Rabhadh gan dul ag snámh tugtha i gcás trá Ghaeltachta amháin, caighdeán uisce den scoth ag chuile cheann eile

Bhí droch-chaighdeán uisce arís ar Thrá na mBan ar an Spidéal i nGaillimh in 2023, de réir na tuarascála is déanaí ón EPA

Rabhadh gan dul ag snámh tugtha i gcás trá Ghaeltachta amháin, caighdeán uisce den scoth ag chuile cheann eile

Tá trá ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara ar cheann de chúig cinn ar fud na tíre a raibh droch-chaighdeán uisce snámha iontu.

De réir na tuarascála is déanaí ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) maidir le huisce snámha ar fud na tíre, bhí droch-chaighdeán uisce snámha ar Thrá na mBan ar an Spidéal in 2023, rud a fhágann go bhfuil rabhadh tugtha don phobal gan dul ag snámh ansin.

B’in an dara bliain as a chéile nach raibh caighdeán sásúil uisce ar an bpríomhthrá ar an Spidéal.

Fuíolluisce uirbeach agus truailliú ó fhoinsí talmhaíochta agus ó dhabhcha séarachais is mó ba chúis leis an droch-chaighdeán uisce ar Thrá na mBan, dar leis an EPA.

Tá ionad cóireála fuíolluisce nua tógtha ag Uisce Éireann ar an Spidéal chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce ach ní raibh an t-ionad ag feidhmiú nuair a rinneadh na tástálacha ar an uisce ar Thrá na mBan. Déanann an EPA tástálacha roimh, le linn agus díreach i ndiaidh an tséasúir snámha, a bhíonn idir an 1 Meitheamh agus an 15 Meán Fómhair in Éirinn.

Beidh súil ann go réiteoidh an t-ionad cóireála nua, atá i bhfeidhm ó mhí na Samhna seo caite, cuid den fhadhb i gcás Thrá na mBan. Deir an EPA freisin go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe chun scrúduithe a dhéanamh ar fheirmeacha sa cheantar agus chun dul i ngleic le fadhbanna le dabhcha séarachais.

Bhí uisce ar chaighdeán den scoth ar an trá eile ar an Spidéal a luaitear sa tuarascáil, Céibh an Spidéil.

Bhí Trá na mBan i mBun Cranncha i nDún na nGall agus Tránna Bhaile Bhrigín, Loch Sionnaigh agus Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath ar na tránna eile sa tír a raibh droch-chaighdeán uisce orthu, de réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland, 2023.

Seachas Trá na mBan ar an Spidéal, bhí uisce snámha ar chaighdeán den scoth ar gach ceann eile den 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu. Bhí tránna i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí agus Maigh Eo i gceist.

Bhain Trá Phort Arthur i nGaoth Dobhair, a raibh caighdeán maith uisce ann in 2022, caighdeán den scoth amach in 2023.

Chomh maith leis an 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sa tuarascáil naoi dtrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, péire i gCiarraí, ceann i gCorcaigh, trí cinn i nGaillimh agus trí cinn eile i Maigh Eo. Bhain gach ceann acusan ‘caighdeán den scoth’ amach.

Déantar tástáil eile ar an uisce ag na tránna seo ar mhaithe le sláinte an phobail.

San iomlán, rinneadh tástáil ar 148 trá in Éirinn anuraidh agus d’éirigh le 142 acu, nó 97%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 114 acu (79%) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach, trí cinn níos lú ná mar a bhain an caighdeán is airde amach anuraidh.

Bronnadh caighdeán den scoth ar an uisce ar Thrá na hAille Brice/Cnocán an Airgid in iarthar Chonamara den chéad uair riamh.

Dúirt an EPA gur “bliain dhúshlánach” a bhí in 2023 maidir le caighdeán uisce snámha de thoradh na báistí uile a thit.

Cúrsaí talmhaíochta, fuíolluisce agus madraí ag salú ar thránna na príomhrudaí a raibh tionchar acu ar chaighdeán an uisce snámha. Dúradh gur eisigh údaráis áitiúla 228 rabhadh anuraidh de bharr go raibh báisteach throm geallta agus an baol ann go mbeadh truailliú uisce mar thoradh uirthi. Eisíodh 76% de na rabhaidh seo le linn mí Iúil, “an mhí ba fliche ar an taifead” dar leis an EPA.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le caighdeán an uisce snámha agus aon rabhadh a fháil ag www.beaches.ie.

Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil

Ciarraí
Fionntrá Caighdeán den scoth
Baile an Sceilg Caighdeán den scoth
Dún na nGall
Baile Thiarnáin Caighdeán den scoth
An Charraig Fhinn Caighdeán den scoth
Na Dúnaibh Caighdeán den scoth
Droim na Tine Caighdeán den scoth
Trá Phort Arthur Caighdeán maith
Dumhaigh Caighdeán den scoth
Machaire Rabhartaigh Caighdeán den scoth
Gaillimh
Trá na bhForbacha Caighdeán den scoth
Trá na mBan, An Spidéal Droch-chaighdeán
Céibh an Spidéil Caighdeán den scoth
An Trá Mhór, Coill Rua Caighdeán den scoth
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua Caighdeán den scoth
Trá Chaladh Fhínse Caighdeán den scoth
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór Caighdeán den scoth
Trá Inis Oírr Caighdeán den scoth
Maigh Eo
Dumha Éige, Acaill Caighdeán den scoth
Cuan Oilí Caighdeán den scoth
An Mallach Rua Caighdeán den scoth
Barr na Rinne Caighdeán den scoth
Tránna eile
Béal Bán (Ciarraí) Caighdeán den scoth
An Rinn Rua (Ciarraí) Caighdeán den scoth
Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) Caighdeán den scoth
An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) Caighdeán den scoth
Trá na Reilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) Caighdeán den scoth
An Chrois, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An Tearmann, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An tSraith, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
Oileán Chléire (Corcaigh) Caighdeán den scoth

Fág freagra ar 'Rabhadh gan dul ag snámh tugtha i gcás trá Ghaeltachta amháin, caighdeán uisce den scoth ag chuile cheann eile'