Imeacht Swann agus olltoghchán Westminster 2024 ag baint croitheadh as Stormont

Bheadh tábhacht le malartú airí in am ar bith ach tá ciallachais thromchúiseacha aige chomh luath seo i saolré an Fheidhmeannais nach bhfuil ach trí mhí ar an bhfód

Imeacht Swann agus olltoghchán Westminster 2024 ag baint croitheadh as Stormont

Aire Sláinte ‘eatramhach’ is ea Robin Swann anois in Stormont. Tá frustrachas agus imní léirithe faoin easpa seasmhachta san aireacht is dúshlánaí i dTuaisceart Éireann mar go mbeidh Swann ag éirí as le bheith ina iarrthóir don UUP do Westminster.

Caolseans gurb é teachta tionóil thuaisceart Aontroma an t-aon aire sa bhFeidhmeannas a shantaíonn suíochán in Westminster níos mó ná an post reatha. Táthar ag faire Naomi Long, an tAire Dlí is Cirt, agus Paul Givan, an tAire Oideachais, nó Emma Little Pengelly, an LeasChéad-Aire. Bheadh tábhacht le malartú airí in am ar bith ach tá ciallachais thromchúiseacha aige chomh luath seo i saolré an Fheidhmeannais nach bhfuil ach trí mhí ar an bhfód.

Bhí a fhios le míonna go seasfadh Robin Swann in Aontroim Theas san olltoghchán i mbliana. Thuill sé moladh mar aire sláinte le linn na paindéime agus bhí sé ar cheann an chomhairimh in Aontroim Thuaidh i dtoghchán an Tionóil in 2022. Dá bharr sin bhí súil ag an UUP go mbainfeadh sé an suíochán ata ag Paul Girvan DUP faoi láthair in Aontroim Theas. Bhí Aontroim Thuaidh as an áireamh mar go mbeadh Ian Paisley dobhogtha ansin.

Ceapadh Swann mar Aire Sláinte den dara huair nuair a bunaíodh an Feidhmeannas nua ar an 3 Feabhra i mbliana. Ar an 8 Feabhra, dúirt sé in agallamh ar an BBC go leanfadh sé in oifig mar aire le linn an fheachtais toghchánaíochta, ‘tig liom an dá rud a dhéanamh’, agus é ag geallúint go raibh sé tiomanta 100% don aireacht Sláinte.

Tá an port sin athraithe anois. D’fhógair sé ar an BBC Dé Domhnaigh go n-éireodh sé as oifig nuair a fhógrófar an toghchán. Is cosúil gurbh é sin an plean a bhí ag ceannaire an pháirtí Doug Beattie ón tús. Dúirt seisean gur ainmnigh sé Robin Swann mar Aire Sláinte i mí Feabhra mar go raibh cur amach aige ar an roinn sin agus go bhféadfadh sé tabhairt faoin obair láithreach ach go bhféadfaí athrú a dhéanamh níos deireanaí. Le déanaí ainmníodh iarcheannaire an UUP, Mike Nesbitt mar ‘rúnaí príobháideach’ ag Swann; meastar gur deineadh sin chun taithí a thabhairt do Nesbitt ar an gcúram sula gceapfar é ina aire sláinte.

Má cheap an UUP go bhféadfaí an cor seo a bhainistiú go réidh, gan trioblóid, bhí dul amú orthu. Cáineadh é go géar, údar frustrachais agus míshástachta ab ea é agus cúis imní ag oibrithe sláinte. Faoin am seo bhí súil le fógra ó Robin Swann faoina phlean chun déileáil leis an ngéarchéim sa tseirbhís sláinte.

Níor cluineadh fós cad é a chur chuige maidir leis na línte feithimh is measa san Ríocht Aontaithe agus in Éirinn ná leide ar bith faoin athchóiriú a bhfuil caint air le blianta fada. Dúirt Swann go dteastaíonn aon bhilliún punt chun fanacht mar atá agus na harduithe pá riachtanacha a íoc i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Dúirt sé ar an Domhnach nach bhféadfaí ospidéil a dhruidim, go raibh gach troigh chearnach riachtanach ach go gcaithfí seirbhísí a aistriú. Tá plean chuige sin geallta ach deir na saineolaithe, na comhairleoirí agus na haltraí nár cuireadh tada faoina mbráid féin maidir leis an bplean sin.

I bhfianaise a cháinte, dhírigh an tAire Swann aird ar an scéal go mbeadh airí eile in Stormont ina n-iarrthóirí san olltoghchán a chaithfear a rith roimh dheireadh na bliana. Dúirt ceannaire Alliance, Naomi Long, an tAire Cirt, nach raibh cinneadh déanta ag a páirtí faoi iarrthóir dá toghcheantair féin, Béal Feirste Thoir. Glactar leis gurb ise an t-aon iarrthóir a mbeadh seans aici an suíochán a bhaint ó cheannaire reatha an DUP, Gavin Robinson, mar a rinne sí in 2010 in aghaidh Peter Robinson. Bhí Long ainmnithe mar iarrthóir ag Alliance roimh an Nollaig ach deir sí gur chuir athbhunú Stormont cor eile san scéal agus nach bhfuil cinneadh déanta.

Tá an DUP sa tóir ar iarrthóir le seasamh i nGleann an Lagáin in ionad a n-iarcheannaire, Jeffrey Donaldson agus beirt airí á lua. Sin iad Paul Givan, an tAire Oideachais, Teachta Tionóil an cheantair, agus Emma Little-Pengelly, an LeasChéad-Aire a comhthoghadh in áit Jeffrey Donaldson nár ghlac lena shuíochán Tionóil. Seans go mbeidh daoine eile ar an liosta faoin am a bhfógróidh Rishi Sunak dáta na vótála.

Admhaíonn gach éinne go bhfuil sé de cheart aige seasamh i dtoghchán ar bith ach an t-ainmniúchán a bheith aige ach beidh le feiceáil an bhfuil damáiste déanta do sheasamh Robin Swann agus dá sheans i measc vótóirí, níl na comharthaí dearfach faoi láthair. Tá sé soiléir gur bhain a fhógra croitheadh as an bpobal agus as oibrithe sláinte, go háirithe. Cibé líon de bhaill an Fheidhmeannais a bheidh ag díriú ar aidhm eile, ní chothaíonn sé muinín in Stormont. Is trua sin tráth a bhfuil géarghá le Stormont a bheith iontaofa.

Fág freagra ar 'Imeacht Swann agus olltoghchán Westminster 2024 ag baint croitheadh as Stormont'