Neart údar díocais ag Cúige Mumhan agus a bhfreasúra

Sa dearbaí mór idirchúige níos anocht beidh Cúige Uladh ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Chúige Laighean

Neart údar díocais ag Cúige Mumhan agus a bhfreasúra

Cúige Mumhan, foireann atá sa tríú háit ar an tábla is túisce de na cúigí a bheas ag dul chun páirce i mBabhta 17, an dara babhta deiridh de réamh-bhabhtaí URC na bliana seo.

Tabharfaidh siad faoi Dhún Éideann sa gcathair sin anocht agus iad ag féachaint le tógáil ar an sár- chur chuige a bhí acu le cúpla seachtain. Má éiríonn leo bua a aimsiú sa gcoimhlint seo is iad a bheas ar bharr an tábla, sin go dtí go n-imreoidh Cúige Laighean agus Glaschú a gcuid cluichí féin amárach.

Roimh thús chluiche na hoíche anocht, ní scarann ach dhá phointe Cúige Mumhan (58) agus Glaschú (60), an fhoireann atá ar bharr an URC. Is fiú a mheabhrú gurb iad Cúige Laighean (59)  atá istigh eatarthu. Mar eolas freisin, is iad Bulls (58) na hAfraice Theas atá sa gceathrú háit,  dhá phointe níos ísle ná  Cúige Mumhan. Léiriú eile ar cé chomh teann agus atá cúrsaí ar bharr thábla an URC.

Caithfidh na Muimhnigh a bheith an-chúramach anocht. Níl Dún Éideann, foireann atá as seachtú háit, gan sprioc iad féin.  Tá neart údar díocais acusan freisin. Tá siad cothrom ar phointí (48) le Benetton, foireann atá san ochtú áit agus ní scarann ach pointe amháin iad féin agus Cúige Uladh (49), foireann atá díreach chun cinn orthu sa séú háit.

Sea, tá bunábhar iontach againn do shár-chluiche rugbaí agus tá mise sásta bua a thuar do na cuairteoirí mar gurb iad is fearr atá imirt faoi láthair ach bí cúramach le do gheall, is iad Dún Éideann atá sa mbaile.

Amárach i Stáid Dexcom ar an mBóthar Beag tabharfaidh Cúige Chonnacht (44) agus iad sa naoú háit,  faoi na Stormers (50) atá i bhfad chun cinn orthu, sa gcúigiú háit. Seo cluiche baile deiridh an tséasúir seo ag na Connachtaigh, rud a chuireann brú mór orthu.

Caithfidh siad iarracht ar leith a dhéanamh ceithre nó fiú chúig phointe a aimsiú más leo seans ar bith a thabhairt dóibh féin críochnú i measc an ocht bhfoireann a bheas ag barr an URC. Cuimhnigh go bhfuil cluiche i gcoinne Chúige Laighean fós le n-imirt acu san RDS faoi cheann coicíse. Is cinnte freisin go mbeidh Cúige Chonnacht ag iarraidh slán agus buíochas ceart a léiriú do Tiernan O’Halloran agus é ag imirt a chluiche deiridh baile don Chúige. Mar sin féin, tá drogall orm toradh a thuar.

Sa dearbaí mór idirchúige níos déanaí anocht beidh Cúige Uladh ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Chúige Laighean. Cé nach bhfuil ach cheithre áit idir na foirne seo tá deich bpointe eatarthu.

Teastaíonn bua le chúige phointe ó Chúige Laighean chun iad féin a ardú go barr an tábla arís, sin má chailleann Glaschú agus iadsan ag imirt i gcoinne na Lions sa Afraic Theas níos tuisce. Má imríonn Cúige Laighean mar a rinne siad sa RDS an Satharn seo caite is deacair a shamhlú nach mbeidh an lá leo.

Ach a mbeidh  an deireadh seachtaine seo caite, ní bheidh ach cluiche réamhbhabhta amháin le n-imirt ag na cúigí ar fad.  Ba cheart go mbeadh léargas níos soiléire againn ar an leagan amach a bheas ar chúrsaí do na babhtaí cáilithe.

Fág freagra ar 'Neart údar díocais ag Cúige Mumhan agus a bhfreasúra'