Na cúigí ag dul sa ghleo d’áit sa bhabhta leathcheannais

Cúige Mumhan, curaidh an chomórtais ó anuraidh, is túisce a bheas ag dul chun páirce sna babhtaí ceathrú ceannais den URC

Na cúigí ag dul sa ghleo d’áit sa bhabhta leathcheannais

Go tobann, níl ach ocht bhfoireann fágtha san URC. Beidh na cluichí ceathrú ceannais á n-imirt an deireadh seachtaine seo. D’éirigh le foirne ón gcúig thír atá sa gcomórtas an chéim seo den chomórtas a bhaint amach: trí fhoireann ón tír seo, dhá foireann ón Afraic Theas agus ceann amháin ón Iodáil, as Albain agus ón mBreatain Bheag. Cuirfidh sin go mór le suim an phobail i gcluichí na deireadh seachtaine.

Cúige Mumhan, curaidh an chomórtais ó anuraidh, is túisce a bheas ag dul chun páirce sna babhtaí ceathrú ceannais anocht agus iad ag cur fáilte go Páirc Thuamhan roimh Ospreys na Breataine Bige. Is deacair a theacht ar aon duine, i measc a lucht leanúna féin fiú, atá ag tuar bua do na hOspreys. Seans gurb iad na hOspreys an fhoireann is laige de na foirne atá fós sa gcomórtas. Ní dóigh liomsa go mbeidh na Muimhnigh ag tógáil seans ar bith anocht. Cuimhnigh gur thóg sé seachtó nóiméad orthu Cúige Uladh a chur ó dhoras seachtain ó shin. Caithfidh Cúige Mumhan a marc a leagan síos breá luath anocht agus bearna pointí a oscailt idir iad féin agus na cuairteoirí. Creidim go ndéanfaidh siad é sin. Fiú gan fáil de bharr gortú a bhain dóibh ar Joey Carbery ná Thomas Aherne, tá mé ag tuar bua anocht agus áit sna cluichí leathcheannais do na curaidh.

Tabharfaidh an dá chúige eile atá fós sa gcomórtas, Cúige Laighean agus Cúige Uladh, faoina chéile amárach i Staid Aviva. Tá mise ag tuar bua d’fhoireann Átha Cliath cé gur chaill siad faoi dhó i gcoinne Chúige Uladh i gcomórtas na bliana seo. Ach ní féidir comparáid a dhéanamh idir na foirne a chuir Leo Cullen chun páirce sna cluichí sin agus an triúr imreoirí is fiche a bheas ag imirt i Staid Aviva amárach. Cuimhnigh gur cluiche cinniúnach é seo do Chúige Laighean. Níor éirigh leo greim a fháil ar aon chraobh ó mhí Márta 2021. Caithfidh siad é sin a chur ina cheart. Seans go n-íocfaidh na hUltaigh as an easpa duaiseanna sin atá ag Cúige Laighean.

Maidir leis an dá chluiche ceathrú ceannais eile a bheas á n-imirt amárach, tá mé féin agus na geallghlacadóirí ar aon intinn: dhá bhua baile!

Sa mbaile i bPretoria a bheas na Bulls agus iad i gcoinne Benetton. Is deacair tada eile seachas bua maith d’fhoireann an bhaile a shamhlú sa gceann seo.

Maidir le ceathrú cluiche an deireadh seachtaine seo a bheas á imirt in Albain idir Glaschú agus na Stormers, bhuel, má tá seans ag aon fhoireann agus iad ag imirt as baile, seo é an ceann. Is beag atá idir an dá fhoireann seo roimh thús an chluiche. Is buntáiste ar leith do Ghlaschú a bheith sa mbaile agus is míbhuntáiste mór é an t-aistear fada ó Chape Town do na Stormers. Is beag eile atá idir na foirne seo.

Beidh tionchar ag botúin ar thoradh an chluiche seo.

Ach fainic, ná cuir mórán airgid ar Ghlaschú!

Fág freagra ar 'Na cúigí ag dul sa ghleo d’áit sa bhabhta leathcheannais'