An chomhfhreagracht de dhíth in Stormont anois, seachas fiosrú eile faoi cheann cúpla bliain

Nocht an fhianaise ag binse fiosraithe nach raibh Stormont faoi réir in aon chor do phaindéim fliú gan trácht ar víreas chomh contúirteach le Covid-19

An chomhfhreagracht de dhíth in Stormont anois, seachas fiosrú eile faoi cheann cúpla bliain

Dhá lá dhéag a mhair sé. N’fheadar an raibh éinne muiníneach ina dhiaidh faoi chumas Stormont déileáil le paindéim eile. Nuair a bhí clabhsúr á chur ar mhodúl Thuaisceart Éireann d’fhiosrú na Ríochta Aontaithe ar phaindéim Covid-19 bhí sé soiléir go bhféadfaí leanúint i bhfad níos faide leis an scrúdú ar an méid a deineadh agus nár deineadh chun an pobal a choinneáil slán.

Ba iad téarmaí tagartha an fhiosraithe cinnireacht agus bainistiú na paindéime Covid-19 a scrúdú chun a chinntiú go mbeifear faoi réir do thubaiste nua. Nocht an fhianaise a cluineadh nach raibh Stormont faoi réir in aon chor do phaindéim fliú gan trácht ar víreas chomh contúirteach le Covid-19. Chífimid an mbeifear in ann na ceachtanna riachtanacha a fhoghlaim ón méid a d’fhoghlaim an fiosrú nach ndeachaigh sách domhain sa scéal abhus dar le go leor.

Thug saineolaí fianaise nach raibh Stormont chomh hullamh in 2020 is a bhí sé deich mbliana roimhe sin. Is fíor go raibh an víreas i mbun sléachta sa tSín ag an am ar athbhunaíodh Stormont i mí Eanáir ach d’admhaigh céad-aire agus leaschéad-aire na linne sin nár thuig siad go raibh gá le hullmhúchán faoi phráinn go dtí go raibh an víreas tolgtha ag daoine abhus.

Bhí seisiúin mhíchompordacha ag Michelle O’Neill, an chéad-aire reatha a bhí ina leaschéad-aire ag an am. agus ag Arlene Foster an t-iarchéad-aire. Ba é an ceistiú faoi conas a comhlíonadh na gnáthdhualgais ba mhó a léirigh laige agus éagumas oifig an Fheidhmeannais – ar a dtugtaí oifig an chéad-aire agus leaschéad-aire – cé gurb iad na mórchonspóidí a tharraing aird.

Ní nach ionadh ba iad na ceannlínte faoin mbeirt ná na scéalta faoi na botúin ollmhóra a rinneadar agus a tharraing achrann ag an am. Bhí sé soiléir gur chuir dhá chonspóid ar leith isteach ar an gcaidreamh sa bhFeidhmeannas a bhí leochaileach ar aon nós agus gur chuireadar le scaipeadh an víris.

Ba iad sin ról Uí Néill sa tsochraid chonspóideach a d’eagraigh Sinn Féin do Bobby Storey, iarbhall den IRA, tráth a raibh srianta ar fhreastal ar shochraidí agus ról Foster san mhí-úsáid a bhain an DUP as veto chun bac a chur ar shrianta nuair a bhí an aicíd ag scaipeadh go rábach. Bhí roinnt de na daoine ar cailleadh a muintir sásta gur ghabh Michelle O’Neill leithscéal faoin tsochraid ach a thuilleadh den bharúil go raibh sé éasca a bheith aiféalach nuair a d’fheil sé.

Ceistíodh an bheirt, O’Neill ar an Mháirt agus Foster ar an gCéadaoin, faoina gcur chuige mar a nochtadh é i miontuairiscí. Bhí an port céanna acu araon, gur ag an Roinn Sláinte a bhí tosaíocht. Nár cheistigh tú an roinn? Ar ghlac tú leis an bhfaisnéis gan anailís? Gan scagadh? Léirigh na freagraí easpa fiosrachta a bhain siar as daoine.

Ina theannta sin, dúirt an bheirt, agus Foster níos teasaí ná O’Neill, gurb é an córas in Stormont faoi ndear cuid de na heasnaimh a raibh abhcóide an fhiosraithe, Clare Dobbin, ag díriú orthu. Ní hé sin an chaoi a fheidhmíonn comhrialtas éigeantach.

Ní thig leat an leithscéal sin a úsáid an t-am ar fad, arsa Dobbin le Arlene Foster. Ní leithscéal é, b’in mar a bhí, a freagra. Cúpla babhta i gcaitheamh an dá lá dhéag cheistigh an Cathaoirleach, an Bhanbharún Hallett, cleachtais oibre Stormont, agus ba dhíol suntais aici na difríochtaí idir iad agus réigiúin eile na ríochta.

Leagadh béim air nach raibh an t-údarás ag na chéad-airí le horduithe a thabhairt d’airí eile. B’údar iontais ag an mbinse é, áfach, nach dtabharfaí an chomh-aireacht uilig le chéile chun comhrá nó plé a bheith acu faoi phleananna le go dtuigfeadh gach roinn cad a bhí riachtanach agus cad a b’fhéidir a dhéanamh.

Nocht an taifead de theachtaireachtaí WhatsApp de chuid an DUP go raibh an t-atmaisféar ag cruinnithe na n-airí go dona. Léiríodh drochmheas ar na hairí eile go seasta sna teachtaireachtaí príobháideacha idir baill an ghrúpa.

Gach seans go mbeadh cinn Sinn Féin chomh maslach céanna faoi dhreamanna eile, ach ní raibh siad ar fáil mar gur ghlan said iad d’ainneoin ordú ón bhfiosrú go gcoinneofaí gach cineál taifid a bhain le hábhar.

Mímhuinín as a chéile, easpa ceannaireachta agus an fhreagracht á fágáil ar dhuine éigin eile na comharthaí sóirt a nochtadh le linn na n-éisteachtaí i mBéal Feirste. Níorbh áibhéil ar bith an lipéad mífheidhmiúil.

As a dheireadh is mó ceisteanna ná freagraí atá againn. An gcomhoibreoidh na polaiteoirí sa bhFeidhmeannas le chéile feasta? Nó an leanfaidh an sárú idir páirtithe polaitiúla? An gcuirfidh an státseirbhís agus an Feidhmeannas bonn teann faoi chóras oibre a chinnteoidh go mbeidh plean teagmhais acu agus go gcoinneofar taifead ceart?

An gcuirfear bac ar mhí-úsáid veto agus an nglacfaidh airí le comhfhreagracht as gach cinneadh a dhéanfaidh móramh sa bhFeidhmeannas? Mar a dúirt abhcóide na dteaghlach a chaill a muintir d’fhéadfaí tabhairt faoin obair sin anois gan a bheith ag fanacht bliain nó dhó eile le tuairisc ón bhfiosrú.

Fág freagra ar 'An chomhfhreagracht de dhíth in Stormont anois, seachas fiosrú eile faoi cheann cúpla bliain'