‘Ní fíor gur pobal bán, meánaicmeach, Caitliceach amháin a bhíonn i nGaelscoileanna’

Pléadh i dTeach Laighean an obair a dhéanann scoileanna lán-Ghaeilge chun pobal ó chúlraí éagsúla a chruthú agus an dea-thionchar a bheadh ag Gaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ó thaobh na héagsúlachta

‘Ní fíor gur pobal bán, meánaicmeach, Caitliceach amháin a bhíonn i nGaelscoileanna’

D’fhéadfadh bunú Gaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath athrú ó bhonn a dhéanamh ar chúrsaí scolaíochta sa cheantar trí béim níos mó a chur ar an oideachas measctha, ilchreidmheach agus ilaicmeach.

Tá grúpa i mbun feachtais chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i gCoill na Silíní i ndeisceart an chontae agus é ráite ag ionadaí dá gcuid go bhfuil deis ann an teanga a úsáid chun daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile.

Dúirt Eoin Mac Maoilir, Cathaoirleach Ghaelscoil Shliabh Rua, go bhfuil cúrsaí oideachais i mBaile Átha Cliath Theas “casta” i láthair na huaire agus scoileanna ann nach bhfuil teacht orthu ach ag daoine a bhaineann le haicme shóisialta ar leith.

“Tá go leor roghanna ag roinnt daoine agus easpa rogha ag daoine eile,” a dúirt Mac Maoilir. Dúirt sé freisin gur scoileanna aonghnéis a bhí in an-chuid de na scoileanna sa cheantar.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Mac Maoilir go léiríonn an t-éileamh atá ar Ghaelscoileanna ilchreidmheacha agus ionchuimsitheacha nua sa cheantar gur féidir leis an oideachas lán-Ghaeilge freastal ar chách agus tacú le pobal a thabhairt le chéile.

“Tá a lán éagsúlachta sa daonra seo. Tá a fhios agam i nGaelscoil Shliabh Rua, tá go leor tuismitheoirí ó thíortha eile, tuismitheoirí gan Gaeilge líofa agus ó chúlraí éagsúla agus sílim go léiríonn sé seo fíor-fhás i bpobal na Gaeilge agus an poitéinseal atá ag an nGaeilge mar uirlis chomhtháite.”

Dúirt Mac Maoilir gur bunaíodh trí Ghaelscoil ilchreidmheacha sa cheantar le thart ar deich mbliana anuas agus go raibh méadú mór tagtha ar líon na bpáistí a bhíonn ag freastal orthu.

“Sna scoileanna seo, tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaltaí le ceithre bliana anuas, ó 382 in 2019 go dtí 795 in 2023. Tá daltaí ó gach cearn den domhan ag freastal ar na scoileanna seo. I mo Ghaelscoil féin, bhí roinnt de na cathaoirligh ar an chumann tuismitheoirí ó thíortha eile.”

Dúirt sé go raibh cead pleanála faighte chun iarbhunscoil nua a thógáil ar shuíomh i gCoill na Silíní agus gur cheart don Roinn Oideachais deis a thapú agus cinneadh a dhéanamh gur Ghaelcholáiste a bheadh inti.

“Seo deis meánscoil ilchreidmheach, ionchuimsitheach a bhunú [a bheadh ag feidhmiú] trí mheán an Gaeilge. [Seo] seans scéal oideachais Bhaile Átha Cliath Theas a athrú,” a dúirt Mac Maoilir.

“Mar a dúirt mé, tá pobal ilghnéitheach Gaeilge á chothú ag na bunscoileanna, lán le Gaeilgeoirí nua. Samhlaigh dá ligfí don phobal seo fás le chéile sa mheánscoil.”

Ag trácht ar an éagsúlacht sna Gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath, dúirt Cormac McCashin ón bhForas Pátrúnachta nach raibh sé fíor gur “pobal bán, meánaicmeach, Caitliceach” amháin a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh Gaelscoileanna ilchreidmheacha ann ar fud Bhaile Átha Cliath agus páistí ó chúlraí éagsúla ag freastal orthu. Dúirt McCashin go raibh Gaelscoil amháin sa chathair ina bhfuil formhór theaghlaigh na bpáistí a fhreastalaíonn uirthi tagtha ó thíortha eile.

Dúirt sé go mbíonn sé níos deacra go minic an Ghaelscolaíocht a dhíol le tuismitheoirí a thagann thar lear ach nach bhfuil iarracht á déanamh ag an stát na teaghlaigh sin a chur i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge.

Dúirt Cormac Chambers, Príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach go raibh deis agus ról ag Gaelscoileanna daoine ó thíortha eile a thabhairt isteach agus iad a shá sa chultúr Gaelach.

“Seachas a bheith ag coinneáil daoine amach, is a mhalairt a dhéanann Gaelscoileanna, tugann siad daoine isteach,” a dúirt sé.

Dúirt Chambers go ndéanann na Gaelscoileanna an-chuid oibre chun páistí a fhréamhú sa teanga agus sa chultúr agus “go mbriseann sé ár gcroíthe” nuair a fheictear páiste ansin ag dul ar aghaidh go dtí iarbhunscoil Bhéarla toisc nach bhfuil rogha acu coinneáil leis an nGaeloideachas.

Dúirt an Teachta Catherine Connolly gur dea-scéal a bhí ann  a chloisteáil go raibh páistí ó chúlraí éagsúla ag freastal ar na scoileanna i mBaile Átha Cliath mar is minic go gcuirtear a mhalairt i leith scoileanna lán-Ghaeilge.

Reáchtáladh an cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais chun éisteacht a thabhairt do na grúpaí éagsúla atá i mbun feachtais ar son scoileanna lán-Ghaeilge nua ar fud chontae Átha Cliath.

Fág freagra ar '‘Ní fíor gur pobal bán, meánaicmeach, Caitliceach amháin a bhíonn i nGaelscoileanna’'

  • Siún De Barra

    An rud atá fíor ná go bhfuil éiteas Caitliceach Rómhánach de réir dlí ag 88% des na bunscoileanna sna 26 contae!!
    Tá gá le Gaelscoileanna le heiteas idircreidmheach nach mbíonn brú siceolaíoch ar tuistí agus páistí do bheith glacadh páirt sna saicrimintí Caitliceacha Rómhánacha.
    Tá iarrachtaí laga agus amscaí déanta ag an Rialtas agus ag an Eaglais Chaitliceach chun scoileanna a dhífheistiú.

    https://www.irishtimes.com/ireland/education/2023/03/14/fear-distrust-hidden-agendas-how-school-divestment-unravelled-in-one-suburb/

    https://www.rte.ie/news/education/2019/0402/1040149-school-patronage/

  • Colette

    Is trua faoin íomhá fhabhtach “Caitlicigh bhána” atá ag na Gaelscoileanna cé go bhfuil go leor acu ina scoileanna idirchriedmheacha.
    Ach ní mór an chabhair í gurb í an eiteas Caitliceach an t-aon rogha amháín a chuireann An Foras Pátrúnachta ar fáil do thuisimitheoirí atá ag iarraidh Gaelscoil a bhunú le heiteas reiligúnda faoi leith. Ní thugann siad an rogha céanna do thuisimitheoirí go bhfuil eiteas Ioslamach, Protastúnach,Ceartchreidmheach, Hiondúch, agus araile acu.
    Tá an tir ag athrú go h-an tapaidh agus seachas do bheith ag déanamh cás speisialta don reiligiún Caitliceach Rómhánach nach mbeadh sé níos ciallmhaire don Fhoras Pátrúnachta iarraidh ar an Eaglais Chaitliceach cuid dá scoileanna a thiontú ina nGaelscoileanna seachas do bheith ag déanamh obair a ba chóir do bheith ag an Phápa!