Tá Sinn Féin ar na rópaí, ach an ndéanfaidh siad teacht aniar?

Mura mbíonn daoine cinnte faoi dhearcadh Shinn Féin ní thabharfaidh daoine vóta dóibh

Tá Sinn Féin ar na rópaí, ach an ndéanfaidh siad teacht aniar?

Baineadh geit uafásach as Sinn Féin de bharr na pobalbhreithe is deireanaí. I mí Mheán Fhómhair na bliana seo caite 34% a bhí ag Sinn Féin i bpobalbhreith IpsosMRBI, ach sa cheann is deireanaí an tseachtain seo caite ní raibh ach 23% acu.

Níos measa fós, den chéad uair ón olltoghchán, bhí Sinn Féin agus Fine Gael cothrom.

Agus mar bharr ar an donas do Shinn Féin, cé nach bhfuil na figiúirí céanna ag gach pobalbhreith, tá an patrún céanna i ngach ceann – tá tacaíocht Shinn Féin ag meath.

Níl aon mhíniú cruinn ar na fáthanna leis an meath seo.  Níl páirtithe an rialtais ag dul i méad ó thaobh tacaíochta dhe.  Is iad na neamhspleáigh atá ag baint leas as titim Shinn Féin.

Den chuid is mó is den eite dheis iadsan, cuid acu baineann siad leis an eite dheis i bhfad amach, agus cuid eile acu bíonn siad sásta seasamh cliathánach leis an dream sin.  Ach léiríonn pobalbhreitheanna, b’fhéidir, nach bhfuil an mhíshástacht leis an gcóras mar atá imithe go fóill.

Tá ceist na hinimirce, ar ndóigh, go mór ar intinn an phobail, agus b’fhéidir go bhfuil tacaíocht caillte ag Sinn Féin toisc go gcreideann daoine go bhfuil siad i bhfabhar teorainn oscailte d’inimircigh.

Séanann Sinn Féin go raibh siad riamh i bhfabhar teorainn oscailte, ach b’fhéidir nach gcreideann daoine iad toisc nach raibh aon rud le rá acu faoi líon na ndaoine a tháinig isteach sa tír.

Anois agus an páirtí ag iarraidh a gcuid polasaithe a chur in oiriúint don ghéarchéim atá ann, b’fhéidir go bhfuil siad ag cailliúint tacaíochta ina measc siúd nach bhfuil buartha faoi theorainn oscailte.

Tá éiginnteacht ag baint leis an seasamh atá ag an bpáirtí dar le cuid mhaith den lucht vótála, nach bhfuil sásta leis an gcosaint a thugann an páirtí dóibh nuair a dhéantar ionsaí orthu.

Dúradh go rialta go raibh cur chuige pobalach ag an bpáirtí, sé sin go n-athraíonn siad a ndearcadh de réir mar a athraíonn an pobal féin.  Séanann an páirtí é sin, ar ndóigh, ach níor éirigh leo riamh aon mhíniú a thabhairt ar an dearcadh dearfach nua atá acu faoin Aontas Eorpach, mar shampla.

Mura bhfuil daoine cinnte fúthu ní dóigh liom go dtabharfaidh siad a vótaí dóibh.

Maidir leis an gcaint faoin eite dheis i bhfad amach tá sé spéisiúil go ndíríonn siadsan a naimhdeas is a nimh ar Shinn Féin, is ní ar an rialtas atá, ar deireadh thiar, freagrach as an bpolasaí inimirce.  Feicfimid cén tionchar a bheidh aige seo ar thacaíocht Shinn Féin am vótála.

É sin go léir ráite, tá daoine fós buartha faoi theip an rialtais maidir le tithíocht is cúrsaí sláinte, agus tá Sinn Féin fós go mór chun tosaigh i measc an aosa óig, is é sin daoine faoi bhun 35 bliain d’aois.  Cibé céard atá á chailliúint acu, níl sé ag dul don rialtas.

Ach b’fhéidir gur cuid den fhadhb í sin?  Bíonn an port céanna ag an bpáirtí maidir le cúrsaí tithíochta is sláinte, is níl mórán atá nua le rá acu.  An bhfuil daoine ag éirí tuirseach den phort céanna, nó an bhfuil argóint an rialtais ag dul i bhfeidhm orthu?

Ní féidir freagra ar an gceist sin a fháil ó phobalbhreith amháin, ach, go ginearálta, ní léir aon dul chun cinn mór buan a bheith á dhéanamh ag páirtithe an rialtais.

Ní dóigh liom go bhfuil aon argóint ann ach gur bhuaigh Sinn Féin an díospóireacht maidir le teip an rialtais.  Ach an dtuigeann daoine an plean atá ag Sinn Féin le réiteach a chur ar fáil, nó an gceapann daoine go bhfuil an réiteach sin sách fiúntach?

Deir na páirtithe ar ndóigh nach dtugann siad aon aird ar phobalbhreitheanna is nach bhfuil tábhacht ach leis an toghchán féin.  Níl sé sin fíor.  Tugann siad an-aird orthu is bíonn tionchar ag na pobalbhreitheanna céanna ar mheanma bhaill na bpáirtithe freisin.

Feicfimid an spreagfaidh an toradh seo Sinn Féin chun éirí níos díograisí, nó an gcaillfidh siad dóchas.  Taobh istigh de thrí seachtaine beidh a fhios againn.

Is fiú cuimhneamh ámh gur minic, i gcás IpsosMRBI, go mbíonn an scéal níos measa do Shinn Féin agus níos dearfaí go minic d’Fhianna Fáil is d’Fhine Gael ná mar a bhíonn i bpobalbhreitheanna eile.

Ach mar a dúirt mé thuas, tá an treocht chéanna le haithint sna pobalbhreitheanna eile.

Bhain an phobalbhreith seo geit as Sinn Féin agus beidh orthu athmhachnamh a dhéanamh go práinneach ar a gcuid polasaithe agus, níos tábhachtaí, ar an gcaoi a gcuireann siad in iúl iad.

Fág freagra ar 'Tá Sinn Féin ar na rópaí, ach an ndéanfaidh siad teacht aniar?'

  • Gearóid De Briotún

    Níl aon dabht faoi go bhfuil tacaíocht Shinn Féin ag titim sna pobalbhreitheanna. Creidim féin go mbeidh orthu na fíricí , an costas agus na céimeanna chun a gcuid polasaithe maidir le tithíocht , sláinte , oideachas agus inimrce a a chur i bhfeidhm a nochtadh don phoabl ar bhealach níos éifeachtaí agus níos soiléire.