Stop den Bhéarla, stad de na leithscéalta agus den aiféala agus labhair an foca*n rud!

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Taitneoidh leabhar suimiúil dea-scríofa Michael McCaughan, Coming Home, leis na daoine sin a deir ‘I’d love to speak Irish but...’ Agus tar éis a léite tuigfidh siad an streachailt agus t-ardú croí atá i ndán dóibh

Stop den Bhéarla, stad de na leithscéalta agus den aiféala agus labhair an foca*n rud!

Tá cuid mhaith de mo shaol caite nó curtha amú agam ag múineadh Gaeilge, i ranganna beaga is móra, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta, d’Éireannaigh agus d’eachtrannaigh agus an t-aon tuiscint atá fós agam ar an gceird nach lia duine ná bealach foghlama.

Bhí orm féin Béarla a fhoghlaim ach ní cuimhneach liom aon bhráca a bheith ag baint leis, murar thit sé anuas as an aer chugam nuair a thosaigh mé ar scoil. Múineann gá seift agus is dona an chomparáid an Ghaeilge bhocht agus an Béarla, teanga idirnáisiúnta an airgid agus teanga éigeantach an stáit seo. Tá a fhios agam nach bhfoghlaimeoidh mé féin tada mura ndéanfaidh mé é – is cuma iomaire, anraith nó teanga é. Ócáidí agus daoine a thugann chugamsa an focailín Fraincise a bhím a chuartú. Is léir gurb iad mo chroí agus mo bholg mo chuid acmhainní foghlama.

Ba mhór é mo spéis mar sin ina mhalairt de chur chuige, an próiseas céimneach, anailíseach, intleachtúil a roghnaigh an t-iriseoir Michael McCaughan agus a ríomhann sé sa leabhar seo. Baile Átha Cliathach de mhianach Uladh, é 50 bliain d’aois agus in áit culaith líocra a cheannach dó féin, buaileann fonn é an ceann is fearr a fháil ar an nGaeilge. Murar leor sin mar dhúshlán, theastaigh uaidh a bheith in ann cúrsaí Mheiriceá Laidinigh a phlé i nGaeilge ag deireadh an aistir.

Seo fear a shuíonn síos le Léacht Uí Chadhain a thras-scríobh  – é féin agus a fhoclóir i bhfad i gcéin, obair nach aon dóithín í. Fear ceanndána é ach féach go gcuireann tvuít laethúil an Duinnínigh cluaisíní croí air.

Is minic a deirinn gur phléisiúr Dé a bheith ag múineadh Gaeilge d’eachtrannaigh a bhíodh saor ón ualach a fhágann an t-iarchoilíneachas agus an cur i gcéill ar Éireannaigh. Cloisimid neart faoin tráma sin agus an t-iriseoir cruthanta seo ar a thuras teanga.

Chuir an t-údar agallamh ar 48 duine aitheanta a bhfuil baint acu le foghlaim nó múineadh na teanga, thaistil sé ó cheann ceann na tíre ar thóir na Gaeilge agus d’fhreastail sé ar dhianchúrsaí Gaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla, é sin uilig mar scafall dá chuid foghlama.

Níl aon dabht áfach ach gurbh é Raidió na Gaeltachta an acmhainn foghlama ab fhearr a d’fheil do Mhichael. Feicim anois é faoi theas na gréine sa Cholóim ag éisteacht leis na fógraí báis agus socruithe sochraidí ar an raidió! An bás agus Gugulaí Gug déithe nua na foghraíochta.

Chomh maith leis na fógraí báis, léigh sé na dea-leabhair faoi bhás agus athbheochan na teanga agus lean sé na conspóidí móra uilig faoin teanga. Smorgasbord de na conspóidí is déanaí a chuirtear os ár gcomhair – an síneadh fada ar líne, siléig an stáit, réiteoir an Bhéarla i Ros an Mhíl, Ó Bruic agus teach ósta Chorcaí, neamhchumas agus fearg Rosita Boland, aistear Joe McHugh a bhuíochas d’Enda Kenny, damnú Chéin Uí Éigeartaigh, Paul Williams ag cur tuin chainte Naitsíoch air féin, iomarbhá an chaighdeáin agus péindlíthe na Gaeilge. Spéisiúil go leor is ar Tuairisc.ie a nochtadh nó a tuairiscíodh formhór na gconspóidí seo, cé nach léir an méid sin don údar agus gur beag é a mheas ar an suíomh seo.

Ar éirigh lena chuid foghlama? Aige féin amháin atá freagra na ceiste sin agus dar leis go bhfuil an gad scaoilte aige dá theanga agus dá mheabhair agus é ag gaeilgeoireacht anois le daoine a mbíodh sé ag béarlóireacht leo san am a caitheadh. Agus rinne sé agallamh fada le Rónán Beo Mac Aodha Bhuí!

Sular thosaigh sé ar athfhoghlaim na teanga, cheap sé go mbeadh sé níos compordaí ina chóta agus a chraiceann Gaelach ach an Ghaeilge a bheith aige agus go mbeadh an snáth ceangail sin aige leis na sinsir, leis an gceol agus an seanchas. Is uaillmhianach mar sprioc é agus tá súil agam go bhfuair sé a mhian. Ach más tine ghealáin féin í nach mór an spórt a bheith ag iarraidh breith uirthi?

Ar éirigh leis an leabhar? Níl aon dabht ach go meallfaidh clúdach maoithneach mealltach an leabhair daoine le turas a thabhairt ar thír aineoil na teanga, más ón tolg féin é. Na daoine sin a deir ‘I’d love to speak Irish but…’ taitneoidh an leabhar seo leo agus tuigfidh siad an streachailt atá i ndán dóibh.

Ach dar liom féin go bhfuil an t-údar ag iarraidh an iomarca a chlúdach sa leabhar seo – a thuras teanga féin, scéal na Gaeilge sa 32 contae, iarrachtaí foghlama dhaoine eile agus scéal teangacha eile atá i mbaol a mbáis ar fud an domhain.  Tá an t-eolas cuimsitheach sin fíorspéisiúil agus an dúrúch taighde soiléir ach ‘one man’s return to the Irish language’ fotheideal an leabhair seo agus sílimse gur leabhar eile achoimre agus anailís an iriseora ar chonstaicí agus conspóidí na teanga. Ba mhór an chabhair freisin dá mbeadh innéacs leis an saothar le go bhféadfadh maithe agus móruaisle na Gaeilge a fheiceáil an raibh siad ann, agus le go bhféadfadh lucht RnaG a fheiceáil ar fágadh éinne acu as.

Seachas díriú ar choraíocht anacrach an údair leis an teanga seo a d’fhoghlaim sé ar scoil ina óige, tugann sé faoi róidíní pholaitíocht agus shocheolaíocht an phláinéid Gaeilge, mar a pléadh iad sna meáin Ghaeilge agus sna comhráite a bhí aige le daoine ar fud na tíre. Is geall le drón é ag glacadh pictiúir na gaeilgeoireachta sa tír ach sinne atá níos faide ar an ród, tuigimid go maith nach mar a shíltear a bhítear. Oscailt súl a bheas ann dóibh siúd nach dtaithíonn an pláinéad seo.

‘It will (an leabhar) make you want to strike out in search of the grá’, a deir Joseph O’Connor ar an gclúdach. Mise á rá leat gur maith gasta a gheobhaidh tú amach gurbh éasca na hAindéis a dhreapadh go mór fada ná an turas fealltach teanga seo.

Trí huaire de RnaG gach lá gan aon stáisiúin Bhéarla a chasadh air, an teilifís tachta agus Gugalaí Gug nó ceol mar fhaoiseamh agus Gaeilge á labhairt agat le gach duine a chasann ort, más maith nó olc leo é! An dúshlán is mó gaeilgeoir beo beathach a aimsiú le gnáthchomhrá a dhéanamh leat os do chomhair amach  sa saol fíorúil nua seo. 

Aon chomhairle?

Comhairle a cuireadh ar an údar le linn a aistir teanga: foghlaim an focain rud!

Agus aon chomhairle ag McCaughan féin dúinn?

Stop den Bhéarla, stad de na leithscéalta agus den aiféala.

Agus, ar ndóigh, ná dearmad, labhair an focain rud!

– Tá Coming Home le Michael McCaughan foilsithe ag Gill Books