100 bliain ó bhásaigh Mícheál Ó hIceadha ‘The Man Who Died for the Language’

Tá an tAthair Mícheál Ó hIceadha ar dhuine de na daoine is mó atá luaite leis an gcath ar son na Gaeilge in ollscoileanna na hÉireann ag tús an chéid seo caite

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, bhásaigh an tAthair Mícheál Ó hIceadha, a luaitear go minic le cás na Gaeilge in ollscoileanna na hÉireann ag tús an chéid seo caite.

Sagart Caitliceach agus ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge ab ea Ó hIceadha, a rugadh i bPort Láirge sa bhliain 1860. Bhain sé ollúnacht amach in 1896 in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, áit ar throid sé go crua le go mbeadh an Ghaeilge éigeantach do Scrúdú Máithreánach Ollscoil na hÉireann.

D’iarr Pádraig Ó Brolcháin, ó Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge, ar Ó hIceadha a bheith i dtús cadhnaíochta sa chath ar son na teanga bheith ina hábhar riachtanach.

Bhí Ó hIceadha an-dian ar easpaig Chaitliceacha na hÉireann sna rudaí a scríobh sé le linn an fheachtais. D’ionsaigh sé an Cairdinéal Logue agus baill eile den chliarlathas agus thug sé ‘worthless faction’ agus ‘authors of squalid and foolish apostasy’ orthu.

Briseadh as a phost san Ollscoil é i 1909 nuair a chuir Cuairteoirí an Choláiste tuarascáil amach ina aghaidh.  Bhí raic ann nuair a briseadh as a phost é agus thug comhairlí contae timpeall na tíre tacaíocht dá rún agus leagadh coinníoll síos go gcaithfeadh an Ghaeilge a bheith éigeantach sula bhfaigheadh an ollscoil tacaíocht airgid.

Bhí tacaíocht aige freisin ó dhaoine mór le rá i ngluaiseacht na teanga agus i ngluaiseacht na poblachta, an Piarsach ina measc.

D’oibrigh Ó hIceadha go crua ar son Chonradh na Gaeilge i luathbhlianta na heagraíochta, ó ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad é go dtí an bhliain 1903. Bhí sé ina chainteoir Gaeilge ó bhí sé an-óg ach ní mheastar go raibh Gaeilge aige ón gcliabhán. Thugadh sé seanmóirí i nGaeilge go minic agus é ina shagart cúnta agus ina chigire Deoise i bPort Láirge sna 1890idí agus bhailigh sé ábhar béaloidis an cheantair le foilsiú in Irisleabhar na Gaedhilge.

D’éirigh sé as leasuachtaránacht an Chonartha i 1903 mar gheall ar “easaontas bunúsach i dtaobh polasaí” idir é féin agus lucht ceannais na heagraíochta. Níor aontaigh sé le polasaithe an Choiste Gnó agus ní raibh sé sásta nach cainteoir dúchais a bhí sa té a ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis – Pádraig Mac Piarais.

Chaith sé blianta deiridh a shaoil sa Vatacáin agus é ag iarraidh a chás a chur chun cinn. Níor éirigh leis, áfach, agus go gairid i ndiaidh dó filleadh abhaile i 1916, bhásaigh sé agus gan é ach 56 bliain d’aois.

Thug an scoláire Lucy McDiarmuid ‘The Man who died for the Language’ ar Ó hIceadha san irisleabhar staire Éire-Ireland in aiste a scríobh sé faoi agus faoina throid ar son na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann.

Fág freagra ar '100 bliain ó bhásaigh Mícheál Ó hIceadha ‘The Man Who Died for the Language’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ba truamhéileach an deireadh a bhí ag Micheál Ó hIceadha ach ní fhéadfaí a rá gur eisean ba chúis le stádas riachtanach a bhaint amach don Ghaeilge i gcoláistí an NUI. Tugtar an chreidiúint dhó go mba é a tháinig aníos leis an smaoineamh i dtosach, go mba cheart na Comhairlí Contae a usáid sa bhfeachtas le brú a chur ar Sheanad na hOllscoile nua, glacadh leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach le fáil isteach san Ollscoil. B’é an Conradh a chuir an rún le chéile agus a rinne an stocaireacht go héifeachtach ar na Comhairlí Contae. Ach is beag nár cuireadh an feachtas de na ráillí mar geall ar chomh binibeach is a d’ionsaigh Ó hIceaadh daoine nár aontaigh leis.

    Ní raibh mórán rogha ag Má Nuat ach smacht a chur ar an tAth. Ó hIceadha nuair a mhaslaigh sé go poiblí ceathrar de na heaspaig a bhí ar Seanad na hOllscoile ag an am, agus é ag tabhairt léacht dona micléinn i Má Nuad faoin teideal “The University Question”. An iarracht a bhí ar bun ag de hÍde agus Mac Néill leis na heaspaig a thabhairt ar taobh bhí sé á chur ó mhaith ag Ó hIceadha leis na ionsaithe pearsanta a bhí á dhéanamh go poiblí orthu.

    Bhí misneach aige ach ní mórán de stráitéis a bhí aige. Sin mo léamh ar an scéal. Mar a deireann an seanfhocal “Is minic a bhriseann béal duine a shrón” agus b’shin a tharla do Mhicheál Ó hIceadha.