CATHAL MAC COILLE: Fútsa atá sé a Aire, níl de dhíth ort ach airgead, misneach agus vótaí

Dá mbrostódh teacht agus imeacht airí tithíochta tógáil tithe, bheadh an ganntanas réitithe sula bhfuair Eoghan Murphy ardú céime. Fáilte (amhrasach) romhat, a aire!

CATHAL MAC COILLE: Fútsa atá sé a Aire, níl de dhíth ort ach airgead, misneach agus vótaí

Eoghan Murphy . Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Guímis gach rath ar an Aire nua Tithíochta Eoghan Murphy. Tá dea-ghuí agus ‘mí na meala’ nó dhó, tuillte ag gach aire nuacheaptha, go háirithe ag airí a ceapadh den chéad uair mar airí rialtais (triúr an babhta seo: Eoghan, Michael Ring agus Regina Doherty).

Tá deis ag an tír anois, a dúirt Eoghan Murphy ar dhul i mbun oibre dó, géarchéim a ghoilleann ar aos óg iomlán na linne seo a réiteach. Ní cóir polasaí ar bith ná athrú ar bith a chur as an áireamh agus an rialtas a dul i ngleic leis an bhfadhb, dar leis.

Faraor, ní raibh aon rogha ag an aire nua ach a admháil i dtús a ré nach gcomhlíonfaí aidhm a d’fhógair an té a bhí i gceannas ar a roinn anuraidh. Gheall Simon Coveney nach mbeadh teaghlaigh gan dídean ag cur fúthu in óstáin faoin 1 Iúil i mbliana.

An fhírinne agus Coveney ag aistriú go roinn nua tar éis bhliana? Tá 650 teaghlach gan dídean ina gcónaí in óstáin de réir an chuntais is deireanaí. D’admhaigh Eoghan Murphy Déardaoin nach mbeadh áit chónaithe nua curtha ar fáil dóibh roimh an spriocam a d’fhógair Coveney.

Níor fhógair sé spriocam nua, cé gur gheall sé go ndéanfaí gach dícheall ionas nach mbeadh teaghlaigh ag cur fúthu in óstáin nach n-oireann do pháistí, go háirithe. Ach níl aidhm níos soiléire ná “chomh luath agus is féidir” curtha mar cheangal air féin aige.

Chuir Mike Allen ó Focus Ireland i gcuimhne dó, agus tuarascáil bhliantúil na heagraíochta á seoladh ag an aire Déardaoin, go bhfuil tréimhsí níos faide caite ag go leor teaghlach in óstáin agus/nó ar liostaí feithimh tithíochta ná mar a chaith formhór na n-airí rialtais éagsúla sa roinn atá freagrach as cúrsaí tithíochta.

Léiríonn liosta na n-airí* tithíochta ó 2007 ciorrú de réir a chéile ar thréimhsí oifige na n-airí:

– John Gormley, Comhaontas Glas: 2007-2011

– Phil Hogan, Fine Gael: 20011-2014

– Alan Kelly, an Lucht Oibre: 2014-2016

– Simon Coveney, Fine Gael: 2016-2017

– Eoghan Murphy, Fine Gael: 2017-

Tuigeann gach duine neamhchlaonta go dteastaíonn beartais éagsúla leis an nganntanas tithíochta agus lóistín a réiteach. Is léir freisin an riachtanas (tá 91,600 ar liostaí feithimh na n-údarás áitiúil), agus neamhdhóthanacht na bpolasaithe atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair agus atá beartaithe.

Mar sin féin, níl aon chosúlacht fós ar chur chuige an rialtais go n-athrófar polasaithe ar dhóigh a chuirfidh soláthar breise suntasach tithe/árasán ar fáil. Seo a leanas dhá shampla de na bearnaí atá soiléir le tamall agus gan aon réiteach éifeachtach a bheith beartaithe maidir lena gcur i bhfeidhm.

Tá leasú ar an dlí molta le fada chun cáin nó tobhach a ghearradh (a) ar thithe agus ar árasáin atá folamh agus (b) ar ionaid sna príomhchathracha ar a bhféadfaí tithe nó árasáin a thógáil.

Dúirt Alan Kelly in 2015 go raibh beartas dá leithéid á mheá sa roinn comhshaoil, a bhí freagrach as cúrsaí tithíochta an uair sin. Dúirt Simon Coveney trí mhí ó shin go mb’fhéidir go mbeadh gá lena leithéid, ach ní léir fós conas ná cén uair.

Níl an soláthar tithíochta atá geallta ag an rialtas (2,300 teach/árasán nua-thógtha, 19,700 ionad eile i mbliana; 47,000 faoi 2021) cóngarach don riachtanas. De réir meastacháin a d’fhoilsigh an foras taighde TASC coicís ó shin, ní bheidh áit bhuan chónaithe ag gach duine ar liosta feithimh Bhaile Átha Cliath go dtí 2057!

Tá dlúthbhaint ag polasaí uireasach an rialtais le laige dhaonlathach. Tá tithe nó lóistín réasúnta ag ár bhformhór, agus mionlach i gcruachás. Ní bheidh an córas daonlathach folláin ná seasmhach mura ndéantar freastal ceart ar an mionlach atá gan dídean réasúnta le fada, nó gan dídean ar bith.

Fútsa atá sé a aire. Níl de dhíth ort ach airgead, agus misneach, agus vótaí.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Fútsa atá sé a Aire, níl de dhíth ort ach airgead, misneach agus vótaí'

  • Mise Áine

    @ Ní bheidh an córas daonlathach folláin ná seasmhach mura ndéantar freastal ceart ar an mionlach

    Aontaím.

  • Hiy

    ‘Mair a chapaill no a bhromaichin i ndidean eigeandala agus gheobhair fear’.