Binse Fiosrúcháin Poiblí le bunú chun fáil amach an raibh feachtas clúmhillte ann i gcoinne an tSáirsint McCabe

Dúirt an Taoiseach inniu go mbeadh téarmaí tagartha an Bhinse Fiosrúcháin pléite agus aontaithe ag an Rialtas laistigh de dhá lá

Binse Fiosrúcháin Poiblí le bunú chun fáil amach an raibh feachtas clúmhillte ann i gcoinne an tSáirsint McCabe

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Bunófar Binse Fiosrúcháin Poiblí chun a fháil amach an raibh feachtas clúmhillte ar bun ag Gardaí sinsearacha in aghaidh an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe.

Thug an Taoiseach Enda Kenny an méid sin le fios sa Dáil inniu agus dúirt sé chomh maith go mbeadh téarmaí tagartha an Bhinse Fiosrúcháin pléite agus aontaithe ag an Rialtas laistigh de dhá lá.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin gur bhuail sé leis an Sáirsint McCabe aréir agus go raibh sé soiléir nach raibh aon fhonn air féin ná a mhuintir dul tríd “coimisiún fiosrúcháin” arís. 

D’éiligh Fianna Fáil, Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre inné go mbunófaí binse fiosrúcháin seachas coimisiún fiosrúcháin.

Thug an Taoiseach le fios sa Dáil chomh maith nárbh fhíor gur phléigh sé leis an Aire Leanaí Katherine Zappone líomhaintí bréagacha Tusla faoin Sáirsint McCabe roimh chruinniú an Aire leis an sceithire.

Thug an Taoiseach le fios Dé Domhnaigh gur phléigh sé an scéal le Zappone roimh an gcruinniú sin, ach dúirt sé inniu nárbh amhlaidh a bhí agus go raibh “aiféala” air gur thug sé eolas míchruinn uaidh. Lucht oifig an Aire a phléigh an scéal le lucht a oifige féin, a dúirt an Taoiseach inniu.

Dúirt an Teachta Dála Paul Murphy ó AAA/People Before Profit gur léirigh an méid a dúirt an Taoiseach go raibh ‘casual relationship’ aige leis an bhfírinne.