Bhí ábhar machnaimh ag an Taoiseach ar a thuras trasna an Atlantaigh

Le linn do Simon Harris a bheith ar cuairt ar Joe Biden in Washington an tseachtain seo ní raibh ach ábhar amháin comhrá sa mbaile

Bhí ábhar machnaimh ag an Taoiseach ar a thuras trasna an Atlantaigh

Beag beann ar chomh minic agus a deir sé féin, Mícheál Martin nó Roderic O’Gorman nach mbeidh aon olltoghchán go hearrach, ní chreideann aon duine iad. Tá na dátaí i mí na Samhna luaite go minic agus an chuid is mó den chaint, baineann sí anois leis an mbealach go scorfaidh Simon Harris an Dáil.

Tá Simon Harris sé mhí ina Thaoiseach an tseachtain seo agus chaithfeadh go gcuireann sé as dó gur i dtreo dheireadh an 33ú Dáil a fuair sé an deis. Tá fuinneamh dochreidte léirithe aige ó ceapadh é i mí Aibreán agus a shliocht sin ar thacaíocht Fhine Gael sna pobalbhreitheanna.

Cé go bhfuil siad sna déaga de bhlianta i rialtas is cosúil an páirtí a bheith faoi réir le tabhairt faoi chomhrialtas eile le Fianna Fáil más mar sin a bhíonn na figiúirí tar éis an olltoghcháin.

Le go dtarlóidh sin caithfear achrann agus teannas a sheachaint agus de réir tuairiscí le laethanta anuas tá easaontas de bheagán faoin dáta toghcháin ag cothú beagán aighnis. Tá cáil an chúraim i gcónaí ar Mhicheál Martin – ní maith leis aon rud a dhéanamh go tobann gan dóthain machnaimh agus tá sé diongbháilte gur chóir fanacht go dtí mí Feabhra.

Tá an Comhaontas Glas den tuairim chéanna – ag iarraidh a seal i rialtas a choinneáil ag imeacht chomh fada agus is féidir, de réir gach cosúlachta. Ar bhealach is cuma céard a cheapann ceachtar páirtí – is é Simon Harris an Taoiseach agus is leis dul chuig Áras an Uachtaráin ag iarraidh go scorfaí an Dáil.

Tá brú ag teacht ar Harris mar go bhfuil ag éirí chomh maith le Fine Gael agus ainneoin beagnach fiche Teachta Dála dá gcuid a bheith ag éirí as braitheann siad go bhfuil an ghaoth ina gcuid seolta, go háirithe tar éis na cáinaisnéise an tseachtain seo caite.

Tá siad, dá réir, ag cur brú ar an Taoiseach toghchán a fhógairt go luath mar go bhfuil imní faoi gheimhreadh ina mbeidh brú ar an gcóras sláinte agus costais mhaireachtála ag ardú in athuair mar gheall ar chorraíl in áiteanna éagsúla sa domhan.

Feictear dóibh freisin nach bhfuil Fianna Fáil ag téarnamh agus go bhfuil Sinn Féin faoi bhrú leanúnach. Cén argóint atá ann in aghaidh olltoghcháin mar sin?

An cheist is mó a gcaithfidh Simon Harris a choinneáil ina aige agus é ag ceiliúradh leathbhliana mar Thaoiseach go dteastóidh Fianna Fáil uaidh pé uair go mbíonn olltoghchán thart más leis tréimhse eile a chaitheamh ina Thaoiseach. Sula mbíonn caint ar bith ar pháirtithe rialtais a bheith ag teastáil beidh vótaí agus aistriúcháin ag teastáil sa toghchán féin.

Beidh Fine Gael agus Fianna Fáil ag brath ar a chéile fiú mura ndeir siad go hoscailte é. Ní haon chabhair a bheadh ann teannas a chothú idir na ceannairí ag an tráth seo. Bhí ábhar machnaimh ag an Taoiseach ar a thuras trasna an Atlantaigh.

Fág freagra ar 'Bhí ábhar machnaimh ag an Taoiseach ar a thuras trasna an Atlantaigh'