Fís shainiúil Corp agus Anam

Ní loiceann an auteur Darach Mac an Iomaire riamh roimh riachtanais a fhíse féin sa chlár suaithinseach Corp agus Anam

Dónall Ó Healaí i radharc as Corp agus Anam
Dónall Ó Healaí i radharc as Corp agus Anam

Tá an comhfhreagraí coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin ar ais ar a sheanléim arís (Corp + Anam 2, TG4, Déardaoin) is é ag tochailt scéalta, ag tóraíocht agallamh is ag dul in adharca a n-eagarthóirí. Tharraing an chéad sraith go leor airde agus d’éirigh leis ceithre ainmniúchán IFTA a ghnothú maraon le gradaim eile. Cheana féin tá an tarna sraith ar an ngearrliosta do ghradam Prix Europa.

Is léir ós na teidil chreidiúna fiú, gur táirge suaithinseach atá anseo agus agus i rith an chláir ní loiceann an auteur Darach Mac an Iomaire riamh roimh riachtanais a fhíse féin is cuma cé chomh brúidiúil, míchompordach nó coiscthe is a thaibhsítear do dhaoine eile é.

Don tarna sraith díríonn an scríbhneoir/stiúrthóir  Mac an Iomaire a pheann agus a cheamra ar chóras dlí agus cirt na hÉireann, agus maítear go bhfuil na cláracha ar fad bunaithe ar chásanna a tharla. Sa chéad ghála dírítear an gciontóir srathach foréigeanach John Glynn atá tar éis ionsaí fíochmhar a dhéanamh ar a pháirtí.

Linda Bhreathnach agus Diarmuid de Faoite i radharc as Corp agus Anam
Linda Bhreathnach agus Diarmuid de Faoite i radharc as Corp agus Anam

Scaoiltear ar bhannnaí é in ainneoin achainní na nGardaí. Cuireann seo sraith imeachtaí sa siúl a mbríonn críoch fhuilteach leo agus ciallachais acu do ghairm Chathail.

Is cruthachán scéirdiúil, dearóil é seo agus le radharcanna i scáileastáit, óstáin ghruama, seomraí cúirte plúchta agus garáiste in aimhréide éiríonn le Mac an Iomaire sinn a shú isteach ina dhomhan sainiúil.

Is ceann feadhna cumasach é Diarmaid de Faoite agus is beag aisteoir, in iomaire na Gaeilge ach go háirithe, a bheadh in ann an t-ualach seo a iompar.

Ag an am céanna, áfach measaim go gcaithfear a bheith cúramach gan paidir chapaill ar fad a dhéanamh do choincheap seanchaite an haic. Nuair a théann an scéal ina choinne tugtar an deis do de Faoite i nóimintí ciúnais agus frustrachais raon a chumais a thaispeáint.

Ar uairibh rith sé liom gur mór an trua nár tugadh breis ama don chliar cumasach a bhí fairis. Tugann leithéidí Séamas Moran, taispeántais ábalta, nádúrtha uathu, i rólanna ná samhlófá leo de ghnáth.

I ndeireadh na dála b’iad Fionnuala Ní Fhlaithearta agus Marie Bheag Bhreathnach (mar na deirfiúracha) agus Dónall Ó Héalaí, mar Glynn, a rug barr bua ar gach duine eile.

Ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach i líofacht Gaeilge na mban, nádúr a dtaispeántas agus inchreidteacht a gcarachtar.

Le teacht i láthair fisiciúil, dathúil, bagarthach cruthaíonn Ó Héalaí bithiúnach den scoth agus is mór an trua nach bhfacthas a thuilleadh dó, nó nach gcífear arís é.

Beifear ag súil leis an dtrí chlár eile mar a dtabharfar foghanna eile faoin gcóras agus in aghaidh na buanaíochta. Más aon chomhartha é an chéad chlár beidh an tsraith seo ar cheann de bhuaicphointí drámaíochta na bliana ( i nGaeilge nó i mBéarla).

Fág freagra ar 'Fís shainiúil Corp agus Anam'