FILÍOCHT

‘Ceannlínte’ – cnuasach nua filíochta le Gabriel Rosenstock
Seoladh leabhar nua dátheangach le Gabriel Rosenstock i Luimneach le deireanas. Headlines an t-ainm atá ar an gcnuasach filíochta a raibh ceannlínte ón New York Times agus grúpa filí buile as Meicsiceo, Infrarrealismo, mar spreagadh aige.
Grúpa filí a bunaíodh i gcathair Mheicsiceo sna 1970idí iad ‘Infrarrealismo’. Scór filí a bhí páirteach sa ngrúpa agus é d’aidhm acu ‘to blow the brains out of the cultural establishment’.
Is é an file John Liddy a sheol Headlines ag ócáid in Ionad Scríbhneoirí Luimnigh. Tá na dánta sa leabhar bunaithe ar ghiotaí as ceannlínte a foilsíodh sa New York Times idir 11-31 Lúnasa 2023.
Scaoileann Rosenstock lena ghreann géar faoi áiféis na gceannlínte agus amaidí na cogaíochta agus scrúdaíonn sé leis an t-aonchineálú cultúrtha, an t-athrú aeráide agus ábhair eile.
Deir Garry Bannister gur guth ‘réabhlóidí ionsaitheach síochánta’ atá sa chnuasach dátheangach seo.
DRÁMA
Léitheoirí á lorg ag an gCultúrlann do léamh boird ar dhráma nua
Tá Cultúrlann Uí Chanáin ag lorg léitheoirí do léamh boird ar dhráma nua le Dave Duggan. Saint an teideal atá ar an dráma nua leis an drámadóir agus scríbhneoir atá ina chónaí i nDoire le fada an lá.
Cuirfear an léamh ar bun i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Déardaoin, an 13 Meitheamh ag tosú ag 9:30 ar maidin. Ní bheidh lucht féachana i láthair agus níl aisteoireacht i gceist. Beidh dréacht an dráma á léamh líne ar líne i rith na maidine chun go gcloisfear an dialóg os ard.
Cuireadh drámaí le Dave Duggan ar stáitse in Éirinn, i nDún Éideann, Learpholl, Nua-Eabhrac agus san Afganastáin. Scríobhann sé i nGaeilge agus i mBéarla. I measc a shaothair i nGaeilge, tá dhá úrscéal Makaronik agus Ór agus Mil, drámaí stáitse agus raidió agus dráma ar líne don BBC.
Ba é a scríobh an gearrscannán Dance Lexie, Dance a ainmníodh do ghradam Oscar. Tá súil aige go léireofar an dráma Saint an bhliain seo chugainn.
Tá fáilte á cur roimh dhaoine le Gaeilge a bhfuil suim acu páirt a glacadh sa léamh teagmháil a dhéanamh le Eibhlín Ní Dhochartaigh, Stiúrthóir Ealaíne Chultúrlann Uí Chanáin ag eibhlin@culturlann.org.
SIÚLÓID
Trí lá ar Shlí Cholmcille – siúlóid threoraithe lán-Ghaeilge
Ón 7 -9 Meitheamh 2024 beidh siúlóid agus oilithreacht trí lá i nGaeilge ar Shlí Cholmcille i nDún na nGall. Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, agus ceanglaíonn sé áiteanna a bhaineann le beatha agus le traidisiún an naoimh.
Tá súil go mbeidh an tSlí mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Beidh deis eolas a chur ar an dúlra, slí don cholainn, agus slí don spiorad agus comhluadar i nGaeilge i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.
Ó 2020, bhí oilithreacht gach samhradh ar Shlí Cholmcille, agus is í seo an dara siúlóid agus oilithreacht atá go hiomlán i nGaeilge. Tá sí á heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair pleanála teanga i nDún na nGall i gcomhar le clár Cholmcille Fhoras na Gaeilge. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais, ag treorú na siúlóide.
Tá pacáistí lae ar fáil agus tuilleadh eolais ó sli@forasnagaeilge.ie
FÉILTE

An Galway Folk Festival faoi lán seoil
Cuireadh tús Dé Céadaoin leis an Galway Folk Festival agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 9 Meitheamh. Seo í an tríú bliain den fhéile ceol tíre agus tá os cionn 50 ceoltóir agus grúpa ag glacadh páirt sa bhféile i mbliana. Ceiliúradh ar cheol tíre, ceol traidisiúnta agus ceol ar an tseanstíl atá i gceist leis an bhféile atá ar bun in ionaid éagsúla ar fud chathair na Gaillimhe.
Tá rogha seónna in aisce san áireamh i gclár na bliana seo chomh maith leis na seónna go bhfuil táille le híoc orthu. Beidh Cuppa Tea TV ar ais i mbliana agus fócas acu ar cheol na n-óg ar an Satharn agus ar an Domhnach agus beidh Culture Vultures i láthair le Tony Clayton-Lea agus aíonna speisialta faoi agallamh i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
I measc na gceoltóirí a bheidh le feiceáil ar an deireadh seachtaine tá Seán Keane agus ceolchoirm am lóin á cur i láthair aige i Monroe’s ar an Satharn, 8 Meitheamh agus ticéid ar €25 ar fail anseo.
Ceolchoirm le Sharon Shannon a bheidh mar chlabhsúr ar an bhféile agus í ar stáitse Monroe’s oíche Dé Domhnaigh agus ceol aici óna halbam nua Now!
Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Galway Folk Festival anseo.
Féile na Gealaí i Ráth Chairn glas na Mí
Tá Féile na Gealaí, féile campála na nGael, ar bun an deireadh seachtaine seo. Beidh an fhéile ar siúl i bPáirc Chumann Lúthchleas Gaeil Ráth Chairn ón Aoine 7 go dtí an Domhnach 9 Meitheamh agus rogha mhór imeachtaí ceoil leagtha amach i gclár na bliana seo.
Tugann an fhéile ardán do cheoltóirí nua, comhaimseartha na Gaeilge agus Gàidhlig agus beidh ceoltóirí Éireannacha ag glacadh páirt sa bhféile chomh maith le ceoltóirí a bheidh ar chuairt anall as Albain. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil i rith na féile, beidh Jiggy, Na Bonnymen, Super Céilí, Joy Dunlop, Na Fíréin, Cuas agus Grooveline.
Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine an 7 Meitheamh le ceol ar stáitse ón ghrúpa áitiúil na Hot Toddies, agus leanfaidh an chraic le Cuas as Corca Dhuibhne, Grooveline agus buíon bheomhar Bhaile Átha Cliath, The Bonnymen.
Beidh meascán mearaí de cheol arís ar an Satharn ag tosú le Clann cheolmhar Mhic Corraidh as Béal Feirste. Beidh an banna ceoil Na Fíréin ar ais le chéile arís do cheolchoirm speisialta agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ó chas siad i Ráth Chairn den chéad uair riamh.
Gach eolas agus ticéid ar fáil anseo.
RÁSAÍ BÁID
Tús á chur le Rásaí an Mháimín
Tá séasúr na rásaí báid faoi lan seoil, agus rásaí ar bun nach mór gach deireadh seachtaine i rith an tsamhraidh timpeall an chósta. Rásaí an Mháimín a bheidh ar bun an deireadh seachtaine seo i Leitir Móir i gConamara. Cuirfear tús leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn, 8 Meitheamh ag a 11 am le h-iascaireacht farraige ó Chéibh an Aircín. Beidh rásaí na mbád seoil ag tosú ag 4:30 i.n. Ar an Satharn agus is iad na gleoiteoga beaga a bheidh san iomaíocht. Bronnfar na duaiseanna ag 7:30 pm do rásaí an tSathairn.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach tráth a mbeidh rásaí na mbád seoil ag tosú ag a 5 pm. Is iad na báid mhóra, na leathbháid agus na gleoiteoga móra a bheidh ar an bhfarraige ar an Domhnach. Ag a 8 pm tráthnóna Dé Domhnaigh a mbeidh duaiseanna rásaí an lae sin á mbronnadh.
Tá gach eolas ar leathanach Facebook An Mháimín.
Fág freagra ar 'Ceannlínte an New York Times, drámaí, féilte agus rásaí báid '