Uachtarán nua ceaptha ar Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge

Tá Ursula Ní Shabhaois as Iúr Cinn Trá i ndeisceart Ard Mhacha, ceaptha ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh

Uachtarán nua ceaptha ar Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge

Tá Ursula Ní Shabhaois, fiontraí óg as Iúr Cinn Trá i ndeisceart Ard Mhacha, ceaptha ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh.

Tagann Ní Shabhaois i gcomharbacht ar Neil Comer, a ceapadh ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh in 2010, agus atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Chaith Ní Shabhaois roinnt blianta ag obair le Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste agus i nGaillimh agus í ag plé le cúraimí éagsúla sular bhunaigh sí an comhlacht Cinnteacht, a chuireann seirbhísí tacaíochta agus comhairleoireachta ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge.

Dúirt Ní Shabhaois go bhfuil “stair fhada” ag baint le Comhaltas Uladh maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gContae Lú agus gur “mór an onóir” di a bheith ceaptha ina hUachtarán. 

Dúirt sí go bhfuil “obair mhór” déanta ag Comhaltas Uladh le blianta fada agus go bhfuil “tuilleadh deiseanna ann infreastruchtúr tacaíochta a chruthú don phobal agus spásanna a chruthú inar féidir le daoine bheith ag foghlaim agus ag tacú lena chéile”.

Deir sí gur mian léi tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí pobail agus craobhacha na heagraíochta i gCúige Uladh agus freastal ar na riachtanais éagsúla a bhíonn ag pobail na Gaeilge le linn a tréimhse mar Uachtarán ar Chomhaltas Uladh.

Dúirt sí go bhfuil neart dúshlán roimh phobal na Gaeilge i láthair na huaire agus go bhfuil gá le hacmhainní agus “maoiniú cuí a chinntiú”.

“Tá mé an-dóchasach gur féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin seo agus beidh ról tábhachtach ag Comhaltas Uladh san obair seo, mar a bhí i gcónaí,” arsa Ní Shabhaois.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go gcuirfidh Uachtarán nua Chomhaltas Uladh “go mór le gníomhaíocht na gcraobhacha ó thuaidh, agus leis na líonraí Gaeilge atá sa cheantar sin”.

“Scéal iontach é go bhfuil Ursula anois mar Uachtarán ar Chomhaltas Uladh, agus gheobhaidh sí gach tacaíocht agus cuidiú agus is féidir chun leanúint ar aghaidh le hobair an Chomhaltais,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Uachtarán nua ceaptha ar Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge'

  • semac

    nach bhfuil Iúr Cinn Trá i gco. An Dún?

  • Seán

    Semac, a chara, Breatimeacht is cúis leis.

  • ICT

    Níl ach cuid den Iúr i gContae an Dúin a chara, tá an chuid eile den bhaile i gContae Ard Mhacha.
    Go deimhin, téann abhainn trí lár an bhaile agus sin an teorainn idir an dá chontae.
    Tá oifig an phoist ar thaobh an Dúin agus is mar gheall air sin a luaitear an Dún leis an Iúr go minic.