‘Ní maith liom do thrioblóid, a Uasail S.’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: chuile lá beo, thugadh an tUasal S. cuairt ar a bhean chéile san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.

‘Ní maith liom do thrioblóid, a Uasail S.’

Ba léir le tamall de laethanta anuas go raibh comharsa béal dorais mo mháthar san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ag dul i ndonas.

Tráthnóna amháin agus doras sheomra mo mháthar á oscailt agam, bhí doras sheomra a comharsa ar faonoscailt agus chonaic mé go raibh Bean S. ar ghaireas análaithe.

An tráthnóna dár gcionn, bhí dochtúir ag caint le gaolta Bean S. agus chuala mé an focal ‘moirfín’.

An tráthnóna ina dhiaidh sin arís agus mé ag teacht amach as an ardaitheoir bhí an tUasal S., a mhac agus a iníon ina suí ag bord sa halla agus bhí siad ag caoineadh.

Chuaigh mé chucu agus chroith a lámha.

Bhí Bean S. 92 bliain d’aois, agus ní raibh na blianta deireanacha éasca – uirthi féin, ar a gaolta, ná go deimhin ar fhostaithe an ionaid chúraim. Bhí Bean S. ar dhuine de na hothair sin a dtagann taomanna mearbhaill tromchúiseacha orthu, scréacha uaithi uaireanta a chuireadh scaoll sna háitritheoirí eile.

Ach ansin, go gairid roimh a 5 a chlog tráthnóna, thagadh a fear céile ar cuairt agus d’iompraíodh duine de na cúramóirí dhá phláta bia chomh fada le seomra Bean S. Ní bhíodh aon scréacha óna seomra ag na hamanta sin.

Faoin Uasal S. atá an colún seo dáiríre.

Anois agus cónaí orm sa bhaile arís téim ar cuairt chuig mo mháthair ceithre nó cúig uaire sa tseachtain, níos minice ná cuid mhaith de ghaolta áitritheoirí eile. Ach thugadh an tUasal S., atá sna 90idí agus a bhfuil an siúl go dona aige, thugadh an tUasal S. cuairt ar a bhean chéile chuile lá beo.

‘Ní maith liom bhur dtrioblóid’ an t-aon rud a rith liom an tráthnóna úd a bhfaca mé é féin agus a chlann ag caoineadh ag an mbord in aice leis an ardaitheoir, ach scríobh mé teachtaireacht sa leabhar comhbhróin a fágadh ar an mbord céanna lá nó dhó ina dhiaidh sin.

‘Chonaic mé thú, a Uasail S., chonaic mé do dhíograis agus do dhúthracht agus is sampla dom thú. Ná caill an misneach.’

Chonaic mé an tUasal S. uair amháin ina dhiaidh sin. Bhí sé díreach ag tiomáint amach as an gcarrchlós nuair a bhí mé ag cur mo rothair faoi ghlas agus nílim cinnte go bhfaca sé gur chroith mé mo lámh air.

Nuair a d’oscail mé doras sheomra mo mháthar go gairid ina dhiaidh sin bhí an doras in aice leis ar leathadh. Bhí an seomra folamh agus bhí an comhartha le hainm Mhná S. imithe ón gcoinneálaí.

Inné, rud beag le cois seachtain ó d’éag Bean S., tá comhartha le hainm nua sa choinneálaí sin.

Fág freagra ar '‘Ní maith liom do thrioblóid, a Uasail S.’'