An Claiḋeaṁ Soluis: ‘Ní i Londain a réiteofar an cheist ach ar thalamh cuir Éireann…’

Cothrom an ama seo (30 Nollaig 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

39.             (Iomlán 975.) Cláraithe mar pháipéar nuachta            Mí na Nollag 30, 1916            Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Tá Seoirse (an Breathnach) ina Rí. Níl coróin air nó cathaoir ríoga dó, ach is cuma nó rí é mar sin féin. Tá a lán rudaí ar a chomhairle féin aige. Tá cumhacht aige, an-chumhacht, agus dá mbeadh sé sách cumhachtach dhéanfadh sé smidiríní de na Gearmánaigh. Féachfaidh sé a chumhacht leo, go cinnte, ach is ar a mhuintir féin is mó a imreoidh sé an cumhacht atá aige.

Cuirfidh an cogadh seo athrú suíocháin ar an saol Eorpach, agus athrú nach gcuirfear ar gcúl. Tá an tsaoirse imithe cheana féin. Ní bheidh cead ag aon duine sláintiúil a mhian féin nó a rogha ceird nó saol a lorg feasta. Is mar sin atá an scéal le tamall sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Is mar sin a bheidh an scéal sa Rúis, san Iodáil, agus i Sasana gan mhoill. beidh an sclábhaíocht — an moghsaine — ina dlí i Sasana roimh Dhomhnach Cásca.

An riachtanas is ciontach leis an athrú saoil — an riachtanas agus an meon santach trodach is dual do lucht stiúrtha náisiún. Tá an meon sin go tréan láidir san Eoraip agus ní meon maith é. Is é an meon sin a tharraing an cogadh agus an riachtanas agus an cruatan atá anois ar na ríochtaí uile. Ba í an phreasáil a chuir an chéad athrú mór ar Shasana. D’fhógair an Príomh-Reachtaire an dara hathrú an tseachtain seo caite. Cuirfear preasáil nua i bhfeidhm, preasáil chun oibre, agus beidh cead agus cumhacht ag an Rialtas fir agus mná a chur in éadan obair ar bith in áit ar bith is rogha leis an Rialtas.

Níor féachadh leis an bpreasáil a chur i bhfeidhm in Éirinn. Is iomaí cor sa saol agus is ait le rá é gur mó an tsaoirse atá anois ag an nGael in Éirinn ná mar a tá ag an nGall i Sasana. Ní hamhlaidh atá Éire saor ó smacht Sheáin, ach ní thig leis an diansmacht a chur orainn a chuireann sé ar a bhunadh féin. Is maith an scéal gur mar sin atá, agus tiocfaimid i dtír go fóill má dhiúltaímid do gach saghas preasála.

Ní mór do Shasana géilleadh don riachtanas nó éirí as an gcogadh ar fad. Leanfaidh sí don chogadh go fóill, agus gach athrú dá ndéantar ar an saol sa Ghearmáin déanfaidh Sasana aithris air. Tá an Ghearmáin sean-oilte ar chúrsaí cogaidh. Tá sí cliste tapa mear-aigeanta agus oibríonn sí an stuaim agus an neart le chéile. Tá na Sasanaigh mall. Sin é fáth go gcaithfidh siad aithris a dhéanamh ar an nGearmáin, agus níl an oiread muiníne acu as an madra mall anois is a bhíodh.

Tá ré chú na moille imithe agus ní mór dúinne in Éirinn an méad sin a thabhairt faoi deara. Díreoidh an Rialtas neart na ndaoine agus a stuaim chinn agus lámh ar dhá ghnó feasta .i. ar an gcogadh agus ar sholáthar dí. Ní bhacfaidh an Rialtas a thuilleadh le hÉirinn, tá súil againn, ach cuirfidh an cruatan atá i Sasana isteach orainne, ar ár dtráchtáil, agus ar an mbia. Caithfimid riar ár gcáis féin a sholáthar agus cuid mhór de a sholáthar in Éirinn.

Bua mór ab ea an phreasáil a choinneáil uainn. Caithfear an gorta agus an ganntanas a choinneáil uainn chomh maith. Ní fhóirfidh an Rialtas orainn, mar is éard atá ón Rialtas a dhéanamh bia a sholáthar do Shasana agus dá harm. Tá mairteoil, caoireoil, muiceoil, prátaí agus arbhar á scuabadh as an tír seo gach lá. Níl malairt bia á fáil orthu ó Shasana agus ní fhóirfidh aon rud orainn sa chruatan ach bia. Ní fhóirfeadh an t-ór buí féin orainn dá mbeadh sé le fáil. Chonaiceamar ar an nuachtán laethúil go bhfuil coiste dár bhFeisirí ina suí i Londain agus ceist seo an bhia á cur trí chéile acu. Nach fada i gcéin a d’imíodar chun eolas a fháil ar churaíocht a dtíre dúchais. Ní i Londain a réiteofar an cheist ach ar thalamh cuir Éireann. Theip na barraí ar fud an domhain an fómhar seo caite. Mura gcuirtear prátaí agus arbhar go tiubh againn féin beidh an gorta orainn i gceann bliana.

Má éiríonn linn an phreasáil agus an gorta a choinneáil uainn tiocfaidh linn ár náisiúntacht a chosaint agus a chothú tar éis an chogaidh. Ach ná bíodh mearbhall orainn i dtaobh an bhia. Cuirtear in iúl i ngach aird go bhfuil ganntanas arbhair ar fud an domhain agus go bhfuil an loingeas tráchtála á gcur go tóin na farraige gach lá. Ní bheathóidh Sasana sinn. Ní dhearna sí riamh a leithéid. Mura gcuirtear san Earrach ní bhainfear san Fhómhar.