Níl Gaeilge líofa ach ag duine as gach deichniúr cúntóirí riachtanas speisialta, de réir suirbhé náisiúnta.
De réir an Tuarascáil faoi Shuirbhé Náisiúnta ar Chúntóirí Riachtanas Speisialta, an chéad suirbhé náisiúnta riamh a rinne an Roinn Oideachais faoi chúntóirí riachtanas speisialta an stáit, deir 57% díobh nach bhfuil labhairt na Gaeilge go maith acu.
Dúirt 11% nach bhfuil labhairt na Gaeilge ar chor ar bith acu, an céatadán céanna a dúirt go raibh Gaeilge líofa acu.
De réir na dtorthaí, 5,034 den 7,446 cúntóir a ghlac páirt sa taighde a thug le fios nach go rómhaith a bhí labhairt na Gaeilge nó nach raibh labhairt na Gaeilge ar chor ar bith acu.
Dúirt níos mó daoine nach raibh labhairt na Gaeilge ar chor ar bith acu – 849 – ná mar a dúirt go raibh Gaeilge líofa acu – 800 duine.
16 cúntóir as an 7,401 cúntóir a líon amach an suirbhé go léir a líon amach i nGaeilge é, 0.2% den iomlán.
21% de na cúntóirí riachtanas speisialta a d’fhreagair an suirbhé a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge go maith acu.
21,000 cúntóir riachtanas speisialta atá ag obair i scoileanna an stáit. An aidhm a bhí le taighde na Roinne ná eolas a bhailiú faoina gcuid oibre agus tuiscint níos fearr a fháil ar an obair sin. Deirtear go mbunófar polasaithe amach anseo ar thorthaí an taighde. 13,465 cúntóir speisialta a ghlac páirt i suirbhé na Roinne agus líon 7,401, nó 55%, díobh an suirbhé go léir.
De réir na tuarascála nua tá easpa mhór cothromaíochta ó thaobh inscne agus éagsúlachta i measc na gcúntóirí riachtanas speisialta. Gealltar go rachaidh tascfhórsa i ngleic leis an easpa sin. Deirtear chomh maith gur ábhar imní ag daoine san earnáil nach mbíonn dóthain maoinithe ná deiseanna oiliúna ag cúntóirí.
Ní fhaigheann formhór na gcúntóirí aon réamhoiliúnt.
Deirtear go mbíonn caidreamh maith ar an mórgóir ag na cúntóirí le foirne na scoileanna a mbíonn siad ag obair iontu ach gur léiríodh roinnt imní faoi easpa ‘cothrom na Féinne agus trédhearcachta’ an chórais earcaíochta. Caithfear dul i ngleic leis na ceisteanna sin, a deirtear.
Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil níos mó ná na buncháilíochtaí riachtanacha ag formhór na gcúntóirí agus go bhfuil na cúntóirí sin ar son athbhreithniú a dhéanamh ar na buncháilíochtaí sin.
Dúirt formhór na gcúntóirí sa suirbhé go raibh siad an-sásta ina bpostanna ach dúirt go leor daoine go mbíonn strus mór ag baint lena gcuid oibre.
Fág freagra ar 'Gaeilge líofa ag duine as gach deichniúr cúntóirí riachtanas speisialta – taighde nua'