‘Caitear le cainteoirí Gaeilge mar a chaithfí le saoránaigh den dara nó an tríú haicme’ – an Seanadóir Ó Céidigh

Mhaígh an Seanadóir Ó Céidigh go bhfuil an Rialtas 'ag déanamh neamhaird ar chainteoirí Gaeilge' agus d’éiligh go dtabharfaí an tAire Stáit Seán Kyne os comhair an tSeanaid

Padraig Ó Céidigh

Tá iarrtha ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh ar cheannaire an tSeanaid, Jerry Buttimer, cuireadh a thabhairt don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne teacht os comhair an tSeanaid “chomh luath agus is féidir” mar gheall ar an “easpa suime” a léiríodh sa Ghaeilge i mBuiséad 2017.

Mhaígh an Seanadóir Ó Céidigh go bhfuil an Rialtas “ag déanamh neamhaird ar chainteoirí Gaeilge” agus ag caitheamh leo amhail is go raibh cónaí orthu “ar thearmann Indiach [i Meiriceá]”.

“Tá easpa suime léirithe ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh fhorbairt na teanga agus ní hamháin sa Ghaeltacht ach sa tír seo ar fad. Sa bhuiséad a bhí ann an tseachtain seo caite, tá laghdú de 40% tagtha ar an tacaíocht do Sheachtain na Gaeilge ó 2015 go 2016. Tá laghdú 50% tagtha ar an tacaíocht d’Údarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sna Gaeltachtaí…

“Iarraim ar an gCeannaire iarradh ar an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta achoimre a thabhairt ar pholasaí a Roinne don Ghaeltacht agus d’fhorbairt na Gaeilge,” a dúirt sé sa Seanad.

Dúirt sé gur iontach a rud é daltaí meánscoile a fheiceáil sa Seanad inné agus go gcaithfí “na rudaí sin atá speisialta faoin Éireannachas” a mhúineadh dóibh agus a thabhairt aghaidh dóibh.

“We are very proud of being Irish and the more European and global we become and the more pervasive the Internet becomes, the more we must say this is who we are and this is what we, as a people, are about. Our language and culture are key in this regard,” a dúirt sé.

D’iarr sé ar Sheanadóirí uile an Tí a gcuid tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann. D’iarr sé freisin go ndéanfaí a chinntiú go mbeadh na deiseanna céanna fostaíochta ag muintir na Gaeltachta is atá acu sin atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mhaígh Ó Céidigh go gcaitear le cainteoirí Gaeilge mar a chaithfí le “saoránaigh den dara haicme, nó go deimhin, an tríú haicme”.

Fág freagra ar '‘Caitear le cainteoirí Gaeilge mar a chaithfí le saoránaigh den dara nó an tríú haicme’ – an Seanadóir Ó Céidigh'

  • Eoghan ONéill

    Táid ann a deireann nacha fiú muid,
    Gurab fhearr í chaitheamh i leataobh
    go sotallach ar chaiplí árda
    ba chosúil gur leo an chraobh;
    Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh,
    an duchas beoga ina gcroí’,
    Seana-scéalta ár sinsir ag na páistí
    spórt is scléip amuigh ag spraoí.

    Eirigí suas a chomráidí
    tá Ré an Dúchais ag teacht,
    is seasfaimid le chéile
    tá Ré an Tosta thart;
    Éirigí suas a comráidí
    go taobh na gréine ar Shliabh na mBan
    is seasfaimid le chéile
    Dorn san aer – no pasarán!

    ( fonn – L’Internationale -)

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Leoga, tá ceart ag an Seanadóir Ó Céidigh. Cé go bhfuil teanga dhúchais na hÉireann á cur chun cinn ag earnálacha áirithe le blianta beaga anuas, is rómhinic fós a chaitear go heasurramach le Gaeilgeoirí i dtír na nGael. Má aontaítear gur ar mhaithe le muintir na hÉireann, lena stair choiteann agus leis an bpobal domhanda mar ghné d’oidhreacht an chine dhaonna í an Ghaeilge, ba chóir Éire mar Uileghaeltacht a athchothú. Lena fhíorú seo [agus i measc céimeanna eile], níorbh fholáir ná:

    – go gcuirfeadh gach comhlacht atá ar bun in Éirinn a chuid comharthaí, lipéad agus fógraí ar fáil go feiceálach as Gaeilge (d’fhéadfaí aistriúcháin as Polainnis, Béarla, Sínis, srl. a bheith in éindí léi fosta, dá mba mhian);

    – go mbeadh gach scoil ina Gaelscoil (d’fhéadfaí teangacha suntasacha an taoibh seo cruinne – an Ghearmáinis, an tSínis, an Béarla 7 an Pholainnis ina measc – a chur ar fáil mar ábhair scoile);

    – go gcuirfí sraith ranganna a mhaoineodh an rialtas iad ar fáil d’inimircigh úra chun na tíre; agus

    – go mbeadh cosaint iomlán de réir an dlí roimh dhaoine atá á bhfostú ag comhlacht ar bith ( .i. poiblí agus príobháideach araon) atá suite in Éirinn leis an nGaeilge a labhairt cibé am le cibé duine (leis an gceannasaí agus an lucht ceannaigh, san áireamh) gan dochar a dhéanamh dá gcuid deiseanna gairme feasta.