Má rinne eagrán scoile maighdean de Pheig Sayers, ní hamhlaidh do na ‘Bibeanna’

Tabharfaidh tú gean do chroí do na mná sa leabhar ‘Bibeanna’, dá gcumas, dá n-acmhainn grinn agus dá ndea-chroí

Má rinne eagrán scoile maighdean de Pheig Sayers, ní hamhlaidh do na ‘Bibeanna’

Ní call d’aon duine a bheith ag caoineadh seanleabhair a n-óige a chuaigh ar strae mar tá féasta athchlónna chugainn le tamall agus is maith againn iad.

Seo Bibeanna, ceann dátheangach eile ó Mercier faoi chlúdach breá crua ar bhaineas féin an-sásamh go deo as, mar a bhaineas as an gclár faoin ainm céanna ónar eascair sé ar TG4.

Scéalta atá anseo as béal scór is cúigear ban a rugadh idir 1913- 1944 agus a bhfuil saol fada feicthe acu agus iad neamhleithscéalach faoina ndearcadh féin ar chúrsaí an tsaoil.

Mná treallúsacha stuama iad seo a chonaic an dá shaol – cruatan is ganntan a n-óige, tráth a raibh nádúr agus comhar na gcomharsan chomh fairsing le scléip, rince is seanchas na bothántaíochta. Is maith a thuigeann siad an t-athrú atá tagtha ar a gceantar dúchais ach measaid gur feabhas cuid mhaith de.

Níl “an tsuaraíocht aigne ag baint leis na daoine óga” anois. Glactar go fáilteach le páistín nach bhfuil “lánú taobh thiar de” agus lena mháthair, rud nár tharla. Tuigeann siad ‘ní hé an sagart Dia’ seachas an sceon a bhíodh roimh an gcléir agus admhaíonn cuid díobh amhras faoin gcéad saol eile.

Cloisimid faoin urlár suimint a cuireadh sa teach a bhí “go diail don rince”, na hallaí rince agus an leictreachas ag teacht agus gan “ach aon phlug amháin” ag teastáil ó éinne.

Má rinne eagrán scoile maighdean de Pheig Sayers, ní hamhlaidh na sleachta seo. Cloisimid faoi Mháirín acu a chaith tamall ag spallaíocht le Cathal Ó hEochaidh a thug gean di “sa teampall”, amhail Máirín de Barra! Bean eile arbh é a mian ina gearrchaile dul don Róidéis! Bean eile a shantaigh saol sócúlach Mheiriceá ach a tháinig abhaile lena céile le dul ag níochán sa mbairille ag binn an tí.

Mar a bheifeá ag súil leis agus an scéalaíocht ina caitheamh aimsire ar an tinteán ina n-óige bhí na púcaí, an bhean sí, an fuadach agus an saol eile sách cóngarach dóibh agus mar a dúirt bean amháin “ba gheall le comharsa Fionn Mac Cumhaill”.

Spéisiúil go leor agus cleamhnas déanta do chuid mhaith de na mná seo, is léir go raibh bealaí ann leis an bhfear a bhí uait féin a fháil agus fiú tú fhéin an ‘come hither’ a chur ar do mhian. Is léir go raibh na mná seo sásta go maith lena gcéile, fear cuideachtúil lách a raibh fír na maitheasa ann agus a thóg a gclann go maith a shásaigh iad.

Scanródh sé daoine óga an lae inniu an méid leanaí ar bhásaigh a máthair go hóg agus muirín lag ag brath ar dhaoine muinteartha. Is daor a d’íoc mná as an máithreachas síoraí. Sciob an fharraige daoine go leor freisin agus is iomaí bean a chaith oíche ar an teallach ag guí go dtiocfadh fear nó mac slán ón iascach.

Ní hiad mná Chorca Dhuibhne amháin atá sa leabhar téagartha dátheangach seo. Tugann aistí ó na ceannródaithe Maureen Gaffney, Mary Henry, Angela Bourke agus Ivana Bacik a léamh siúd ar shaothar mhná na Gaeltachta agus tá réamhrá lán léargais is tuisceana scríofa ag an eagarthóir Brenda Ní Shúilleabháin, a thuigeann go rímhaith an tionchar a bhí ag na mná seo ar a gclann agus ar a bpobal. Tá amhráin agus nótaí faoi ócáidí is nósanna mar aguisín leis chomh maith.

Thugas gean mo chroí do na mná seo agus is mór mo mheas ar a gcumas, a n-acmhainn grinn, a macántacht agus a ndea-chroí. Leabhar don athléamh.

Tá Bibeanna in eagar ag Brenda Ní Shúilleabháin ar fáil ó Chló Mercier ar €35

Fág freagra ar 'Má rinne eagrán scoile maighdean de Pheig Sayers, ní hamhlaidh do na ‘Bibeanna’'