Scóip litríocht na Gaeilge á síneadh ag ‘Tearmann’ Hijmans

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Níl críoch úrscéal nua Alex Hijmans gan locht, ach tabharfaidh An Tearmann spléachadh taitneamhach duit ar shaol eile ar fad

Scóip litríocht na Gaeilge á síneadh ag ‘Tearmann’ Hijmans

Tá fear ilteangach na hÍsiltíre, Alex Hijimans, tar éis leabhar eile atá lonnaithe sa Bhrasaíl a scríobh. An geábh seo is é Eoin an príomhcharachtar, surfálaí réchúiseach as Éirinn atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar threibh bhundúchasach atá in aighneas leis an rialtas. Baineann an t-aighneas le talamh a gealladh dóibh, ach ní haon The Field é seo.

Cuireann Eoin faoi i mbrú O Refúgio do Surfista, áit a mbuaileann sé le Chico seansurfálaí a bhíonn mar chrann taca aige. Diaidh ar ndiaidh faighimid amach nach bhfuil cúrsaí díreach chomh réidh is a shamhlaíomar ar dtús. Níl cúrsaí oibre díreach i gceart d’Eoin agus tá seanchaidreamh ag déanamh tinnis dó. Nuair a chuireann sé faoi ar thearmann na mbundúchasach éiríonn leis éalú ó go leor de na fadhbanna sin. Glacann an treibh leis. Téann cúrsaí chun donais ansin, don treibh féin agus dá shaol pearsanta.

An bua is mó atá ag an leabhar seo ná an domhan a chruthaítear ann – tearmann na treibhe sa dufair, atá lán le carachtair spéisiúla inchreidte. Tá an scéal féin láidir.

Is cinnte go mbíonn uait fáil amach céard a thitfidh amach i gcás Eoin agus i gcás na treibhe. Anuas air sin ní léir duit céard a tharlóidh aon áit sa leabhar, rud tábhachtach.

Tá píosaí áirithe a n-éiríonn thar cionn leo, siombalachas an chláir surfála mar shampla. Tá ionramháil an-mhaith déanta sa leabhar ar conas mar a phléann daoine le cultúir atá ‘íonghlan’ agus céard atá inghlactha agus an cultúr dúchais ag plé leis an saol nua-aimseartha. Tá roinnt comhairle ann do dhaoine abhus, ba dhóigh leat. Mór-rud ná go bhfuil scóip na litríochta Gaeilge á síneadh i Tearmann. A bhuíochas sin leis an suíomh agus an cultúr nach bhfuil taithí againn air agus le roinnt de na ceisteanna a spreagtar.

Bhraith mé lochtanna áirithe ar an leabhar, mar sin féin. I dtús an leabhair tá roinnt rudaí tromchúiseacha ag tarlú i saol Eoin. Fiú má ghlactar leis gur duine an-réchúiseach é nó fiú go dteastaíonn uaidh neamhaird a thabhairt ar na fadhbanna sin, is deacair a chreidiúint go bpléifeadh sé leo sa tslí a phléann.

Tá béim níos mó ar an scéal féin ná ar na carachtair. Ní cáineadh an méid sin óir tá an suíomh agus an cultúr nua seo chomh spéisiúil sin, ach níor bhraith mé go gcuirimid aithne cheart ar Eoin. Is fear é atá ag iarraidh éalú ón saol ar go leor slite ach fágtar mar sin gur beag greim a fhaighimid ar an duine a bhí ann roimhe seo agus, dá bhrí sin, ar an duine atá ann dáiríre. Theastaigh uaim tuilleadh a fháil amach faoi na fáthanna go bhfuil sé anseo i lár na dufaire.

Bhraith mé lúb ar lár sa deireadh chomh maith. Gach seans gur tuairim phearsanta atá ann ach shíl mé go mb’fhearr go leanfadh an chuid seo den leabhar beagán níos faide. Ní lia duine ná tuairim, ach ní théann críoch mar atá sa leabhar seo i gcion rómhór ormsa.

Ainneoin na laigí sin, tarraingítear isteach sa scéal thú agus éiríonn an-mhaith leis aird an léitheora a choinneáil. Tá plota láidir ag croí an leabhair agus bíonn luas maith faoin insint. Tabharfaidh An Tearmann spléachadh taitneamhach duit ar shaol eile ar fad agus is fiú é a léamh ar an mbonn sin.