Céim eile bainte amach in athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus tús curtha le hobair thógála

Deir an tÚdarás go bhfuil súil ann go mbeidh na hoibreacha atá de dhíth críochnaithe laistigh de 15 mhí

Céim eile bainte amach in athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus tús curtha le hobair thógála

Tá tús curtha leis an obair thógála ar athfhorbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne.

Tá sé beartaithe le fada ag Údarás na Gaeltachta foirgneamh na seanscoile aitheanta a fhorbairt mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta agus tá sé fógartha go bhfuil an chéad chéim eile den obair sin tosaithe.

Déanfar athchóiriú ar an seanfhoirgneamh stairiúil chomh maith le síneadh nua a chur leis. Deir an tÚdarás go bhfuil súil ann go mbeidh na hoibreacha atá de dhíth críochnaithe laistigh de 15 mhí.

Tá ionad gteic agus oifigí eile á dtógáil mar chuid den togra agus beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta ansin freisin.

Infheistíocht €8 milliún ar fad atá le déanamh sa gcampas agus súil ann go gcruthófar timpeall 200 post nua de réir mar a lonnóidh comhlachtaí ann.

Tá an tionscadal á mhaoiniú trí dheontas €3.3 milliún ón gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe, mar aon le €2.7 milliún ó Chiste Forbartha Fiontar Réigiúnach (REDF) Fhiontraíocht Éireann.

Agus é ag fáiltiú roimh thús na n-oibreacha tógála, dúirt an an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan gur “céim chun cinn í seo don cheantar ar fad – don gheilleagar áitiúil agus d’fhorbairt na tuaithe i mBaile Bhuirne.”

“Osclóidh sé deiseanna nua don cheantar trí chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a mhealladh. Léiríonn an infheistíocht seo céim thábhachtach in athbheochan agus in aithint thábhacht na mbailte agus na réigiún beag ar fud na hÉireann, ag cinntiú fás inbhuanaithe agus deiseanna eacnamaíocha do na glúnta atá le teacht,” a dúirt an tAire O’Donovan.

“Táimid thar a bheith sásta go bhfuil an t-athchóiriú ar Choláiste Íosagáin faoi lán seoil tar éis na mblianta fada feithimh,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. “Is céim chinniúnach é an tionscadal seo a chuirfidh borradh faoin bhfostaíocht sa cheantar, ag cruthú deiseanna spreagúla do chéimithe tríú leibhéal.”

“Cuirfidh Campas Íosagáin dlús le cúrsaí taighde agus forbartha, ag tógáil ar bhuanna an réigiúin – go háirithe in earnáil an bhia agus na gcomhábhar i mBaile Bhuirne agus i gCorcaigh trí chéile.”

Thug Údarás na Gaeltachta le fios níos luaithe i mbliana go raibh níos mó ná €1.2m caite cheana féin ar athfhorbairt Choláiste Íosagáin chun an suíomh a ghlanadh, chun na bunseirbhísí agus infreastruchtúr cuí a chur in áit agus chun réamhoibreacha bunriachtanacha a thabhairt chun críche.

Is in 2020 a fuair an tÚdarás cead pleanála ar dtús chun Coláiste Íosagáin a athfhorbairt ach cuireadh moill ar an obair thógála nuair a aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus struchtúr an fhoirgnimh.

Fág freagra ar 'Céim eile bainte amach in athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus tús curtha le hobair thógála'