LITIR ÓN ALBAIN NUA: Nílim sásta Éireannach a thabhairt orm fhéin agus mé i bhfochair na nAlbanach, nua nó sean

Bhí ár gcolúnaí i mBeinn Mhàbu, i gCeap Breatainn, foirgneamh atá lárnach in athbheochan na Gàidhlig, an cheoil, an rince agus aon tréith eile den rud go dtugaimid Gael air

LITIR ÓN ALBAIN NUA: Nílim sásta Éireannach a thabhairt orm fhéin agus mé i bhfochair na nAlbanach, nua nó sean

Tá croí bó agam tar éis na hoíche anocht. Ba é anocht an tríú oíche Déardaoin agam in ionad príobháideach ar a dtugtar An Drochaid, ach é oscailte don bpobal, ina mbailigh muintir na háite, síolrach na hAlban, a thugann Albanaigh Nuadha orthu fhéin, chun a n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh. Bhí an slua céanna ann na haon oíche ach anocht bhí raifil acu don mbunscoil lánghaelach atá ar a bunaibh le dhá bhliain anois agus a bhfuil suas le deichniúr naíonán ag dul chuici.

Bhí breis is cheithre fichid duine ann anocht agus idir an raifil agus hata a bhí fágtha ar an ndoras, bailíodh $1,800 Ceanadach agus ba dheas an síntiús é sin d’aon bhunscoil in aon iarracht amháin.

Sin é thuas a scríobhas i mo dhialann ar an 4 Aibreán 2024 agus mé ar sparánacht i mBeinn Mhàbu, i gCeap Breatainn, foirgneamh a bhí ina chlochar go dtí le hana-dhéanaí ach atá anois ina ionad oideachais Ollscoile fé chúram fear óg fíorchumasach, ceoltóir ar an veidhlín is an phíob mhór, Cionnaith McKenzie.

Tá sé lárnach in athbheochan na Gàidhlig, an cheoil, an rince agus aon tréith eile den rud go dtugaimid Gael air, a thug a mhuintir roimis leo ach a bplandáladh san áit sin iad cúpla céad bliain ó shin.

Níl aon bhaol air ach tá ceangal láidir acu le hAlbain ina gcuid ceoil, rince agus go háirithe sa Gàidhlig agus amhráin dá réir acu, cuid acu sínte trasna an Atlantaigh agus a thuilleadh acu curtha le chéile ó tháinig na chéad teifigh acu ina gcéadta, i gcoinnibh a dtola, i ndeireadh an tseachtú céad déag. Ghlan na Sasanaigh na hardáin Albanacha, na Garbhchríocha nó na Scottish Highlands mar bhí an talamh uathu chun caorach agus dúiche fiaigh dá móruaisle ríogacha fhéin. Bhailíodar le chéile iad mar a bhaileofá tréada bó is chuireadar isteach i longa iad is scuabadh thar toinn trasna an Atlantaigh iad go Ceanada. Bhí Francaigh ann rompu agus ach a bhfacadar na mílte Albanach seo ag cur fúthu taobh leo, Gàidhlig á labhairt acu mar nár thuigeadar Béarla, ceol, rince, scéalta is amhráin na tíre a fhágadar in úsáid acu, bhaisteadar Nova Scotia nó Alba Nuadh ar an bpaiste tíre sin ina rabhadar curtha fúthu.

 

Cé is go bhfuil an Gàidhlig tanaí go maith san áit anois i gcomparáid linn fhéin, níl aon teip ar an gceol, an rince, an amhránaíocht agus an scéalaíocht. Tá tréaniarracht á déanamh san áit seo, Màbu ar an gcósta thoir d’Albain Nua, ar an Gàidhlig a athbheochan agus níl aon amhras orm ach go n-éireoidh leo.

Is giorra a n-oidhreacht le hoidhreacht na hAlban ach is giorra a meon linne mar Ghaeil dar liom fhéin go pearsanta mar tá fiántas iontu ná braithim chomh forleathan in Albain fhéin. Chuaigh na Gaeil go Talamh an Éisc, Newfoundland, ach is anseo atá formhór na nAlbanach.

Aon tír amháin ab ea Éire agus Albain lá dá raibh go dtí gur scoilt an Sasanach sinn timpeall an deichiú céad agus tá ár dtuiscint ar a chéile dulta i léig riamh ó shin. Fág fén Sasanach é. Tá ráiteas acu san India a théann rud éigin mar seo ‘má chíonn tú dhá iasc ag troid sa loch, is soiléir go bhfuil an Sasanach tar éis a bheith ann’.

Mar sin fhéin ach a dtagann Ailean Dómhnallach agus Kathleen McInnes agus a leithéidí go Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne na haon earrach le fiche bliain, tuigim 30% dá mbíonn le rá acu agus 50% ach a mbíonn an t-uisce beatha ar bord…againn araon!

Nílim sásta Éireannach a thabhairt orm fhéin a thuilleadh agus mé i bhfochair na nAlbanach, nua nó sean, fiú amháin nílim sásta Albanaigh nua ná sean a tabhairt orthusan ach an oiread. Ní sinne a bhaist san orainn fhéin ach Francach i gcás na hAlban Nua agus de réir Andrea Palandi, a bhfuil staidéar déanta aige ar na cúraimí seo, Seathrún Céitinn a bhaist Éireannaigh orainne ach is scéal d’oíche éigin eile é sin! Is ‘Gael’ mé ar aon doimhne leis an dá threibh Ghaelach go bhfuilim tar éis cur síos orthu. Éinne amháin is ea sinn.

Tá athruithe na mblian le tabhairt fé ndeara ionainn ó bheith scartha óna chéile ach thar aon ní eile, is Gaeil sinn sa triantán triúrach san. Níor thóg sé ach seachtain uaim san áit seo chun teacht ar an dtuairim sin. Aontaigh liom nó ná dein, tá an ceart san agat, díreach mar atá mo cheart daonlathach céanna agamsa braistint mar a dheinim agus ‘fágaimíst siúd mar atá sé!’

Táimid, na trí tíortha seo, gníomhach i maireachtaint na teangan, an cheoil, an rince, na scéalta is na tréithe dofheicthe ach sobhraite atá ionainn go smior, agus tuigimid agus táimid buíoch dár sinsear a shín chughainn in aisce iad, ar lic ár dtinteáin fhéin, sna bailte beaga laistigh de pharóistí go bhfuil meas againn orthu agus nach bhfuil a bhuíochas ar aon rialtas go bhfuil greim an duine bháite fós againn orthu. Gura fada sinn ag canadh an Amhráin Dóchais ‘Is bainfimid an ceo seo de phór na dtréan’.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN ALBAIN NUA: Nílim sásta Éireannach a thabhairt orm fhéin agus mé i bhfochair na nAlbanach, nua nó sean'