Níl aon rogha againn ach bileoga toghcháin Béarla a scaipeadh sa Ghaeltacht – Fine Gael 

Deir Fianna Fáil go mbeidh leagan Gaeilge á scaipeadh den bhileog i mBéarla a scaip duine dá n-iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ar theaghlaigh Ghaeltachta 

Níl aon rogha againn ach bileoga toghcháin Béarla a scaipeadh sa Ghaeltacht – Fine Gael 

Deir Fine Gael nach bhfuil aon rogha acu ach bileoga toghcháin i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht.

Tá sé curtha i leith Fhianna Fáil agus Fhine Gael go bhfuil “neamhaird” á déanamh acu ar phobal na Gaeltachta.

Agus tús curtha le feachtais na bpáirtithe do na toghcháin ar an 7 Meitheamh, tuairiscíodh ar an suíomh seo inné gur scaip Fine Gael bileoga i mBéarla amháin ar theaghlaigh Ghaeltachta.

Níl focal Gaeilge, mar shampla, ar bhileoga do na hiarrthóirí sna toghcháin Eorpacha, Maria Walsh agus Nina Carberry, a scaipeadh ar theaghlaigh i nGaeltacht Chonamara.

Tá teachtaireacht ón Taoiseach Simon Harris ar na bileoga sin chomh maith.

Dúirt urlabhraí ó Fhine Gael le Tuairisc nach bhfuil sé de “rogha” ag an bpáirtí bileoga “ar leith” a scaipeadh i gceantair Ghaeltachta.

“Faoi na hachtanna toghcháin, bíonn iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha agus in olltoghcháin i dteideal bileog amháin a sheoladh saor in aisce go dtí gach teaghlach nó vótálaí – Litir um Thoghcháin.

Bileoga toghcháin i mBéarla amháin á scaipeadh ag Fine Gael agus Fianna Fáil ar mhuintir na Gaeltachta

“Baineann an tseirbhís seo, a bhíonn á bainistiú ag An Post leas as sonraí toghcháin a bhíonn ag na comhairlí áitiúla, eolas nach mbíonn aon bhaint dhíreach ag ár bhfoireann lena phróiseáil.

“Ina áit sin, cuirtear an t-eolas ar fáil do sholáthraithe deimhnithe a dhéanann an t-ábhar pearsantaithe a thairgeadh agus a dháileadh bunaithe ar ár ndearadh.

“Ní bhíonn aon phlé díreach againn leis an eolas seo agus mar sin ní féidir linn cumarsáid speisialta a dhíriú go sonrach ar cheantair Ghaeltachta, ná ar aon réigiún eile taobh istigh de thoghroinn. Mar sin féin, bímid ag súil go mbíonn an Ghaeilge san áireamh ag iarrthóirí áitiúla sna ceantair seo ina n-ábhar feachtais féin.”

Dúirt urlabhraí de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc go mbeadh leagan Gaeilge á scaipeadh den bhileog i mBéarla a scaip duine dá n-iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ar theaghlaigh Ghaeltachta.

Bileog ar son Dharragh Ó Tuairisg, iarrthóir de chuid Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla, atá i gceist agus ‘A Chara’ an t-aon Ghaeilge a bhí uirthi. Bhí triúr iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart do na toghcháin Eorpacha le feiceáil ar an mbileog sin chomh maith.

“Ceann de na cuspóirí atá ag Fianna Fáil ó bunaíodh é ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo na ndaoine agus a chinntiú go dtugtar cosaint do chearta na gcainteoirí Gaeilge,” a dúirt urlabhraí de chuid Fhianna Fáil.

“Tá líon maith dár n-iarrthóirí ag cur ábhar toghcháin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Moltar sin dóibh go léir agus tugtar tacaíocht do gach iarrthóir i réigiúin ina bhfuil Gaeilge á labhairt le freastal ar an dá theanga.”

Idir an dá linn, tá Coimisiún na Meán ag iarraidh ar na meáin Bhéarla níos mó ábhar a chraoladh i nGaeilge faoi thoghcháin na míosa seo chugainn.

I dtreoirlínte maidir le clúdach toghchán a d’fhoilsigh an Coimisiún inné, deirtear go bhfuil an craoladh i nGaeilge ina chuid den éagsúlacht a mbítear ag súil leis aimsir thoghcháin.

Deirtear gur chóir do na meáin léiriú a thabhairt “ar éagsúlacht shochaí na hÉireann” agus gur “cuspóir straitéiseach” de chuid an Choimisiúin é go gcraolfaí cláir “ar ardchaighdeán” i nGaeilge.

“Spreagann Coimisiún na Meán na seirbhísí Béarla freisin chun deiseanna breise a chur ar fáil chun toghcháin a chlúdach i nGaeilge, rud a bheadh de bhreis ar a gcuid oibleagáidí conarthacha,” a deirtear i Na Treoirlínte Maidir le Clúdach Toghchán.

Fág freagra ar 'Níl aon rogha againn ach bileoga toghcháin Béarla a scaipeadh sa Ghaeltacht – Fine Gael '

  • Gabriel Rosenstock

    Náireach.

  • Carraig

    Na bileoga Béarla ar fad a bhailiú agus iad a shacadh ar ais chucu ‘le meas’.

  • Gearóid de Grás

    An smaoineamh céanna a bhí agamsa, a Charraig – ach amháin nár smaoinigh mé ar ‘le meas’. Bhí fonn orm na bileoga a chur sa bhosca athchúrsála anseo sa chistin láithreach, ach bheartaigh mé iad a chur ar leataobh go fóill, ‘le sacadh ar ais chucu’ nuair a bheas mé sa bhaile mór. B’fhéidir gurbh fhearr ná bileoga Béarla go léir ó cheantar ar leith a chur i mbosca mór agus ‘ócáid’ a dhéanamh den sacadh céanna seachas daoine ag dul isteach chucu ina duine ‘s ina duine?

  • An Teanga Bheo

    Teanga na Tíre a Shimon Harris cá bhfuil tú náireach ceart an brú sios ar ár dteanga agus in ainm Dé, Gaeilge dá mhúineadh don na eachtrannaigh agus throid muid ar son Gaeilge San Eoraip.