‘Very well, mar a dúirt Colm Cille…’

Déarfainn gur féidir linn a rá go dearfa gur Conallach a bhí i Naomh Colm Cille ach ní ann amháin a mhair a cháil

‘Very well, mar a dúirt Colm Cille…’

Tá sé ráite ag cuid de na scoláirí gur cothrom an lae inniu 1,500 bliain ó shin, a rugadh Naomh Colm Cille. Is deacair a bheith cinnte faoin lá agus tá an rud céanna le rá faoin mbliain.

Mar sin féin is cosúil go bhfuil an bhliain 521 gar go leor don mharc.

Tá roinnt amhrais ann faoin áit ar saolaíodh é freisin. Luaitear Gartán i dTír Chonaill leis ach tá an teoiric sin bunaithe ar scríbhinn a breacadh i lár an dara haois déag.

Nuair atá gach rud ráite déarfainn gur féidir linn a rá go dearfa gur Conallach a bhí i Naomh Colm Cille.

Bhí na Conallaigh bródúil as chuile lá riamh. Féach an chaoi a mbainidís leas as an gCathach nuair a bhídís ag dul chun catha.

Ach ní i dTír Chonaill amháin a mhair a cháil. Scaip scéalta faoi ar fud na hÉireann, ar fud na Breataine agus go dtí áiteacha ar an mór-roinn, go háirithe nuair a scríobh Adhmhanán scéal bheatha Cholm Cille.

Nuair a bhíodh mo mháthair bhocht ag réiteach na beirte againne, mé féin agus Mícheál, le haghaidh na scoile ar maidin deireadh sí an phaidir seo: ‘Faoi choimrí Dé, Mhic Duach, Mhic Dara agus Cholm Cille sibh.’

Bhí sé nádúrtha go maith ag bean Ghaillmheach a bheith ag glaoch ar dhá naomh as an gcontae seo ach nach maith go raibh naomh Thír Chonaill go hard ar an liosta aici in éineacht leo.

Bhí ómós ag máthair Mháirtín Uí Chadhain do Naomh Colm Cille freisin. Seo mar a dúirt Máirtín ina léacht, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca:

‘Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealladh dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ag an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turas orm ann i mo pháiste dhom.’

Tá daoine ann fós a chreideann gur ar charraig chloiche a tháinig Colm Cille as Árainn go Conamara. Tá a fhios agam bean dhiaganta a dúirt gur duine díchéillí a chreidfeadh é sin.

B’fhéidir é ach is cinnte go gcreideann sí féin na scéalta faoi fhear a ndeirtear faoi gur éirigh sé ó na mairbh chúig chéad bliain roimh aimsir Choilm Cille, go ndeachaigh sé thart ag caint le daoine agus gur imigh sé as amharc suas sa spéir sa deireadh.

Sa gcuntas a scríobh Adhmhanán faoi Cholm Cille thug sé samplaí go leor de mhíorúiltí a rinne an naomh má b’fhíor. Níor stró ar bith air duine a thógáil ó mhairbh.

Cuimhnigh go raibh Adhmhanán comhartha [comhairthe] ar dhuine de na daoine ba mheabhraí agus ba scolártha dár mhair lena linn. Ní raibh Colm Cille ach 100 bliain básaithe nuair a chuaigh Adhmhanán i mbun pinn.

Déarfá leat féin go mbeadh neart tuairiscí fírinneacha ar fáil faoin gcineál duine a raibh sé ag bailiú eolais faoi.

Seans maith go raibh freisin ach chaithfeadh Adhmhanán míorúiltí a lua leis. Ní naomh naomh gan míorúiltí.

‘Very well, mar a dúirt Colm Cille.’ Sin focla a chuir Máirtín Ó Cadhain i mbéal scéalaí ina leabhar Cré na Cille.

Níor dhúirt Colm Cille a leithéid de chaint riamh, ar ndóigh. Ní raibh aon Bhéarla aige.

Tá míorúilt agus míorúilt ann.

Fág freagra ar '‘Very well, mar a dúirt Colm Cille…’'

  • Ciarán Ó Fátharta

    Is maith agus is mór a theastaíonn ó dhuine éigin míorúilt éigin a dheanamh i dtaobh Covid 19 seo.