Ar bhonn ‘deonach’ amháin atá státseirbhísigh ag cur seirbhíse i nGaeilge ar fáil don phobal – Howlin

Ar bhonn deonach amháin atá seirbhís i nGaeilge á cur ar fáil ag ranna stáit, a deir airí rialtais, ina measc an tAire Caiteachais Phoiblí, atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu

20/10/2015.Labour's new Budget calculator 2016. Labour Party Minister for Public Expenditure and Reform Brendan Howlin

Is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag ranna stáit, seachas trí chóras eagraithe.

I measc na ranna sin atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Thug an tAire Caiteachas Poiblí Brendan Howlin le fios i bhfreagra ar cheist dála go bhfuil 0.8% d’fhoireann a Roinne tar éis a rá dá ndeoin féin go gcuirfidís seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal.

Ghéill an tAire Howlin go raibh ‘cuma an-íseal’ ar an gcéatadán sin ach mhaígh sé gur beag teagmháil a bhí ag fostaithe a Roinne le baill aonair an phobail.

“…I can confirm that 0.8% of staff in my Department have volunteered to deal with members of the public through Irish.

“While the percentage may appear low, the Deputy will be aware that my Department, given the nature of its functions and work does not have a high level of direct contact with individual members of the general public,” a dúirt Howlin i bhfreagra ar cheist ón Teachta Dála Ruth Coppinger ón bPáirtí Sóisialach.

Mhaígh an tAire go raibh dóthain á déanamh ag a Roinn maidir le cinntiú go bhfuil daoine le Gaeilge ag obair ann.

“My Department’s training programmes, including language training, are aligned with the business needs of the Department and are provided for accordingly,” a dúirt an tAire sa Dáil.

Chuir Coppinger sraith ceisteanna ar na hairí rialtais ar fad faoi líon na ndaoine a bhí fostaithe sna ranna a raibh cumas sa Ghaeilge acu.

Thug an tAire Cosanta Simon Coveney le fios freisin gur ar bhonn deonach a cuireadh seirbhísí Gaeilge ar fáil ina Roinn. Dúirt an tAire Coveney gur bunaíodh grúpa daoine a chabhraíonn leis an Roinn seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ar bhonn deonach agus chun déileáil leis an bpobal trí mheán na Gaeilge nuair is gá. Tá seachtar sa ghrúpa i láthair na huaire a chuireann an tseirbhís Ghaeilge ar fáil go deonach agus meastar gur leor an méid sin chun an t-éileamh reatha a shásamh.

Thug tAire Fiontraíochta Richard Bruton le fios gur deineadh suirbhé ar fhoireann na Roinne Post, Fiontraíochta agus Nuálaíochta sa bhliain 2012 inar léirigh 22% de na daoine a bhí ag obair ann go bhféadfaidís gnáthchomhrá a bheith acu i nGaeilge, agus inar thug 17% le fios go mbeidís compordach ag scríobh litreach nó ríomhphoist bunúsach sa teanga.

Dúirt an tAire Fiontraíochta Richard Bruton go raibh 13 dá fhoireann tar éis clárú le cúrsaí Gaeilge go deonach le feabhas a chur ar a gcuid scileanna sa teanga.

20% den fhoireann atá fostaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a mhaíonn go bhfuil ardchumas nó meánchumas sa Ghaeilge acu san iniúchadh is deireanaí a rinneadh sa Roinn sin.

Thug an tAire Gnóthaí Eachracha Charlie Flanagan le fios gur cuireadh dianchúrsaí ar fáil i mbliana d’oifigigh a Roinne thar lear mar chuid d’iarrachtaí na Roinne an teanga a chur chun cinn ina hoifigí thar sáile.

I ndiaidh na Roinne Gnóthaí Eachtracha, ba sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus sa Roinn Oideachais a bhí an líon is mó de bhaill foirne a bhí in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.

Thug an tAire Heather Humphreys le fios go raibh 11% den fhoireann ina roinn siúd in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge. Tuairim is 10% d’fhostaithe na Roinne Oideachais agus Scileanna atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, a dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan. Dúirt an tAire O’Sullivan go bhfuil ardchumas sa Ghaeilge ag cigirí agus aigneolaithe oideachais nach bhfuil ag obair in oifigí na Roinne.

Fág freagra ar 'Ar bhonn ‘deonach’ amháin atá státseirbhísigh ag cur seirbhíse i nGaeilge ar fáil don phobal – Howlin'

  • Seán Mag Leannáin

    I dtaobh na Gaeilge de gach rud ar bhonn ‘deonach’ amháin sa státseirbhís. Ní féidir liom smaoineamh ar aon pholasaí eile de chuid an Stáit a oibríonn ar bhonn deonach amháin. Is ionann polasaí deonach agus gan polasaí ar bith.