‘There are over 17 words in Irish for storm’ – léargas ar Ophelia ag lucht na teanga ar Twitter

Thug pobal na Gaeilge ar Twitter a léargas féin ar an ngaoth mhó

‘There are over 17 words in Irish for storm’ –  léargas ar Ophelia ag lucht na teanga ar Twitter

PIctiúr: @MuintirShe/Twitter

Bhí na meáin shóisialta breac inné le tuairiscí agus pictiúir faoin stoirm Ophelia agus thug pobal na Gaeilge ar Twitter a léargas féin ar an ngaoth mhór.

Mar a tharlaíonn go minic ar na meáin shóisialta, bhí ar lucht na teanga saíocht na Gaeilge a chur ar a súile dóibh sin a bhíonn in amhras faoi sholúbthacht theanga na nGael.

Scaipeadh go forleathan freagra a thug an cuntas @theirishfor ar ghiolcaire a mheas gur bocht an scéal go raibh ar an nGaeilge an focal ‘stoirm’ a tharraingt chuici féin ón mBéarla.

Bhain giolcairí eile sult as giolc de chuid @NuachtTG4 faoi chúrsaí cumhachta i Stormont:

Thug Gael aitheanta eile, an t-iriseoir Gormfhlaith Ní Thuairisg, thug sí léargas dúinn ar chuid de na cúraimí a bhí ar phobal na Gaeltachta inné agus iad á réiteach féin don doineann.

Bhain duine eile ceol as an scéal go mbeadh lá saor ón scoil ann arís inniu.

In ainneoin na bhfoláireamh ar fad, ba léir gur bheag aird a bhí ag cuid de mhuintir na Gaeltachta ar an rabhadh contúirte.

Roinn lucht na teanga ar líne pictiúir agus físeáin ina raibh radhairc den aimsir roimh an stoirm, lena linn, agus ina diaidh, ar fud na Gaeltachta:

Fág freagra ar '‘There are over 17 words in Irish for storm’ – léargas ar Ophelia ag lucht na teanga ar Twitter'

  • Máire Uí Dhufaigh

    Ach tá i bhfad níos mó ná 17 focal /leagan cainte ann le cur síos ar stoirmeacha agus farraigí arda. Fiafraigh d’ oileánach ar bith! Tosaíodh muid á mbailiú sula dtiocfaidh an chéad ‘Harry Keane’ eile.