Ursula von der Leyen tofa ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don dara téarma

Dúirt Ursula von der Leyen go mbeadh sí ag díriú ar chúrsaí cosanta is slándála agus ar an pholasaí aeráide

Tá Ursula von der Leyen tofa ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don dara téarma cúig bliana.

401 feisirí Eorpacha a vótáil ar son von der Leyen, an chéad bhean a bhí i gceannas ar an gcoimisiún, agus 284 a vótáil ina coinne.

Tá 720 feisire i bParlaimint na hEorpa agus 361 de na vótaí sin a bhí ag teastáil ó Ursula Von der Leyen le cúig bliana eile a fháil mar Uachtarán.

Bhí tacaíocht aici óna páirtí féin atá sa lár ar dheis, Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), na Sóisialaigh & Daonlathaithe (S&D), Athnuachan Eorpach agus na Glasaigh léi.

Níos túisce inniu cháin Ursula von der Leyen “an deighilt as cuimse atá á chothú inár sochaithe”.

Dúirt Ursula von der Leyen go mbeadh sí ag díriú ar chúrsaí cosanta is slándála agus ar an pholasaí aeráide.

Agus í ag iarraidh tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa roimh an vóta, dúirt sí “Roghnaímis neart, Sciath Dhaonlathas na hEorpa”.

Ina achainí ar a páirtí féin, Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), gheall sí go dtabharfaí isteach dlí san Aontas Eorpach le cuidiú le gnóthaí beaga trína “n-ualach a laghdú”.

Agus í ag mealladh na nGlasach, na Liobrálach agus na Sóisialach, gheall go gcloífeadh an tAontas Eorpach lena phleananna aeráide. Gheall sí go ndéanfaí “socrú nua don tionsclaíocht ghlan” ionas go gcuirfí infheistíocht ar fáil don déantúsaíocht dhícharbónaithe agus don teicneolaíocht ghlas.

Faoina cuid réamhphleananna do na chéad cúig bliana eile, cheapfaí Coimisinéir Eorpach tithíochta den chéad uair riamh agus réiteofaí “plean Eorpach tithíochta inacmhainne” le déileáil leis an ngéarchéim san Eoraip ó thaobh cíosanna arda agus tithe nach acmhainn do dhaoine, tosaíocht láidir ag na Sóisialaigh.

Labhair von der Leyen chomh maith faoina riachtanaí atá sé go gcuirfí deireadh leis an ‘doirteadh fola” i nGaza, scéal a tharraing cáineadh go leor uirthi féin. Bhí feisirí Fhianna Fáil ina measc siúd a cháin í faoi Ghaza agus a vótáil ina coinne mar Uachtarán ar an Choimisiún go ceann cúig bliana eile.

D’fhógair na Glasaigh sa Pharlaimint a dtacaíocht d’Ursula von der Leyen do théarma eile cé gur minic iad á cáineadh.

“Coinníonn muid an eite ar an bhfíordheis as cumhacht,” a dúirt an grúpa Glas.

“Is muidne an balla cosanta in aghaidh lucht na fíordheise san Eoraip!” a dúirt grúpa na Sóisialach agus na nDaonlathach ar maidin inniu.

D’ainmnigh ceannairí an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen, Uachtarán reatha an Choimisiúin Eorpaigh, do théarma cúig bliana eile sa phost is sinsearaí sa gceannáras sa Bhruiséil i mí an Mheithimh.

Fág freagra ar 'Ursula von der Leyen tofa ina huachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don dara téarma'