteanna duit roimh ré agus tá trí nóiméad agat le haghaidh gach ceann a fhreagairt. Conas is féídir “tuiscint” a mheasúnú ó agallamh aontaobhach, gan comhrá a dhéanamh? Cén áit sa tír ina bhfuil oifig chomhairle contae ina thagann muintir na háite/an phobal isteach le cartaí nó scáthlán ina lámh acu, le ceisteanna scríofa orthu agus nach mbíonn comhrá de shaghas éigin ar siúl?