Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair

Níos túisce inniu chuaigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl don go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach

Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair

Vótáil Dáil Éireann inniu le Leo Varadkar a thoghadh ina Thaoiseach den dara huair agus bhronn Uachtarán na hÉireann séala na hoifige air ina dhiaidh sin.

Tá Varadkar tagtha i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú stairiúil rialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

87 Teachta Dála a vótáil ar son ainmniúchán cheannaire Fhine Gael agus 62 a vótáil ina choinne. Duine amháin a staon sa vóta.

I nGaeilge a chuir Leo Varadkar tús lena chuid cainte nuair a fógraíodh an toradh.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill Dháil Éireann don onóir mhór a thug sibh dom inniu.

“Glacaim go humhal leis an ainmniúchán seo. Ba mhór an onóir dom a bheith mar Thaoiseach agus céad bliain mar Stát á gcomóradh againn.

“Céad bliain ó shin, tháinig aisling na saoirse i gcrích de réir mar a bhaineamar státacht amach. D’aithin an domhan ár neamhspleáchas. Ba cheart go mbeadh sé mar mhisean againn anois iarracht a dhéanamh cabhrú lenár dtír go ceann céad bliain chun na fadhbanna atá roimh mhuintir na hÉirinn a réiteach. Chun dóchas a sholáthar áit a bhfuil éiginnteacht agus éadóchas.”

Agus é tofa sa Dáil, chuaigh Varadkar chuig Áras an Uachtaráin áit ar bhronn Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn séala oifig an Taoisigh air.

Níos túisce inniu chuaigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl don Uachtarán go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach.

Dúirt Martin gur “pribhléid saoil” a bhí ann a bheith ina Thaoiseach.

Ag labhairt dó sa Dáil ina dhiaidh sin, dúirt Martin go raibh an saol ag éirí “níos scoilte” ná mar a bhí riamh agus go raibh daoine ag éirí níos boirbe agus fuadar rómhór orthu breithiúnas a thabhairt faoi dhaoine eile.

Níor cheart, a dúirt sé, glacadh leis an gcur chuige sin sa dioscúrsa poiblí.

I nGaeilge a chuir Martin in iúl don Dáil go hoifigiúil go raibh sé i gceist ag a pháirtí tacú le hainmniúchán Leo Varadkar mar Thaoiseach de réir an chomhaontaithe le Fine Gael.

Cinneadh agus gníomh “tábhachtach agus daonlathach” a bhí ann a léirigh “tiomantas agus díograis” na bpáirtithe rialtais maidir lena gclár oibre a chur i gcrích, arsa Martin.

Ghabh sé buíochas le Varadkar as a chuid tacaíochta le dhá bhliain go leith anuas. Dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú leis agus ceannaire Fhine Gael ar ais in oifig an Taoisigh.

D’éirigh formhór mór na dTeachtaí Dála a bhí i láthair ina seasamh chun bualadh bos fada a thabhairt do Martin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach raibh a páirtí ag tacú le hainmniúchán Leo Varadkar mar go raibh sé “sáite i lár na ngéarchéimeanna” nár éirigh le haon rialtas iad a réiteach le deich mbliana anuas.

Dúirt sí gur tacú le daoine atá go maith as agus ‘daoine atá ar an taobh istigh’ seachas daoine nach bhfuil a bhíonn Leo Varadkar.

“Tá greim an fhir bháite ar an gcumhacht inniu ag Fine Gael agus Fianna Fáil – ar aon pháirtí amháin anois iad, go bunúsach – agus an Comhaontas Glas ag seasamh go bás leo,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Dúirt sí gur fhág “dóchas na glúine nua” go raibh “a seal beagnach tugtha ag na sean-nósanna”.

38 bliain d’aois, a bhí Leo Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.

Fág freagra ar 'Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair'