NUAFHOILSITHE: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí agus An Bhumbóg Mhór Bhuí

Caitear súil ar chuid de na leabhair Ghaeilge atá díreach foilsithe

NUAFHOILSITHE: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí agus An Bhumbóg Mhór Bhuí

Doirse an Teampaill – Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí

Marie Whelton
Ealaín le Frank Endersby
Foilseacháin Ábhar Spioradálta
Clúdach bog, €12.00

Cnuasach dánta “machnamhacha ó dhearcadh na Críostaíochta” é Doirse an Teampaill: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí le Marie Whelton atá foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta. Deir an file féin gur cnuasach atá ann ‘a thaiscéalann an tslí a ndéanann teagmhálacha laethúla agus téacsanna aithnidiúla doirse spioradálta éagsúla a oscailt’.

Faigheann an file inspioráid ó fhoinsí éagsúla scrioptúir, filíochta agus scríbhinní spioradálta. Déantar machnamh sna dánta chomh maith ar ghnéithe uilíocha an tsaoil, téamaí amhail an grá, an bás, brón, lúcháir, ceiliúradh agus muintearas.

Cé go bhfuil ábhair éagsúla agus meascán téamaí sna dánta, is é an machnamh agus an grinnstaidéar ar an spioradáltacht an snáth ceangail atá eatarthu. Sníonn Whelton tionchar ó fhilí agus scríbhneoirí eile isteach sna dánta, tarraingíonn sí ar an mBíobla den chuid is mó, ach tá tionchar ó fhilí eile ann freisin.

Ag tús an leabhair tagraíonn Whelton do na línte seo ón dán ‘A Thousand Mornings’ le Mary Oliver.

Today I’m flying low and I’m
not saying a word.
I’m letting all the voodoos of ambition sleep…
Stillness. One of the doors
into the temple.

Suaimhneas agus spioradáltacht téama an leabhair agus an ciúnas atá i bhfolach faoi chruóg an tsaoil á thóraíocht ag an bhfile.

Cuirtear tús leis an gcnuasach le ‘Pietà’. Suite aimsir na Nollag, tugann máthair aosta cuairt ar a páiste, atá ina duine fásta anois agus ag fáil bháis leis an ailse. Cuireann an dán dínit an ghrá i láthair agus an sólás atá le fáil i ngnáthrudaí beaga an tsaoil.

I bhforhalla an ospidéil, thug póirtéir cathaoir rotha di,
bhí orainn RTÉ Guide a cheannach duit sa siopa beag,
ní fhéadfainn a rá léi nach mbeifeá in ann é a léamh.

Soilsíonn an grá tríd na dánta ar fad sa gcnuasach. I ndán eile ‘Ola an Ghrá (Machnamh ar Lúcás 7: 36–50)’ samhlaíonn Whelton an véarsa aitheanta ón mBíobla ina dtugann Íosa maithiúnas do bhean a raibh peaca déanta aici. Is ó dhearcadh na mban a scríobhann Whelton an dán agus cuireann sí an faoiseamh, an faitíos agus an fhuascailt a shamhlaíonn sí a d’airigh an bhean, i láthair sa dán.

Cé gur chuala mé ceisteanna agus breithiúnas an tslua,

níor chuir cogar ná cúlchaint isteach orm riamh arís:

thuig mé gur theastaigh uaidh a bheith doirte le hola mo ghrá-sa agus

d’imigh mé faoi shíocháin agus é de rún agam é a ghlóiriú le mo bheatha úr

Taiscéaladh machnamhach ar an spioradáltacht a theagmhaíonn le réimse leathan ábhar atá sa gcnuasach seo agus cé go bhfuil dánta brónacha ann, tá ceiliúradh ann freisin. Lámhleabhar nó compánach atá sa leabhar a d’fhéadfaí a úsáid mar chuid de chleachtas laethúil spioradáltachta.

An Bhumbóg Mhór Bhuí ar Strae  – The Great Yellow Bumblebee Goes Astray

...
Katherine Mangan & Margaret Tallott
Ealaín le Jean Beard
Foilsithe ag Baile Slachtmhar Bhéal an Mhuirthead
Clúdach bog, €10
...

Pictiúrleabhar dátheangach é An Bhumbóg Mhór ar Strae / The Great Yellow Bumblebee Goes Astray atá foilsithe ag Baile Slachtmhar Bhéal an Mhuirthead mar chuid d’fheachtas caomhnaithe na mbeach agus chun airgead a bhailiú do thograí bithéagsúlachta i mBéal an Mhuirthead.

Tá nóta ag tús an leabhair ó Dave Suddaby atá le Birdwatch Ireland ina ndéantar cur síos ar an gcomhthéacs don leabhar seo agus don fheachtas atá ar bun chun gnáthóga na mbumbóg a chaomhnú. Scríobhann seisean nach bhfuil fágtha in Éirinn ach dornán áiteanna ina bhfuil na bumbóga fós le fáil, áiteanna atá le cósta agus ina bhfuil an móinéar fágtha faoi bhláth.

Meascán deas de scéal, pictiúir lándaite agus fíricí atá sa leabhar. Tá sé scríofa i nGaeilge agus i mBéarla agus tá an scéal inste ó dhearcadh ‘Bláithín an Bhumbóg’ agus an lá a ndeachaigh sí ar strae agus í ag iarraidh greim le n-ithe a aimsiú.

Míniú atá sa scéal seo ar thábhacht na bhfiailí agus na mbláthanna fiáine do na beacha. Ag tús an scéil dúisíonn ‘Bláithín’ i ndiaidh codladh mór an gheimhridh agus imíonn sí léi ag tóraíocht a bricfeasta.

Bíonn sé ina obair aici, áfach, mar nach bhfuil aon fhásra fágtha nach bhfuil bearradh siar déanta air.

Ar aghaidh liom siar
Trí ghairdín is gort
Trí fheirmeacha is páirceanna
Trí bhánrach is port

Bhí na gairdíní gleoite
Bhí na feirmeacha glan
Cois bóthair dian-bhearrtha
Ní raibh fiaile ar bith ann

Is deas an leabhar é seo do dhaoine óga agus ar gach leathanach tá fíricí beaga maidir le saolré na mbeach, an bia a bhíonn uathu agus mar sin de. Tá léaráidí áille le Jean Beard de bhailte beaga, bláthanna, beacha agus an tírdhreach le feiceáil tríd an leabhar ar fad.

Déanann Katherine Mangan agus Margaret Tallott jab an-mhaith chun míniú simplí soiléir a thabhairt ar an ngéarchéim atá ann maidir le scéal na mbeach in Éirinn ar bhealach atá tarraingteach agus suimiúil.

Más deas é an leabhar do dhaoine óga, ní dhéanfadh sé aon dochar do dhaoine fásta é a léamh ach an oiread. Laghdódh sé an stró a chuireann daoine orthu féin ag bearradh an fhéir agus chabhródh sé leis na beacha – tairbhe don dá dhream.

Fág freagra ar 'NUAFHOILSITHE: Dánta ó Spioradáltacht Chríostaí agus An Bhumbóg Mhór Bhuí'