Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, as Béal Feirste, ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta a bhí ar siúl in Óstán White’s of Wexford i mbaile Loch Garman ag an deireadh seachtaine.
Bhí Mac Giolla Bhéin lárnach san fheachtas ‘Dearg le Fearg’, feachtas a bunaíodh le cearta teanga a éileamh do chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt. Bhí sé ar dhuine de na daoine a d’fhostaigh Conradh na Gaeilge ina n-oifig ó thuaidh nuair a ceadaíodh maoiniú breise don eagraíocht faoin tsamhail nua mhaoinithe. Bhí sé ina Oifigeach Abhcóideachta ag an eagraíocht teanga.
Chaith sé bliain ina stiúrthóir ar Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál sula ndearnadh ceannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta de in 2020, agus le tamall de bhlianta anuas tá sé ina chomhordaitheoir pleanála teanga le Fís an Phobail in Iarthar Bhéal Feirste.
Bhunaigh sé Craobh Ghlór na Móna de Chonradh na Gaeilge agus tá sé ina chathaoirleach ar an ngrúpa óige Fóram na nÓg agus ar an gclub CLG Laochra Loch Lao.
Baineann Mac Giolla Bhéin leis an gcéad ghlúin d’Fheirstigh a chuaigh tríd an gcóras scolaíochta ón naíscoil go dtí an mheánscoil i nGaeilge, agus chaith sé féin seal ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge.
San óráid a thug sé ag an deireadh seachtaine, luaigh sé go raibh sé féin fós ar an meánscoil i gColáiste Feirste nuair a toghadh duine de bhunaitheoirí na scoile sin ina uachtarán ar an gConradh – Gearóid Ó Cairealláin. Dúirt sé gur tháinig Ó Cairealláin ar cuairt chuig an scoil nuair a toghadh é agus luaigh sé an t-iar-uachtarán mar inspioráid mhór dá chuid féin. Thug sé ómós don Fheirsteach eile a bhí ina uachtarán ar an gConradh tráth, Albert Fry, agus do Phádraig Ó Snodaigh, a bhásaigh i mbliana.
Dúirt sé gur “mithid” do Chonradh na Gaeilge a bhfís a leagan amach agus go bhfuil an fhís atá ag an eagraíocht “thar a bheith tarraingteach” ach go gcaithfidh siad a bheith “muiníneach agus cróga go leor an fhís sin a scaipeadh”.
Thug sé moladh mór d’Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus baill eile de chuid an Chonartha a thagadh aneas agus a sheasadh le pobal Gaeilge Bhéal Feirste “nuair nach raibh ach cúpla dosaen daoine ar an tsráid ag agóidí Gaeilge” thart ar fhiche bliain ó shin. Ghabh sé buíochas freisin lena réamhtheachtaí Íte Ní Chionnaith a “bhrúigh bille cearta teanga do na Sé Chontae chun cinn” agus í ina huachtarán sna 1980idí.
Dúirt sé go bhfuil “obair ollmhór” le déanamh ag an gConradh idir seo agus Ard-Fheis na bliana seo chugainn, a bheidh á reáchtáil ina chathair dhúchais, agus dúirt sé go bhfuil “lúcháir” air gurb é an téama a bheidh ag an Ard-Fheis sin ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: ag tógáil Tír nua do na glúnta atá le teacht”.
Is é Mac Giolla Bhéin an 37ú huachtarán ar an gConradh agus an cúigiú huachtarán a rugadh sa Tuaisceart. Ba as Béal Feirste Albert Fry agus Gearóid Ó Cairealláin, ba as Ard Mhacha PT Mac Ruairí, agus is as contae an Dúin Niall Comer. Rugadh Eoin Mac Néill, duine de bhunaitheoirí an Chonartha agus an dara huachtarán ar an eagraíocht, i gcontae Aontroma breis agus leathchéad bliain roimh an gcríochdheighilt.
D’fhógair Aire na Gaeltachta Dara Calleary le linn na hArd-Fheise go bhfuil €3.2m de mhaoiniú ceadaithe d’Oifig na nOibreacha Poiblí aige chun tús a chur le hathfhorbairt ar cheannáras Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá sé mar aidhm leis an togra seo an foirgneamh a fhorbairt mar lárionad don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Le haghaidh réamhoibreacha agus obair phleanála a ceadaíodh an deontas nua ionas go mbeifear réidh le tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt in 2026.
Bronnadh Gradam an Uachtarán ar an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ag an Ard-Fheis i Loch Garman chomh maith.
Bronntar an gradam ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus roghnaíodh Ó Cuív, a d’éirigh as an bpolaitíocht roimh an Nollaig, tar éis dó breis is 30 bliain a chaitheamh ina Theachta Dála.
Dúirt Paula Melvin gur “mór an onóir” di féin agus don Chonradh an gradam a bhronnadh ar Ó Cuív, “fear a chaith a shaol ag troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Agus é ina Aire na Gaeltachta bhí Éamon Ó Cuív freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.
“Am ar bith a raibh cuidiú nó comhairle de dhíth orainne mar Chonradh, bhí doras Éamoin i gcónaí oscailte, agus bhí sé i gcónaí sásta a chuid ama agus saineolais a roinnt linn,” a dúirt Melvin.
Toghadh Coiste nua Gnó ag an Ard-Fheis freisin. Toghtar dháréag ó na craobhacha, beirt bhall aonair, agus beirt ó na craobhacha comhpháirteacha ag an Ard-Fheis. Bíonn ionadaithe eile ar an gCoiste Gnó a chuireann na coistí cúige agus coistí contae chun cinn; agus ionadaithe ó Sheachtain na Gaeilge, ón gCoimisiún le Rincí Gaelacha, agus ó Ógras. Bíonn an tUachtarán ina bhall den Choiste Gnó freisin.
Is iad seo na sé dhuine dhéag a toghadh i Loch Garman ag an deireadh seachtaine:
John Prendergast (Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne)
Mairéad Ní Fhátharta (Craobh Inis Meáin)
Liam Ó hÓgáin (An Chuallacht, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh)
Róisín Nic Liam (Craobh Alumni)
Pádraig Fhia Ó Mathúna (Coiste Ceantair Bhéal Feirste)
Pádraig Ó Foghlú (Craobh 1916)
Pádraig Mac Brádaigh (Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide)
Áine Ní Dhonnaile (Cumann Gaelach Ollscoil na Gaillimhe)
Erin Mac an tSaoir (An Ardchraobh)
Conchúr Ó Fearáin (Gaelphobal Ard Mhacha Theas)
Julieanne Ní Mhullaoidh (An Líonra Alumni)
Rónán Mistéil (An Ardchraobh)
Bláithín Nic a tSíthigh (Ball Aonair)
Faye Ní Dhomhnaill (Ball Aonair)
Éadaoin Ó Snodaigh (na craobhacha comhpháirteacha)
Eibhlín Nic Cormaic (na craobhacha comhpháirteacha)
Fág freagra ar 'Uachtarán agus Coiste Gnó nua tofa ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'