10 eile le Covid-19 básaithe, scaipeadh an ghalair ag dul i léig ‘de réir gach slat tomhais’

1,960 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,506 duine ó dheas den teorainn agus 454 ó thuaidh di

10 eile le Covid-19 básaithe, scaipeadh an ghalair ag dul i léig ‘de réir gach slat tomhais’

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil deichniúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) le fios tráthnóna go bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul i léig de réir gach slat tomhais.

1,960 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,506 duine ó dheas den teorainn agus 454 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

426 cás nua de Covid-19 a deimhníodh inniu, ach bhain a bhformhór le haon ospidéal amháin agus le tréimhse níos faide siar. Is amhlaidh nár cuireadh ar an taifead na cásanna mar ba chóir go dtí anois. Bhain níos lú ná 200 den 426 cás de na cásanna le cúpla lá anuas, a dúradh.

Dúradh go rabhthas ag iarraidh fáil amach cén fáth nár cuireadh na cásanna eile ar an taifead mar ba chóir, ach go rabhthas ionann is cinnte nár tharla a leithéid in aon ospidéal eile.

28,118 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,827 cás ó dheas den teorainn agus 4,291 cás ó thuaidh.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh laghdú tagtha arís ar an líon othar le Covid-19 san ospidéal, an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis.

Dúirt Nolan go raibh scaipeadh an ghalair “ag dul i léig agus ag dul i léig go han-tapaidh”.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 tite go dtí idir 0.4-0.6. Tá roinnt slat tomhais á n-úsáid chun ráta atáirgthe nó ráta scaipthe an ghalair a mheas agus bunaithe orthu go léir tá an ráta atáirgthe anois go seasmhach ag an leibhéal sin.

Chomh maith leis sin, laghdaigh líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur san ospidéal agus sna haonaid dianchúraim arís le seachtain anuas. 

58 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin an líon is lú daoine aon lá ó tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta. 140 duine a bhí in ICU ar an meán i lár mhí an Aibreáin.

Thug an tOllamh Philip Nolan le fios chomh maith gur 33 bás a bhí á bhfógairt gach lá ar an meán i lár mhí Aibreáin ach gur 13 bás a bhí i gceist le seachtain anuas. 172 cás nua atá á bhfógairt gach lá anois i gcomparáid le 600 cás i lár mhí an Aibreáin.

Timpeall 40 duine a bhí á gcur san ospidéal gach lá coicís ó shin ach 17 atá i gceist an tseachtain seo. Duine nó beirt othar sa lá atá á gcur sna haonaid dianchúraim i gcomparáid le 4-6 coicís ó shin.

Tá ráta atáirgthe an ghalair tite go dtí faoi bhun 0.7 sa Tuaisceart agus na srianta, atá le bheith i bhfeidhm go dtí an 28 Bealtaine, le scaoileadh de bheagán Dé Luain.

Beidh cead ionaid gharraíodóireachta agus ionaid athchúrsála a oscailt agus beidh cead searmanas pósta a bheith ann sa chás gur gá sin de bharr drochthinnis.

43,835 tástáil atá déanta don ghalar sa Tuaisceart agus os cionn 270,000 tástáil atá déanta ó dheas.

19 duine atá in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt inniu agus 36 leaba ICU atá folamh. Bhí ráig den ghalar i 75 ionad cúraim ó thuaidh agus meastar go raibh ráig i 32 ceann eile.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 948 den 1,506 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 823  de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fág freagra ar '10 eile le Covid-19 básaithe, scaipeadh an ghalair ag dul i léig ‘de réir gach slat tomhais’'