Suim léirithe ag roinnt mhaith fostaithe in RTÉ RnaG agus Nuacht TG4 éirí as luath

Tuigtear go bhfuil suim mhór léirithe go háirithe ag foireann RTÉ RnaG sna Doirí Beaga i  gclár iomarcaíochta RTÉ

Suim léirithe ag roinnt mhaith fostaithe in RTÉ RnaG agus Nuacht TG4 éirí as luath

D’fhéadfadh cuid de scoth na n-iriseoirí agus na gcraoltóirí Gaeilge a bheith ag dul ar luathscor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 roimh dheireadh na bliana.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil suim léirithe ag roinnt mhaith d’fhostaithe RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 sa chlár iomarcaíochta deonaí a bhfuil sé mar aidhm aige 250 duine de laghdú a dhéanamh ar líon na foirne in RTÉ.

Tuigtear go bhfuil suim mhór léirithe go háirithe ag foireann RTÉ RnaG sna Doirí Beaga i nDún nan Gall sa chlár, mar a bhfuil iarratas ar phacáiste luathscoir déanta ag suas le leath den fhoireann.

Tá suim mhór curtha sna pacáistí luathscoir chomh maith ag fostaithe Nuacht TG4.

Meastar go bhféadfadh an clár iomarcaíochta go leor dúshlán a chruthú i saol na craoltóireachta Gaeilge mar ní cheadófar daoine nua a fhostú in áit na ndaoine a ndéanfar tairiscint iomarcaíochta leo.

Faoin gclár iomarcaíochta d’fhéadfadh duine a mbeadh 18 bliain de sheirbhís aige a bheith i dteideal pacáiste iomarcaíochta arbh fhiú cnapshuim dhá bhliain tuarastail é. Bheadh an méid sin seirbhíse tugtha ag cuid mhaith d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ag na daoine is faide i mbun seirbhíse le Nuacht TG4.

Dé Máirt seo caite an sprioc a bhí ann do na hiarratais ar phacáiste luathscoir agus beidh bainisteoirí sinsearacha in RTÉ i mbun a scagtha as seo go ceann cúpla seachtain.

Ar an 27 Deireadh Fómhair, a dhéanfar tairiscint do na daoine a n-éiríonn lena n-iarratais agus beidh go dtí an 10 Samhain acu chun glacadh leis an tairiscint sin nó diúltú di.

Fág freagra ar 'Suim léirithe ag roinnt mhaith fostaithe in RTÉ RnaG agus Nuacht TG4 éirí as luath'