285 moladh déanta ag coiste Oireachtais na Gaeilge ach amhras orthu an bhfuil airí rialtais ‘ag éisteacht’

I dtuarascáil bhliantúil Choiste Oireachtais na Gaeilge deirtear go dteipeann ar 90% de ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a ngnó a dhéanamh leo i nGaeilge

285 moladh déanta ag coiste Oireachtais na Gaeilge ach amhras orthu an bhfuil airí rialtais ‘ag éisteacht’

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil amhras orthu an mbíonn aon aird ag airí rialtais ar a gcuid moltaí i leith na teanga.

I dtuarascáil bhliantúil an Choiste, a foilsíodh inné, deirtear go dteipeann ar 90% de ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a ngnó a dhéanamh leo i nGaeilge agus go bhfuil amhras ar bhaill an mbíonn airí rialtais ag éisteacht lena gcuid moltaí.

Deirtear sa tuarascáil don bhliain 2023 gur leag an Comhchoiste 19 tuarascáil os comhair na Dála agus an tSeanaid ó bunaíodh iad in 2016. 285 moladh a bhí sna tuarascálacha sin san iomlán, a deirtear.

Ach tá amhras ar bhaill an chomhchoiste an mbíonn aon aird ag an rialtas ar na moltaí sin go léir a bhaineann le hábhair éagsúla, ina measc cearta teanga, cúrsaí oideachais, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí foilsitheoireachta.

“Tá súil ag an gComhchoiste go bhfuil na hAirí Rialtais ag éisteacht linn ach nílimid cinnte gurb amhlaidh an scéal,” a deirtear sa tuarascáil.

Deirtear chomh maith gur “ábhar díomá agus iontais” don chomhchoiste agus do roghchoiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a laghad oifigeach sinsearach sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí “ar féidir leo dul i bun oibre agus idirghabhála leo i nGaeilge”.

“Lasmuigh d’earnáil na Gaeilge agus de na rannóga sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bhfuil an cúram i leith na Gaeilge orthu, is fíorannamh a bhíonn a leithéid ar fáil ar chor ar bith,” a deir Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

“Tá na Ranna Stáit agus na Comhlachtaí Poiblí uile ag maíomh go poiblí aon uair a bhfuil seirbhísí dátheangacha ag teastáil, go bhfuil siad lánsásta iad a chur ar fáil. I dtaithí leanúnach an Chomhchoiste agus an Roghchoiste ó bunaíodh iad in 2016, áfach, ní mar sin atá cúrsaí i gcás níos mó ná 90% díobh.”

Deirtear go dteipeann “beagnach gach uile uair” ar ranna stáit agus comhlachtaí poiblí teacht os comhair na gcoistí chun ábhar áirithe a phlé i nGaeilge.

Deirtear nach bhfuil an méad sin sásúil agus go bhfuil sé ag teacht salach ar na dualgais reachtúla ó thaobh na teanga atá ar na comhlachtaí poiblí agus na ranna stáit.

Fág freagra ar '285 moladh déanta ag coiste Oireachtais na Gaeilge ach amhras orthu an bhfuil airí rialtais ‘ag éisteacht’'

  • Conán Maol

    Feictear an Ghaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge mar brughrúpa nó “the language lobby” mar a deirtear i D4. Is cuid den “language lobby” atá i gcoiste Ghaeilge an Oireachtais agus is léir gur cuma leis na páirtithe pholaitiúla faoin gcoiste.

  • Gabriel Rosenstock

    Náireach.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nósmhaireacht na sasanaigh go smior sna ranna rialtais. Iarsmaí réim shasana ansin ar fad le 100 bliain anuas agus é ag éirí níos láidre.

    An náire faoi labhairt na gaeilge agus gur leor beannú a rá i ngaeilg ina mhasla don ghaeilg, d’íomhá na hÉireann agus do chainteoirí gaeilge.