An dlí teanga sáraithe ag an Roinn Oideachais – imscrúdú Oifig an Choimisinéara

Foilsíodh an Lámhleabhar Scoile um Threoir agus an nuachtlitir NCGE News i mBéarla amháin

An dlí teanga sáraithe ag an Roinn Oideachais – imscrúdú Oifig an Choimisinéara

Sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an reachtaíocht teanga nuair a foilsíodh an Lámhleabhar Scoile um Threoir agus an nuachtlitir NCGE News i mBéarla amháin. Fuarthas in imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh, agus a bhfuil tuairisc faoi i dtuarascáil bhliantúil na hoifige sin, go raibh an nuachtlitir agus an leabhar á gcur ar fáil faoi údarás agus le maoiniú na Roinne Oideachais agus dá bharr sin gur sárú ar an Acht Oideachais a bhí ann iad a fhoilsiú i mBéarla amháin.

Mhol an Coimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, go n-eiseofaí an nuachtlitir sa dá theanga oifigiúla ó thús na bliana seo agus go ndíreofaí “láithreach” ar leagan Gaeilge den Lámhleabhar Scoile um Threoir a sholáthar agus go mbeadh an leagan Gaeilge sin ar fáil ina iomláine laistigh de naoi mí.

Bheartaigh an Coimisinéir Teanga imscrúdú a thosú nuair nár éirigh lena oifig teacht ar réiteach leis an Roinn Oideachais tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil imscrúdaithe, ainneoin “chomhoibriú na Roinne” leis na hiarrachtaí sin.

Mhaígh an Roinn nach raibh aon bhunús le himscrúdú de bharr nach foilseachán de chuid na Roinne a bhí i gceist leis an nuachtlitir agus an lámhleabhar. Foilseacháin de chuid an Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas (LNTO), áisíneacht a fheidhmíonn faoi scáth na Roinne Oideachais a bhí i gceist.

““Ní tháirgtear an Lámhleabhar mar ‘sheirbhís tacaíochta’ do scoileanna. Is é cuspóir an Lámhleabhair ná cuidiú le cleachtas na treorach agus níl sé mar chuid de sholáthar ‘seirbhísí treorach agus comhairleoireachta’ i scoileanna,” a dúradh i bhfreagra na Roinne ar an imscrúdú.

Mhaígh an Roinn nach raibh aon sárú reachtúil i gceist mar nach comhlacht poiblí a bhí sa Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas a bhí ainmnithe ar sceideal na gcomhlachtaí in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mhaígh an Roinn dá réir nár bhain forálacha an Achta sin ná an tAcht Oideachais leis an eagraíocht.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, áfach, gur “léir” go raibh an LNTO ainmnithe “ina cháil féin” ar sceideal an Achta mar eagraíocht ar leith agus go raibh dualgas reachtúil ar LNTO an iris ar líne a sholáthar i nGaeilge dá bharr.

Mheas an Coimisinéir go raibh an nuachtlitir agus an lámhleabhar araon á gcur ar fáil faoi údarás na Roinne agus dá bhrí sin mar sheirbhísí taca thar ceann an Aire Oideachais, Richard Bruton.

Fág freagra ar 'An dlí teanga sáraithe ag an Roinn Oideachais – imscrúdú Oifig an Choimisinéara'

  • Mánus

    Eite frithGhaeilge an-láidir sa Roinn Oideachais leis na blianta. Níl daoine sa Roinn sin ar fáil chun gnó a dhéanamh tré mheán na Gaeilge leis na Gaelscoileanna. Ní mór do Ghaelscoileanna tuilleadh cásanna a ardú leis an gCoimisinéir Teanga faoin éagóir seo ar fad.